Deontais agus Maoiniú
- Foilsithe: 1 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Scéimeanna atá ann faoi láthair
- Áirítear ar na coinníollacha agus ar na haidhmeanna maidir leis an scéim:
- Sruth D – Scéim Caipitil Cultúir 2019-2022
Scéimeanna atá ann faoi láthair
An Scéim Cúnta maidir le Taibhléiriú Beo
Tar éis don Aire Catherine Martin, T.D, é a fhógairt, tá “Scéim Cúnta maidir le Taibhléiriú Beo" seolta chun cuidiú le tionscnóirí agus léiritheoirí tráchtála ealaíontóirí, ceoltóirí, oirfidigh, teicneoirí agus daoine eile den fhoireann cúnta a fhostú maidir le taibhréimeanna beo a bhféadfadh gá ina dhiaidh sin lena gciorrú, lena gcur ar ceal nó lena gcur ar atráth mar gheall ar Covid-19. Is í an phríomhchuspóir atá leis an “Scéim Cúnta maidir le Taibhléiriú Beo” cúnamh a thabhairt d'ionaid tráchtála, do léiritheoirí agus do thionscnóirí fostaíocht a chur ar fáil do dhaoine a oibríonn i dtionscail na cruthaitheachta an tráth céanna a léirítear taibhréimeanna beo ar ardchaighdeán don phobal.
Tá sé rídheacair faoi láthair ag tionscnóirí tionscadail an scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm an tráth céanna a mbeadh taibhléiriú beo á chur ar siúl ar bhonn tráchtála. Tá lucht na hearnála ag obair go forbheartach ar bhearta a chur i bhfeidhm a d'fhágfadh go bhféadfaí imeachtaí a chur ar siúl a luaithe a bheadh sin sábháilte, praiticiúil agus indéanta ó thaobh cúrsaí tráchtála agus eile; tá d'aidhm leis an scéim seo cúnamh a thabhairt d'earnáil na dtaibhréimeanna beo sin a thabhairt i gcrích.
Áirítear ar na coinníollacha agus ar na haidhmeanna maidir leis an scéim:
- Cuidiú le hionaid, tionscnóirí agus léiritheoirí seanbhunaithe, nach iondúil le cistí poiblí a fháil, deiseanna fostaíochta a chur ar fáil i rith phaindéim Covid-19,
- A thabhairt gur féidir dul ar aghaidh le taibhréimeanna beo an tráth a bhfuil srianta maidir le líon na dticéad mar gheall ar phaindéim Covid-19 agus gá dá réir le cabhair airgid ionas gur indéanta taibhréimeanna beo a chur ar siúl,
- Cúnamh airgid a chur ar fáil chun costas breise léiriúcháin mar gheall ar Covid-19 a thabhairt isteach,
- Is féidir le hiarratasóir cur isteach ar dheontas idir €10,000 agus uasteorainn €800,000 ar bhonn cistí meaitseála agus sin a úsáid chun céatadán den chostas incháilithe a íoc,
- Is bunaithe ar shonraisc íoctha a dhéanfar gach deontas a íoc ach d'fhéadfadh an Roinn ceist maidir le réamhíocaíocht ar sciar den deontas a thabhairt faoi mheas i gcásanna áirithe,
- Ní mheasfar níos mó ná aon iarratas amháin ó ionad, ó léiritheoir nó ó thionscnóir
- Ar an ríomhphost amháin, chuig an seoladh liveperformance@chg.gov.ie agus roimh 1 i.n. an 25 *Meán Fómhair 2020 a bheidh glacadh le hiarratais.
- Féach sonraí iomlána sna Treoirlínte agus ar an bhFoirm Iarratais maidir leis an Scéim thíos
Sruth D – Scéim Caipitil Cultúir 2019-2022
I ndiaidh an fhógra ón Aire Catherine Martin, T.D, soláthrófar raon beart um maoiniú caipitil chun cuidiú le hathoscailt amharclann, ionad ealaíon agus cultúir faoi Shruth D den Scéim Caipitil Cultúir 2019-2022 mar chuid de Thionscadal Éire 2040 –Infheistíocht a Dhéanamh inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht. Ceapadh na bearta sin chun tacú le saoráidí ealaíon agus cultúir maidir le hullmhú do bhaill foirne, ealaíontóirí agus lucht féachana/éisteachta chun filleadh ar ionaid ar aon dul le Treochlár an Rialtais agus an Prótacal ‘An tSochaí a Athoscailt’ agus an Prótacal Sábháilteachta um Filleadh ar an Obair. Tá ardleibhéal solúbthachta i gceist a chuirfear le próisis chinnteoireachta thráthúla lena mbeidh eagraíochtaí ábalta oiriúnuithe caipitiúla is gá ar a bhfoirgnimh a dhéanamh láithreach ionas gur féidir leo cloí le bearta cosanta um shláinte phoiblí maidir le COVID-19 an FSS.
Is féidir le heagraíochtaí ag a bhfuil deontais caipitil iarratas a dhéanamh láithreach ar ríomhphost chuig artscapitalunit@chg.gov.ie maidir le hathearraíocht a bhaint as cuid den deontas nó an deontas ar fad i gcomhair oibreacha agus trealamh atá riachtanach le hathoscailt. Is féidir le heagraíochtaí iarratas a dhéanamh chun athearraíocht a bhaint as suas le €10,000 dá ndeontas ar féidir é a úsáid chun costais incháilithe a íoc ag ráta maoinithe 90% nó suas le €5,000 nach mbeidh cistiú meaitseála ag teastáil ina leith. Tabharfar an maoiniú athearraíochta a theastaigh don bhunchuspóir maidir leis an deontas ar ais nuair a bheidh sé de dhíth níos déanaí.
Beidh eagraíochtaí nach bhfuil deontas caipitil acu ábalta iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ón Máirt an 14 Iúil 2020 faoi Shruth D den Scéim Caipitil Cultúir le coinníollacha mar a leanas:
- Beidh maoiniú ar fáil d’eagraíochtaí seachbhrabúsacha ag a bhfuil sainchúram ealaíon agus cultúir atá leagtha amach go soiléir;
- Áirítear ar shaoráidí incháilithe gailearaithe, ionaid ealaíon atá faoi bhainistiú gairmiúil, músaeim, ionaid oidhreachta, stiúideonna, cartlanna, spásanna léirithe agus cruthaitheacha;
- Is féidir le heagraíochtaí iarratas a dhéanamh ar dheontas suas le €10,000 ar féidir é a úsáid chun costais incháilithe a íoc ag ráta maoinithe 90%;
- Mar rogha eile, is féidir le heagraíochtaí iarratas a dhéanamh ar dheontas €5,000 nach mbeidh cistiú meaitseála ag teastáil ina leith;
- Íocfar na deontais ar fad amach ar bhonn na sonrasc íoctha;
- I gcúinsí eisceachtúla, d’fhéadfaí uasteorainn an €10,000 a shárú i gcás gur féidir cás láidir a dhéanamh i gcomhair deontas níos airde agus déanfar iad sin a mheas de réir an cháis;
- Beidh an scéim i bhfeidhm ar feadh thréimhse na géarchéime coróinvíris, ag tosú an 12 Márta 2020 agus is féidir le heagraíochtaí iarratais a dhéanamh ag am ar bith le linn na géarchéime i.e. ní bheidh spriocdháta ar bith ann;
- Déanfar iarratais a mheas agus déanfar cinntí de réir mar a gheobhaidh Aonad Ealaíon, Scannán agus Infheistíochta na Roinne iad. Is é an sprioc-aga slánúcháin chun athearraíocht a bhaint ná 3 lá agus sprioc 14 lá do dheontais úra;
- Ní ghlacfar le hiarratais ar bith ó eagraíochtaí tráchtála, údaráis áitiúla, scoileanna, coláistí ná BOOnna;
- Ní ghlacfar ach le hiarratais ar ríomhphost chuig artscapitalunit@chg.gov.ie Féach na Treoirlínte maidir leis an Scéim chun sonraí iomlána agus an Fhoirm Iarratais a fháil thíos, ar fáil ón 14 Iúil 2020.