Oifigeach Seirbhísí - Cill Airne
- Foilsithe: 2 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag iarraidh painéal de dhaoine atá cáilithe go cuí a bhunú chun folúntais a d’fhéadfadh teacht chun cinn don phost Oifigeach Seirbhísí a líonadh ina cuid oifigí i gCill Airne, Co. Chiarraí.
Tá de mhisean ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ceannródaíocht a dhéanamh maidir le forbairt inmharthana ar chúrsaí Turasóireachta, Meán Cumarsáide agus Gaeltachta agus rannpháirtíocht a chothú i mbeartaíocht Cultúir, Ealaíon, Spóirt agus maidir leis an nGaeilge ionas go dtreisítear leis an dul chun cinn sóisialta agus go gcuirtear leis an bhforás cultúir agus eacnamaíochta i saol na hÉireann.
An Ról
Beidh dualgais mar seo a leanas san áireamh leis an ról a dhéanann Oifigeach Seirbhísí sa Roinn:
- An t-áras a oscailt agus a dhúnadh agus na heochracha a choimeád taobh amuigh de na huaireanta oscailte.
- Dualgais ag an deasc fáilte, lena n-áirítear dualgais lasc-chláir teileafóin, déileáil leis an bpobal, le conraitheoirí agus le lucht seachadta.
- An post agus DX (seirbhís teachtaireachtaí dlí), an meaisín freainceála san áireamh.
- An post a bhailiú agus a scaipeadh ar fud an árais.
- Dramhábhar rúnda agus eile a bhailiú maidir le diúscairt a dhéanamh air.
- An soláthar páipéir sna meaisíní cóipeála agus priontála a sheiceáil agus a chinntiú.
- Monatóireacht maidir le hobair dheisiúcháin agus nithe den chineál sin, logáil ina leith sin agus caidreamh eile le hOifig na nOibreacha Poiblí.
- Rannpháirtíocht i ndruileanna dóiteáin a eagrú
- Seiceáil maidir le boscaí céadchabhrach agus cadhnraí dífhibrileoirí
- Monatóireacht ar úsáid an charrchlóis
- Clár a choinneáil de na daoine a thagann isteach san áras
- Cártaí svaidhpeála a eisiúint
- Bratacha a chrochadh agus a ísliú de réir mar is cuí; agus
- Dualgais eile den chineál céanna de réir mar a shonraítear ó am go chéile.
Éilítear ar an Oifigeach Seirbhísí eolas a chur freisin ar chórais bainistíochta an fhoirgnimh. Cuirtear an oiliúint is gá ina leith sin ar fáil.
Beidh na hiarratasóirí a n-éiríonn leo oiriúnach, maidir leis na gnéithe ar fada a bhaineann le hábhar, lena gceapadh sa phost. Beidh orthu aontú na dualgais a chomhlíonadh a ghabhann leis an bpost agus glacadh leis na coinníollacha a ghabhann, nó a ghabhfaidh, leis na dualgais a chomhlíonadh.