An Geilleagar Oíche - Scéim Iar-Ama san Iarsmalann 2026

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Geilleagar Oíche - Scéim Iar-Ama san Iarsmalann 2026


Réamhrá

Tá ról tábhachtach ag iarsmalanna agus dánlann sa Gheilleagar Oíche ós rud é go gcuireann siad spásanna/saoráidí uathúla ar fáil le haghaidh cineálacha gníomhaíochta cultúrtha ionchuimsitheacha agus ilghnéitheacha níos deireanaí sa tráthnóna agus san oíche. Is féidir leis na spásanna cultúrtha tábhachtacha seo inár bpobail áitiúla cabhrú le rannpháirtíocht phobail, muintearas a chothú agus eispéiris fhiúntacha a chruthú.

Sa bhliain 2023, chuir an roinn maoiniú ar fáil do na hiarsmalanna agus na dánlanna chun síneadh a chur le huaireanta oscailte a n-imeachtaí agus deis a sholáthar chun a fhéachaint an raibh éileamh ina gceantar le haghaidh imeachtaí níos deireanaí. Mar chuid den scéim, léiríodh a éifeachtaí is a bhí sé na cineálacha seo spásanna cultúrtha a úsáid san oíche, rud a raibh an-ráchairt air, agus léirigh an-chuid de na hiarsmalanna agus dánlanna beaga réigiúnacha ar fud na tíre go mbeidís sásta níos mó a dhéanamh ach go mbeadh tuilleadh tacaíochta de dhíth chun a gclár tráthnóna agus oíche a dhaingniú agus a chur chun cinn.

Chun tacú leis an ngealltanas don Gheilleagar Oíche i gClár an Rialtais, agus le mian an Tascfhórsa Geilleagair Oíche a rinne stocaireacht ar son gníomhaíocht níos ilghnéithí agus níos ionchuimsithí san oíche nach bhfuil ag brath ar alcól a dhíol agus a ól, forbraíodh an dara leagan den scéim sin.

Tríd an scéim seo, tacófar le hiarsmalanna agus dánlanna ar fud na tíre, atá ina mbaill de Chumann Músaem na hÉireann agus an Clár um Chaighdeáin Músaem in Éirinn, oscailt níos deireanaí.

I gcomhar leis an scéim deontais, tá an roinn ag tacú le treoirthionscnamh oíche dhéanach Déardaoin a mhairfidh 10 mí ar an Déardaoin deireanach den mhí i mBaile Átha Cliath i gcomhpháirtíocht le Comhairle Bhaile Átha Cliath, Comhairleoir Oíche Bhaile Átha Cliath, Fáilte Ireland agus Dublin Town. Beidh ról ceannaireachta lárnach ag na Forais Chultúir Náisiúnta maidir le himeachtaí cultúrtha ilghnéitheacha a eagrú ar an Déardaoin deireanach den mhí agus oibreoidh siad le chéile le cinntiú go mbeidh raon leathan imeachtaí ar an oíche, tús á gcur leo ag 5pm agus rachaidh siad ar aghaidh go dtí níos deireanaí san oíche. Déanfar an tionscnamh seo a bhrandáil agus cuirfear é chun cinn trí mheáin shóisialta éagsúla, cláir fógraí dhigiteacha agus raidió, agus tacóidh na comhpháirtithe leis. Beidh na hionaid a bheidh rannpháirteach sa tionscnamh seo san áireamh i ngach gné de mhargaíocht agus cur chun cinn an imeachta seo.

Chun tacú leis an tionscnamh seo agus chun é a spreagadh, beidh iarratais ó ionaid i lár Chathair Bhaile Átha Cliath de dhíth chun imeachtaí a eagrú a tharlóidh ag an am céanna le tionscnamh Oíche Dhéanach Déardaoin, a sheolfar ar an Déardaoin deireanach i mí Aibreáin. Chun críocha na scéime seo, is ionann Lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus an limistéar atá idir an dá chanáil.

Gnéithe na Scéime

- Beidh suim nach mó ná €8,000 ar fáil chun oscailt níos deireanaí. Beidh iarratais le haghaidh maoiniú ar oscailt d’iarsmalanna agus dánlanna atá mar bhaill Institiúideach de Chumann Músaem na hÉireann (CMÉ) agus/nó an Clár um Chaighdeáin Músaem in Éirinn (CCMÉ).

- Oibreofar an scéim ar bhonn cistiú meaitseála (85:15), ina mbeidh ar an iarratasóir 15% de na costais bheartaithe a chur ar fáil.

- Déanfar gach íocaíocht deontais bunaithe ar na sonraisc íoctha a chuirtear isteach (bonn dliteanas aibithe). Níl réamh-mhaoiniú ar fáil faoin Scéim seo.

Coinníollacha na Scéime

- Ní mór d’iarratasóirí gealltanas a thabhairt go n-osclóidh siad i ndiaidh 5pm agus go bhfanfaidh siad ar oscailt go dtí 9pm.

- Ní gá go mbeidh na himeachtaí saor in aisce. Is féidir leis na hionaid táille iontrála a ghearradh, ach an oiread agus is féidir ba chóir costais a choinneáil íseal chun an rannpháirtíocht agus an ionchuimsitheacht is mó a chinntiú.

- Má tá tú ag cur isteach ar an scéim ó áit éigin laistigh de Bhaile Átha Cliath, caithfidh na himeachtaí a bheith ar siúl ag an am céanna leis an Déardaoin deireanach de gach mí le go mbeidh sé i gcomhthráth le tionscnamh oíche dhéanach Déardaoin.

- Moltar d’iarratasóirí an spás a úsáid ar bhealaí nua agus moltar obair le comhpháirtithe nua chun lucht féachana nua a mhealladh chuig an spás iarsmalainne/dánlainne agus chun spreagadh do dhaoine athearraíocht a bhaint as spásanna atá sa phobal cheana féin ar mhaithe le healaíontóirí oíche déanaí agus pobail chultúrtha.

- Breithneofar iarratais ina bhfuil comhpháirtíochtaí nó comhfhiontair le haghaidh maoiniú faoi scéim.

- D’fhéadfadh iarratais ar shuimeanna níos mó ná €8k a bhreithniú i gcás ina mbeadh iarsmalann nó dánlann ag iarraidh clár imeachtaí níos uaillmhianaí a sheoladh.

- Ní féidir le hiarratasóirí ach iarratas amháin a dhéanamh ar an scéim.

- Ní mór do gach imeacht a bheith ar oscailt don phobal.

- I measc na n-imeachtaí ar féidir iad a mhaoiniú (ach níltear teoranta dóibh), tá turais tráthnóna nó oíche, ceol beo, DJ beo, damhsa (mar chuid de thaispeántas nó oscailte do rannpháirtithe!) taispeántais, léamha filíochta, seónna grinn, amharclann, scannán, podchraoltaí beo, seanchas, ranganna agus tionscnaimh folláine.

- Ní mór na cláir a fhógairt go háitiúil trí bhealaí éagsúla le cinntiú go bhfeicfidh an líon is mó daoine iad. Ní mór aitheantas a thabhairt do thacaíocht na Roinne i ngach fógraíocht phoiblí.

- Chun cabhrú le tionscnamh Oíche dhéanach Déardaoin a chur chun cinn, cuirfear tuilleadh tacaíocht margaíochta agus bolscaireachta ar fáil do na hionaid i gcathair Bhaile Átha Cliath a n-éiríonn leo. Déan teagmháil le nte.museumscheme@ccs.gov.ie chun tuilleadh eolais a fháil. Má éiríonn leis, cuirfear tuilleadh faisnéise ar fáil i dtaca le margaíocht agus fógraíocht.

- Ní féidir le himeachtaí maoiniú poiblí eile a fháil ag an am céanna.

- Ceanglófar ar gach Deonaí a n-éiríonn leo ceistneoir meastóireachta a líonadh isteach i dtaca leis an scéim seo agus cistí á dtarraingt anuas acu. Fágfaidh sé seo gur féidir leis an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt (RCCS) meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtaí is atá an maoiniú agus níos mó a fhoghlaim ón treoirthionscnamh.

Tabhair do d’aire: Ní mór gach ceanglas pleanála agus ceadúnúcháin a bheith i bhfeidhm.

Measúnú

Déanfar gach iarratas a gheofar a bhreithniú agus a mheas. I measc na gcritéar a d’fhéadfaí a úsáid chuige seo tá an méid seo a leanas (ach níltear teoranta dóibh):

- Incháilitheacht – ní mór d’iarratasóirí a bheith ina mbaill de CCMÉ nó CMÉ

- A oiread agus a chomhlíonann an tionscadal critéir na scéime

- Feabhas an tionscadail

- An bhfuil an tionscadal réadúil maidir le scála, costais, cúnamh a lorgaíodh agus achar ama chun é a chur i bhfeidhm

- Luach ar Airgead.

Costais Incháilithe

I measc na gcostas a chlúdaítear (ach gan a bheith teoranta dóibh):

  • Treoraithe Turais
  • Costais foirne oíche
  • Costais Slándála
  • Árachas imeachta
  • Costais/táillí na n-ealaíontóirí, na gcainteoirí, na dtaibheoirí, na dtreoraithe turais etc. (ní mór ealaíontóirí/taibheoirí a íoc)
  • costais socraithe/stáitsithe
  • costais trealaimh Closamhairc agus trealamh a fhruiliú
  • Margaíocht agus Fógraíocht

Samhlaítear go n-úsáidfear 50% den mhaoiniú ar a laghad chun tacú le costais imeachta agus go gcaithfear an chuid eile ar chostais oibríochta.

Costais Neamh-incháilithe

I measc na gcostas nach gclúdaítear (ach gan a bheith teoranta dóibh):

  • Bia agus Deoch (alcól san áireamh)
  • Imeachtaí carthanais/tiomsaithe airgid
  • Trealamh a cheannach nó a dheisiú
  • Costais iompair (i.e. fruiliú mionbhus le haghaidh pátrún)*
  • Lóistín*
  • Fóntais
  • Tógáil nó athruithe struchtúrtha ar ionad
  • Táillí dlíthiúla agus cuntasóireachta
  • Íocaíochtaí airgid (Tá caiteachas sonrasctha arna íoc trí ríomhaistriú de dhíth chun críocha iniúchóireachta)

(*Is féidir le healaíontóirí costais taistil agus cothaithe a chur san áireamh mar chuid dá sonrasc iomlán don ionad, rudaí atá incháilithe le haghaidh maoinithe. Ní bhreithneofar admhálacha i gcomhair breosla/iompair/lóistín/bia le haghaidh maoiniú.)

Conas Iarratas a dhéanamh

Cinntigh gur léigh tú na treoirlínte seo go cúramach sula gcuireann tú tús le d’iarratas.

Is féidir cur isteach trí fhoirm iarratais ar líne ar féidir leat teacht uirthi anseo.

* Cliceáil ar chnaipe 'Cuir Tús le hIarratas Nua' agus comhlíon an fhoirm. Má chuireann an t‑iarratasóir iarratas isteach, beidh sé ag dearbhú go gcomhlíonann an t-iarratas atá á dhéanamh na critéir at a leagtha amach sna Treoirlínte don Scéim.

* Ba chóir d’iarratasóirí a chinntiú go bhfuil a bhfoirm iarratais críochnaithe ina hiomláine agus gur cuireadh an cháipéisíocht bhreise isteach léi. Ceanglófar ar an iarratasóir roinnt míreanna ar sheicliosta ar an bhfoirm iarratais a dhearbhú sula gcuireann siad an t-iarratas isteach, i measc rudaí eile, dearbhú go bhfuil an t-iarratas i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach sna Treoirlínte don scéim.

* Eiseofar ríomhphost deimhnithe ina sonrófar d’iarratas agus d’uimhir thagartha. Déan teagmháil leis an Roinn ag NTE.Museumscheme@ccs.gov.ie mura bhfaigheann tú ríomhphost deimhnithe.

* Is féidir le hiarratasóirí dréachtleagan dá gcuid iarratas a shábháil sula gcuireann siad an fhoirm iarratais dheiridh isteach – ach tabhair do d’aire nach mbreithneofar dréachtleaganacha lena bhfaomhadh. Tá sé de dhualgas ar an iarratasóir a chinntiú gur cuireadh a n-iarratas isteach.

* Bímid an-dáiríre faoi fhaisnéis atá bréagach nó míthreorach a chuirtear faoi bhráid na Roinne ag céim ar bith. Is féidir deontas a aistarraingt ó aon ghnólacht nach gcomhlíonann téarmaí agus coinníollacha na scéime, nó seans go mbeidh orthu deontas iomlán nó cuid de a aisíoc agus/nó go gcuirfear cosc orthu iarratais a dhéanamh ar feadh tréimhse ama.

* Le haghaidh ceisteanna ar bith faoin bpróiseas iarratais, cuir ríomhphost le do thoil chuig NTE.museumscheme@ccs.gov.ie

Uainiú na Scéime

Osclófar an Scéim le haghaidh iarratas ar an 10.04 2026 agus dúnfar í ar an 07.05.2026. Ní mór d’iarratasóirí cur síos soiléir a thabhairt ar na gníomhartha cultúrtha beartaithe agus an amlíne a leagan amach do gach imeacht cultúrtha a bheartaítear. Ní mór gach gníomh cultúrtha a reáchtáil roimh an 12 Samhain 2026 agus ní mór gach ciste a tharraingt anuas ag tráth nach déanaí ná an 27 Samhain 2026 chun íocaíocht a chinntiú.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas leas a bhaint as an scéim sin déan teagmháil linn ag NTE.museumscheme@ccs.gov.ie

An tAcht um Shaoráil Faisnéise

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, d’fhéadfaí sonraí atá in iarratais agus i ndoiciméid tacaíochta a eisiúint chuig tríú páirtithe, ach iad a iarraidh. Má tá faisnéis íogair i d’iarratas, le do thoil, tarraing aird uirthi agus cuir míniú ar fáil ar an bhfáth nár chóir í a nochtadh. Má fhaightear iarratas ar fhaisnéis íogair a nochtadh faoin reachtaíocht, rachfar i dteagmháil leat sula ndéanfar cinneadh chun an fhaisnéis a nochtadh nó gan í a nochtadh. Mura n-aithnítear faisnéis ar leith mar íogair áfach, d’fhéadfaí í a nochtadh gan aon chomhairliúchán leat.

Státchabhair / De Minimis

Is í an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt an tÚdarás Cúnta Deontais don Scéim, agus dearbhaíonn sí go mbeidh meas aici ar na ceanglais mhonatóireachta agus tuairiscithe i dtaca le Státchabhair.

Tá an chabhair atá á lorg á cur ar fáil faoi Threoir an Choimisiúin Eorpaigh um Chabhair De Minimis. Meastar suimeanna beaga Státchabhrach, suimeanna nach mó ná 300,000 Euro laistigh de thréimhse trí bliana ar bith, a bheith ró-íseal chun tionchar a imirt ar thrádáil nó ar iomaíocht sa chómhargadh. Meastar nach dtagann suimeanna den sórt sin laistigh de chatagóir na Státchabhrach a gcuireann an Conradh CE cosc uirthi agus is féidir iad a dhámhadh gan fógra don Choimisiún ná gan chead uaidh. Ceanglaítear ar Bhallstát meicníocht a bheith acu chun a leithéid sin de chabhair (ar a dtugtar 'cabhair De Minimis ') a rianú agus chun a chinntiú nach sáraíonn an méid comhiomlán d’íocaíochtaí cabhrach ó gach foinse d’aon fhiontar amháin i dtréimhse trí bliana ar bith an uasteorainn 300,000 Euro. Iarrfar ar iarratasóirí sonraí a chur ar fáil faoi gach cabhair De Minimis a dámhadh dá ngnólacht le trí bliana anuas. Ba chóir a thabhairt faoi deara, gur féidir cabhair a aisghabháil agus ús a ghearradh má dhéanann gnólacht dearbhú bréagach a fhágann go sáraítear an uasteorainn 300,000 Euro.

Is Cabhair De Minimis é gach maoiniú Scéim Iar-Ama san Iarsmalann agus iarrfar ar iarratasóirí a admháil go bhfuil Scéim Iar-Ama san Iarsmalann 2026 á thairiscint faoi Chabhair De Minimis trí dhearbhú go bhfuil siad ag iarraidh cur isteach ar Scéim Iar-Ama san Iarsmalann trí Rialachán De Minimis (AE) 2023/2831 ón 13 Nollaig 2023.

Ráiteas um Príobháideachas

Tá meas ag an Roinn ar do phríobháideachas agus tá an Roinn tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus baineann sí úsáid as bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí chun d’fhaisnéis a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe.

Ní phróiseálfaidh an Roinn do shonraí pearsanta ach chun na gcríoch dár bailíodh iad. D’fhéadfaí sonraí pearsanta a roinnt in imthosca áirithe le Ranna Rialtais eile, le húdaráis áitiúla, le gníomhaireachtaí atá faoi choimirce na Roinne, nó le comhlachtaí poiblí eile nuair a fhorálann an dlí é sin.

Ní choimeádfaidh an Roinn do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na gcríoch dár bailíodh iad agus dár próiseáladh iad ina dhiaidh sin.

Nuair a éagfaidh an riachtanas gnó chun an fhaisnéis sin a choimeád, scrúdófar í d’fhonn na sonraí pearsanta a scriosadh a luaithe agus is féidir, agus de réir bheartas na Roinne. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais maidir le Cosaint Sonraí ar ár suíomh gréasáin ag: https://www.gov.ie/en/organisation-information/023ba-data-protection/

Próiseas Achomhairc

Cé ar féidir leis/léi achomharc a dhéanamh:

D’fhéadfadh iarratasóir achomharc a dhéanamh má cheapann sé nó sí nár cloíodh leis an bpróiseas chun a (h)iarratas a athbhreithniú. Ba chóir go bhfuil ríomhphost cinnidh ag an iarratasóir ó Aonad an Gheilleagair Oíche chun achomharc a dhéanamh.

Conas is féidir achomharc a dhéanamh:

Ní foláir achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ón dáta atá ar an ríomhphost cinnidh. Tá sé riachtanach na forais le d’achomharc a leagan amach go soiléir i ríomhphost ar chóir é a sheoladh chuig Oifigeach Achomharc Aonad an Gheilleagair Oíche ag NTE.museumscheme@ccs.gov.ie agus "Achomharc" a lua chomh maith le d’uimhir iarratais ar líne ábhair an ríomhphoist.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat