Cuardaigh ar fad gov.ie

An Geilleagar Oíche

Tá an Geilleagar Oíche ilchisealach, a chlúdaítear réimse earnálacha agus páirtithe leasmhara a chuireann rudaí éagsúla ar fáil lena n-áirítear gníomhaíocht chultúrtha, fáilteachas, féilte, spórt, agus gníomhaíocht miondíola, leis an aidhm spás sábháilte agus slán a chur ar fáil don obair agus/nó don sóisialú. Cumasaítear Geilleagar Oíche bríomhar trí réimse poiblí dea-dheartha, réitigh iompair éifeachtacha, agus gníomhaíochtaí éagsúla a tharlaíonn ag céimeanna éagsúla d'achar ama an Gheilleagair Oíche a mhaireann ó 6i.n. go 6r.n. Ba chóir réimse gníomhaíochtaí a oireann do gach aois agus spéis a bheith i nGeilleagar Oíche maith agus ba chóir dó a bheith ina thimpeallacht fháilteach agus sholúbtha chun gnó a dhéanamh agus a bheith cruthaitheach.

Chun tacú le gealltanas sa Chlár Rialtais, bunaíodh Tascfhórsa an Gheilleagair Oíche i mí Iúil 2020 ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíonta, Gaeltachta. Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D.

Tugadh Tuarascáil Thascfhórsa an Gheilleagair Oíche faoi deara agus foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2021 ag an Rialtas í. Tá 36 moladh praiticiúil inti maidir le rialáil, ceadúnú, pleanáil, iompar, sábháilteacht, agus cur le héagsúlacht na ngníomhaíochtaí mar chuid den tairiscint oíche.

Ó foilsíodh an Tuarascáil, tá Aonad an Gheilleagair Oíche ag comhoibriú le Grúpa Forfheidhmithe Thuarascáil an Tascfhórsa, Earnáil an Gheilleagair Oíche , Comhghleacaithe Rialtais agus Gníomhaireachtaí ábhartha chun na 36 gníomh a leagtar amach sa tuarascáil a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat