Oifigigh Phoiblí Ainmnithe

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Oifigigh Phoiblí Ainmnithe

Déantar foráil san Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Meán Fómhair 2015 go ndéanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí Clár ar líne de ghníomhaíocht bhrústocaireachta a bhunú agus a chothabháil.

Is é is cuspóir leis an gClár eolas a chur ar fáil don phobal faoi aitheantas na ndaoine sin a bhíonn ag déanamh cumarsáide le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le polasaí áirithe, cúrsaí reachtaíochta nó cinntí ionchasacha. Ní mór do bhrústocairí tuairisc a thabhairt faoina dteagmháil leis na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe.

Éilítear le hAlt 6(4) den Acht go bhfoilseoidh gach comhlacht poiblí liosta d'oifigigh phoiblí ainmnithe an chomhlachta sin. Tá dhá sprioc leis an liosta sin:

  • ligean don phobal na hoifigigh phoiblí ainmnithe a aithint
  • mar acmhainn do bhrústocairí atá ag clárú tuairisc ar an gClár agus ar gá dóibh teacht ar shonraí oifigeach poiblí ainmnithe

Is iad seo a leanas Oifigigh Phoiblí Ainmnithe na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoin reachtaíocht seo:

Na hAirí

Bord Bainistíochta

Tania Banotti, Director of the Creative Ireland Programme, tania.banotti@chg.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat