Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Caomhnóir Sinsearach - An Chartlann Náisiúnta

Tá iarratais ó iarrthóirí oiriúnacha chun poist don phost Caomhnóir Sinsearach a líonadh ar bhonn buan sa Chartlann Náisiúnta á lorg ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá an Chartlann Náisiúnta lonnaithe ar Shráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8.

Comhlacht reachtúil laistigh den Státseirbhís is ea an Chartlann Náisiúnta atá freagrach as taifid chartlainne an rialtais láir, lena n-áirítear Ranna Stáit, na cúirteanna agus réimse comhlachtaí Stáit eile, a chaomhnú agus a chur ar fáil don phobal. Bunaíodh í sa bhliain 1988, nuair a tháinig an tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986 i bhfeidhm. Feidhmíonn an Chartlann Náisiúnta faoi rialú agus bainistiú an Stiúrthóra, a cheapann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus a fhreagraíonn di.

Faoi láthair, tá an Chartlann Náisiúnta ag féachaint le caomhnóirí cuícháilithe a fhostú a bhfuil spéis acu sna taifid atá ina cuid bailiúcháin a chaomhnú agus a chosaint.

Faoi cheannas an Chaomhnóra Shinsearaigh, is é ról na Roinne Caomhnaithe oibriú ar fud gach rannáin san eagraíocht lena chinntiú go bhfuil ár mbailiúcháin faoi réir obair chaomhnaithe agus chosanta ar bhonn leanúnach mar aon le cinnte a dhéanamh de go ndéantar suirbhéireacht ar shealbhúcháin nua sula dtugtar faoi aon obair chartlainne agus go n-ionchuirtear ina stóráil agus cothabháil fhadtréimhseach freisin. Chomh maith leis sin, glacann an Roinn Caomhnaithe páirt sna tionscadail dhigitithe ar fad.

Tríd an gcomórtas seo, táthar ag súil go líonfar roinnt poist ar bhonn buan.

Áirítear an méid a leanas le dualgais an Chaomhnóra Shinsearaigh sa Chartlann Náisiúnta ach níl sé teoranta dóibh:

  • Clár de riachtanais caomhnaithe coiscthigh a fhorbairt, a chothabháil agus a stiúradh agus cláir oibre pleanáilte a cheapadh ina bhfuil critéir tosaíochta soiléire bunaithe ar spriocanna agus cuspóirí straitéiseacha;
  • I gcomhar leis an gCoimeádaí (Seirbhísí Poiblí agus Bailiúcháin), obair a aithníodh sa chlár oibre bliantúil a fhorbairt i chomhréir le spriocanna agus cuspóirí straitéiseacha;
  • Measúnaithe ar bhail agus suirbhéanna a chur i gcrích ar earraí agus bailiúcháin, agus comhairle a chur ar fáil maidir le riachtanais agus roghanna i ndáil le caomhnú;
  • Réitigh inmharthana agus inbhuanaithe a fhorbairt go sonrach do bhailiúcháin na Cartlainne Náisiúnta agus cóireálacha caomhnaithe a chur i gcrích de réir caighdeáin ghairmiúla;
  • Sreafaí oibre a comhordú agus feidhmiú laethúil an tseomra oibre caomhnaithe a bhainistiú.
  • Cóireálacha caomhnaithe casta a chur i gcrích agus a dhoiciméadú ar earraí áirithe sa bhailiúchán de réir clár oibre comhaontaithe agus maoirseacht a dhéanamh ar an obair chaomhnaithe ar fad;
  • Ábhar a mheasúnú agus a ullmhú le haghaidh digitiú;
  • Láithreacha, ábhair agus trealamh oibre caomhnaithe a bhainistiú, lena n-áirítear freagracht i leith slándáil agus cláir de shubstaintí rialaithe agus ceisteanna a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht; d’fhonn soláthairtí a bhainistiú;
  • Comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil do ranna agus comhlachtaí a clúdaítear faoin Acht um Chartlann Náisiúnta;
  • Cuidiú le beartas agus tuarascáil bhliantúil a dhréachtú;
  • Comhairle, treoir agus oiliúint a chur ar fáil maidir leis an dea-chleachtas nuair is cuí i ndáil le bailiúcháin a bhainistiú, a stóráil agus a láimhseáil, lena n-áirítear taispeántais
  • Obair, oiliúint agus forbairt scileanna baill foirne caomhnaithe agus daoine eile a bhainistiú de réir mar is cuí;
  • Dul i gcomhairle le hobair atá maoinithe go seachtrach agus comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil ina leith agus dearbhú cáilíochta maidir le hobair caomhnóirí ar conradh a bhainistiú agus a chur i gcrích;
  • A bheith i gceannas ar mhonatóireacht timpeallachta a dhéanamh ar áitreabh na Cartlainne Náisiúnta agus ar shaoráidí stórála lasmuigh den láthair d’fhonn idirghabháil a mholadh agus a dhéanamh de réir mar is gá;

Plean Athshlánaithe i gCás Tubaiste na Cartlainne Náisiúnta a chothabháil agus ról ceannasach a ghlacadh maidir leis an bplean a chur i bhfeidhm i gcás teagmhais éigeandála;

  • A bheith mar ionadaí maidir le hobair na roinne trí láithreán gréasáin na Cartlainne Náisiúnta agus ardáin na meán sóisialta, agus oibriú le heagraíochtaí gairmiúla ábhartha;
  • Cur leis an gCartlann Náisiúnta ar líonraí/tionscadail sheachtracha agus ionadaíocht a dhéanamh uirthi nuair is cuí;
  • Dualgas eile ar bith a aithníonn Coimeádaí na Seirbhísí Poiblí & Bailiúcháin.

Leabhrán Faisnéise

Déan an leabhrán faisnéise atá ceangailte leis seo a íoslódáil chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hincháilitheacht agus riachtanais.

Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí
Amharc amharc

Foirm Iarratais

Dá mba maith leat iarratas a dhéanamh ar phost, íoslódáil an fhoirm iarratais atá faoi iamh.

Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe agat, is féidir í a sheoladh ar aghaidh ar ríomhphost chuig Personnel@tcagsm.gov.ie

Ní mór gach iarratas a bheith faighte ag an Roinn tráth nach déanaí ná 12:00 Dé Máirt an 19 Aibreán 2022.

Foirm Iarratais - Caomhnóir Sinsearach
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Mura bhfuil tú ábalta cóip den fhoirm iarratais nó den leabhrán faisnéise a íoslódáil, seol iarraidh chuig an seoladh ríomhphoist thuas agus cuirfimid cóip chugat ar ríomhphost.

Ba chóir d'iarratasóirí a thabhairt ar aird go gcuirfear iarratasóirí a n-éireoidh leo san agallamh ar phainéal ónar féidir ceapacháin a dhéanamh de réir mar a thagann siad chun cinn.

Ráiteas Príobháideachais

Féach an ráiteas príobháideachais faoi iamh maidir le sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil i ndáil leis an gcomórtas seo.

Ráiteas Príobháideachais
Amharc amharc