Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Coiste Comhairleach ar Ionadaíocht agus Scéalta na mBan


Bunú an Choiste

I mí an Mhárta 2024, bhunaigh Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán na linne, Catherine Martin, T.D., Coiste Comhairleach nua a bheadh dírithe ar ionadaíocht ban agus scéalta ban i gcomhthéacs na bhforas cultúir náisiúnta agus na mbailiúchán náisiúnta. Tá imscrúdú á dhéanamh ag an choiste faoi conas a ndéantar eispéiris agus guthanna éagsúla ban a léiriú laistigh de na forais chultúir náisiúnta agus na bailiúcháin náisiúnta. Mar chuid dá obair, déanfaidh an Coiste Comhairleach plé le déanamh amach an féidir taispeántas tiomanta de sceálta ban a chruthú trí raon roghanna, cosúil le músaem ban, athshamhlú ar na bailiúcháin náisiúnta, nó tionscnaimh eile.

Cheap an tAire Martin an Dr Sandra Collins, Leabharlannaí na hOllscoile i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus iarStiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, chun cathaoirleacht a dhéanamh ar an Choiste Chomhairleach.

Feidhmeanna an Choiste

Is é ról an Choiste Chomhairligh ná comhairle a chur ar an Aire faoi mholtaí beartais cuí. Tá an Coiste go hiomlán neamhspleách ina obair agus a phléite. Níl sé i gceist ag an Choiste Chomhairleach béim a leagan ar scéalta aonair faoi mhná stairiúla nó comhaimseartha ar leith, ach moltaí beartais soiléire inchaingne a dhéanamh chun ionadaíocht ban a chur chun cinn.

Is iad seo a leanas Téarmaí Tagartha an Choiste Chomhairligh:

• Múnlaí dea-chleachtais a aithint i mbeartas cultúir thar lear, lenar féidir tacú leis na Forais Chultúir Náisiúnta chun cinntiú go léirítear scéalta ban go cuí agus oidhreacht chultúir á chur i láthair.

• Príomh-gheallsealbhóirí ag an leibhéal náisiúnta, uile-oileáin agus idirnáisiúnta a mhapáil.

• Teagmháil a dhéanamh le geallsealbhóirí ó raon leathan grúpaí proifisiúnta agus ionadaíocha agus eagraíochtaí pobail mar pháirt de bhreisfhorbairt na dtéarmaí tagartha.

• Teagmháil a dhéanamh le geallsealbhóirí chun dea-chleachtas a aithint in ionadaíocht scéalta ban trí eispéiris chultúir, lena n-áirítear bearta arna gcruthú ag mná a imeallaíodh go stairiúil, agus a cruthaíodh ar son na mban sin (m.sh. mná an Lucht Siúil, mná faoi mhíchumais, mná de bhunadh na hAifrice nó de bhunadh imirceach, agus mná LADTAI+).

• Tagairt do ghníomhaíocht reatha agus gníomhaíocht a rinneadh roimhe seo maidir leis an réimse seo laistigh d’Éirinn.

• Maoirseacht ar athbhreithniú ar na Bailiúcháin Náisiúnta a bhunú chun bearnaí a aithint in ionadaíocht ban agus scéalta ban, lena n-áirítear laistigh de na bailiúcháin. D’fhéadfadh a leithéid d’athbhreithniú éagsúlacht ar bhoinn eile a léiriú, in éineacht le hinscne, go háirithe ar bhonn cine (eitneacht agus bunadh náisiúnta san áireamh), ballraíochta den Lucht Siúil, aoise, reiligiúin, míchumais, gnéaschlaonta, agus stádais shocheacnamaíoch.

• Athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí an athbhreithnithe seo, measúnú a dhéanamh ar bhearnaí ar bith agus moltaí a fhorbairt bunaithe ar easnaimh den tsórt sin. D’fhéadfadh go n-áireofar air seo deiseanna a aithint trí cheannacháin, taispeántais agus cláir oideachasúla.

• Iniúchadh a dhéanamh ar an deis chun taispeántas tiomanta do scéalta ban a chruthú laistigh de chomhthéacs na bhForas Cultúir Náisiúnta agus na mBailiúchán Náisiúnta, de réir riachtanas na dTreoirlínte Infreastruchtúir.

• Moltaí a ullmhú, nuair is gá, don Aire ar ghníomhaíochtaí chun tacú le cur i bhfeidhm na comhairle beartais.

Déanfaidh an Coiste tuarascáil ar a obair le linn 2025.

Má tá ceisteanna ar bith maidir le hobair an Choiste Chomhairligh um Scéalta Ban, déan teagmháil le womensstories@tcagsm.gov.ie

Comhaltas an Choiste

Tá na comhaltaí a ceapadh ar an Choiste Chomhairleach liostaithe thíos, le tuilleadh sonraí ar fáil [link broken].

• Dr Sandra Collins (Cathaoirleach)

• Dr Síobhra Aiken

• Dr Zélie Asava

• Annie Fletcher

• Áine Kerr

• Sara Lammens

• Dr Mary McAuliffe

• Chandrika Narayanan-Mohan

• Colm O'Callaghan

• Orla O'Connor

• Lynn Scarff

• Sinead Copeland

• Jane Ann Duffy

• Oein DeBhairduin

• Rosemary Collier

Snáitheanna agus Foghrúpaí an Chláir Oibre

Mar chuid dá gcuid oibre, d’aithin an Coiste Comhairleach na snáitheanna clár oibre thíos:

• Tuarascáil neamhspleách a choimisiúnú chun samhlacha dea-chleachtais reatha ionadaíochta laistigh de thírdhreach an bheartais chultúir go hidirnáisiúnta a aithint agus a athbhreithniú.

• Dul i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear grúpaí éagsúla gairmiúla, abhcóideachta, ionadaíocha agus pobail, agus páirtithe leasmhara eile.

• Tacú leis na forais náisiúnta culúir agus iad ag athbhreithniú na mbailiúchán náisiúnta chun a aithint cá bhfuil bearnaí i léiriú scéalta na mban, ina n-éagsúlacht go léir. Bhunaigh an Cathaoirleach foghrúpa chun scrúdú a dhéanamh ar roghanna chun tacú leis na forais náisiúnta cultúir san obair seo. Seo thíos liosta de bhaill an fhoghrúpa:

Lynn Scarff (Cathaoirleach)

Annie Fletcher

An Dr Mary McAuliffe

Orlaith McBride

An Dr Rosaleen McDonagh

Gina O’Kelly

Eithne Verling

• Scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann cur i láthair tiomnaithe ar scéalta na mban a fhorbairt, lena n-áirítear músaem na mban, de réir na dTreoirlínte Infrastruchtúir arna bhfoilsiú ag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadadh agus Athchóiriú an PFN. Bhunaigh an Cathaoirleach foghrúpa le bheith i gceannas ar an ngné seo den chlár oibre. Seo thíos liosta de bhaill an fhoghrúpa:

Áine Kerr (Cathaoirleach)

An Dr Mary McAuliffe (Leas-Chathaoirleach)

Aileesh Carew

Rosemary Collier

Lar Joye

Colm O’Callaghan

Simon O’Connor

Cruinnithe an Choiste

Tuarascáil an Choiste Chomhairligh ar Ionadaíocht agus Scéalta na mBan

Chuir an Coiste Comhairleach ar Ionadaíocht agus Scéalta na mBan a dtuarascáil faoi bhráid an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt an 22 Deireadh Fómhair 2025. Leagtar amach sa tuarascáil seo 31 moladh chun ionadaíocht na mban agus scéalta na mban a chur chun cinn, agus béim ar leith á leagan ar ghrúpaí faoi ghannionadaíocht agus ar ghrúpaí imeallaithe. I measc na moltaí tá bearta chun aghaidh a thabhairt ar bheartais, ar mhaoiniú agus ar neamhionannais struchtúracha ar fud earnáil an chultúir; bearta chun comhpháirtíochtaí tacaíochta a thógáil; tacaíochtaí feabhsaithe do na Forais Chultúir Náisiúnta agus d’fhorais bhailithe agus chultúir eile; agus iarsmalann bhuan na mban a fhorbairt. Eagraítear na moltaí faoi 8 dtéama leathana agus tá sé beartaithe go mbeidh siad ina gcuidiú ar fud an iliomad disciplíní cultúrtha, foirmeacha ealaíne agus bailiúchán – go náisiúnta, go réigiúnach agus laistigh de phobail áitiúla. Tá neart taighde, comhairliúcháin agus bailithe faisnéise déanta ag an gCoiste Comhairleach le 18 mí anuas mar bhonn taca leo. Ghlac an Coiste Comhairleach cur chuige cuimsitheach le linn an phróisis seo, bunaithe ar phrionsabail an chomhionannais inscne agus ar sholáthar na nAchtanna um Chomhionannas in Éirinn.

Tuarascáil Taighde le CHL & Associates

Le linn a chuid oibre, leag an Coiste Comhairleach an-bhéim ar mholtaí atá bunaithe ar fhianaise, ag tarraingt ar an taighde agus ar an anailís a bailíodh trí na snáitheanna éagsúla den chlár oibre. Cheap an Roinn CHL & Associates chun tuarascáil neamhspleách taighde a sholáthar don Choiste Comhairleach ar shamhlacha ionadaíochta laistigh den bheartas cultúir. Ghlac na húdair cur chuige iomlánaíoch, lena ndearnadh athbhreithniú ar chás-staidéir dea-chleachtais, chomh maith le straitéisí, beartais, cláir agus taighde, in Éirinn agus thar lear.

Rinne CHL & Associates breithniú ar ról na rialtas agus na ngníomhaireachtaí reachtúla, chomh maith le típeolaíochtaí éagsúla amhail 1) treoirthionscadail, 2) cuir chuige chomhchruthaitheacha, 3) cuir chuige a bhaineann go sonrach le hearnáil, 4) ról na habhcóideachta neamhspleáiche nó na gcomhlachtaí taighde, agus 5) cur chuige ó bharr anuas, lena n-áirítear trí reachtaíocht. Tugadh cuntas ina a dtuarascáil ar thírdhreach agus struchtúir chultúrtha na hÉireann, chun idirnaisc agus deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann a fhiosrú. Rinne CHL & Associates scrúdú freisin ar chás-staidéir shonracha institiúideacha agus ó thaithí thar lear a dhírigh ar ionadaíocht inscne agus a raibh tionchair dhearfacha acu ó thaobh caighdeáin agus fadsaolaí de. D'fhéach siad le tuiscint a fháil ar an méid nár éirigh go maith leis roimhe seo agus na cúiseanna leis sin. Díríodh sa tuarascáil ar 6 chás-staidéar:

  • Leabharlann Ban Glaschú [Albain];
  • Músaem Køn [Aarhus, an Danmhairg];
  • Kvinnemuseet [Kongsvinger, an Iorua];
  • ‘Anois feiceann tú sinn: Women Artists in Britain 1520-1920’ i nDánlann an Tate [An Ríocht Aontaithe];
  • Músaem Staire Mhná Mheiriceá Smithsonian [Washington DC, SAM]; agus
  • ‘Kvinnohistoriska’ – Músaem Stair na mBan i Stócólm [an tSualainn].

Tuarascáil ar Thorthaí an Chomhairliúcháin Oscailte

Ba bhunchloch é comhairliúchán, lena n-áirítear le grúpaí faoi ghannionadaíocht agus grúpaí imeallaithe, le haghaidh obair an Choiste Chomhairligh, chun tuairimí agus dearcthaí éagsúla a éascú, go háirithe tuairimí na ndaoine sin nach bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste Comhairleach. Gné amháin den phróiseas comhairliúcháin is ea suirbhé oscailte ar líne, arna riar ag an Roinn. Is é seo an tuarascáil ar an gcomhairliúchán oscailte agus a thorthaí.

Leagadh béim sa chomhairliúchán oscailte ar an dul chun cinn atá déanta cheana féin maidir le léiriú a thabhairt ar ghnéithe de scéalta, de thaithí agus de thionchar na mban. Mar sin féin, léiríodh sna torthaí freisin nach ndéantar ionadaíocht chomhionann ar mhná ar fud earnáil an chultúir agus na mbailiúchán náisiúnta, agus na tionchair dhiúltacha a bhí aige sin. Sainaithníodh sna freagraí go bhfuil acmhainneacht mhór ann chun na hiarrachtaí atá ann cheana a leathnú agus chun cur chuige nuálach a fhorbairt chun cur leis an dul chun cinn.

Preasráitis

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat