Ioncam Bunúsach do na hEalaíona
Is é príomhchuspóir na scéime um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona cabhrú le healaíontóirí atá ag maireachtáil ón láimh go dtí an béal agus cosc a chur ar dhaoine cumasacha an earnáil a fhágáil ar chúiseanna eacnamaíochta.
Beidh gá le cinneadh Rialtais maidir le scéim chomharba a thiocfaidh in áit na scéime píolótaí a thabharfar chun críche i mí Feabhra 2026.
Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona (2022 – 2026)
Nuacht maidir le hIoncam Bunúsach do na hEalaíona
Bhí rannpháirtíocht leis an earnáil ealaíon in Éirinn i bhfoirm Fóram Páirtithe Leasmhara ar an 10 Meán Fómhair 2025 agus bhí 250 ealaíontóir agus ionadaí ón earnáil ealaíon i láthair. Tá próisis chomhairliúcháin eile ar siúl chomh maith. Fuair an Chomhairliúchán Poiblí ar an scéim, a bhí oscailte i Lúnasa / Meán Fómhair 2025, breis agus 17,000 freagra.
Sa Chlár Rialtais tugann an Rialtas gealltanas go ndéanfaidh sé measúnú ar an scéim phíolótach taighde um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona chun a tionchar a uasmhéadú. D'aontaigh an Rialtas le déanaí síneadh sé mhí a chur leis an Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona chun tuilleadh meastóireachta a dhéanamh ar na sonraí, agus tabharfar an scéim phíolótach chun críche anois i mí Feabhra 2026. Tabharfaidh sé seo go leor ama freisin chun dul i mbun comhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus chun na sonraí a mheas, rud a chuirfidh bonn fianaise ar fáil don Rialtas chun cinntí a dhéanamh faoi na chéad chéimeanna eile.
Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona (2022 – 2026)
Preaseisiúintí
- Foilsithe: 5 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 30 Meán Fómhair 2025