Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Grúpa Oibre um Straitéis Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta


Cúlra

Foilsíodh an Straitéis Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta an 17 Aibreán 2025. Leagtar amach sa Straitéis 9 ngealltanas agus 36 ghníomhaíocht chun dul i ngleic le fadhb na bréagaisnéise. Bhí na gníomhaíochtaí múnlaithe ag tuairimí a fuarthas i gcomhairle leis an bpobal agus le réimse saineolaithe agus eagraíochtaí atá ag obair faoi láthair chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

Ba phríomh-mholadh de chuid Choimisiún Todhchaí na Meán é Straitéis Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta a fhorbairt, inar éilíodh cur chuige níos comhordaithe agus níos straitéisí chun dul i ngleic le tionchar díobhálach na bréagaisnéise ar shochaí agus ar dhaonlathas na hÉireann.

Bunaíodh an Grúpa Oibre a raibh sé de chúram air an Straitéis a fhorbairt i mí Feabhra 2023. Ghníomhaigh saineolaí litearthachta sna meáin mar chathaoirleach neamhspleách ar an nGrúpa Oibre, agus bhí ionadaithe ann ó Ranna Rialtais, ó chomhlachtaí poiblí, ó earnáil na tionsclaíochta, ón saol acadúil agus ón tsochaí shibhialta. Chuir an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt rúnaíocht ar fáil. Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an nGrúpa Oibre ar fáil anseo.

D’aontaigh an Grúpa Oibre go mbeadh an Straitéis Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta bunaithe ar chearta agus struchtúrtha thart ar chúig phrionsabal, eadhon athléimneacht agus iontaoibh a chothú trí thionscnaimh oideachais agus litearthachta sna meáin, tacú le hiriseoireacht neamhspleách ar ardchaighdeán, comhar agus comhoibriú méadaithe, freagraí fianaisebhunaithe, chomh maith le cuntasacht chorparáideach agus forfheidhmiú rialála.

Téarmaí Tagartha

D’aontaigh an Grúpa Oibre ar a dtéarmaí tagartha ar an 24ú Márta, agus iad bunaithe ar mholadh an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán. Leagtar amach na Téarmaí Tagartha sa doiciméad thíos.

Téarmaí Tagartha an NCDS
Amharc amharc

Miontuairiscí

2023

Feabhra

Reachtáil an Grúpa Oibre, a bhfuil sé de chúram acu an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise a fhorbairt, a gcéad chruinniú ar an 24ú Feabhra. Tá miontuairiscí an chruinnithe ceangailte thíos, chomh maith leis an chur i láthair a thug EDMO Éireann.

Miontuairiscí an Ghrúpa Oibre um Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise – 24 Feabhra 2023
Amharc amharc
Cur i Láthair EDMO - 24ú Feabhra 2023
Amharc amharc

Márta

Bhuail an Grúpa Oibre arís ar an 24 Márta. Tá miontuairiscí an chruinnithe ceangailte thíos chomh maith le cur i láthair ó Webwise agus ón Institiúid um Chomhplé Straitéiseach (ISD).

Miontuairiscí an Ghrúpa Oibre um Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise - 24 Márta 2023
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Frith-Bhréagaisnéis Náisiúnta - Buneolas ar ISD
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Cur i Láthair Bréagaisnéise de chuid Webwise
Amharc amharc

Aibreán

Bhuail an Grúpa Oibre don tríú huair ar an 20 Aibreán. Tá miontuairiscí an chruinnithe ceangailte thíos, chomh maith le cur i láthair ó FactCheck de chuid The Journal agus ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Miontuairiscí an Ghrúpa Oibre um Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise - 20 Aibreán 2023
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Buneolas ar Aonad Seiceála Fíricí de chuid The Journal
Amharc amharc
Polasaí, Saineolas agus Iontaoibh ag Obair (PERITIA)
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Bealtaine

Bhuail an Grúpa Oibre arís ar an 25 Bealtaine. Tá miontuairiscí an chruinnithe ceangailte thíos chomh maith le cur i láthair ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, ón Tionscadal VIGILANT agus ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath/Coimisiún na Meán.

Miontuairiscí an Ghrúpa Oibre um Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise - 25 Bealtaine 2023
Amharc amharc
Léargas ar VIGILANT
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Cur i Láthair don GO um Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise na hÉireann.
Amharc amharc
Cur i Láthair Bréagaisnéise Deireanach Webwise
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Meitheamh

Reáchtáladh ceardlann do gach ball den Ghrúpa Oibre agus de na Foghrúpaí ar an 8 Meitheamh (tuilleadh eolais ar na Foghrúpaí thíos). Tá miontuairiscí an chruinnithe ceangailte thíos, chomh maith le cur i láthair ón Chomhairle um Chearta an Duine (ICCL) agus ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh.

Miontuairiscí an Ghrúpa Oibre um Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise - 8 Meitheamh 2023
Amharc amharc
ICCL - Grúpa Náisiúnta um Fhrith-Bhréagaisnéis Éireann 9 Meitheamh 2023
Amharc amharc
Cur i Láthair Choláiste na hOllscoile Corcaigh
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Iúil

Bhuail an Grúpa Oibre le chéile don chúigiú huair ar an 3 Iúil. Tá miontuairiscí an chruinnithe seo sa cheangaltán thíos.

Miontuairiscí an Straitéis Náisiúnta Fhrith-Bhréagaiséise - Iúil 2023
Amharc amharc

Lúnasa

Bhuail an Grúpa Oibre le chéile don séu huair ar an 10 Lúnasa. Tá miontuairiscí an chruinnithe seo sa cheangaltán thíos.

Miontuairiscí an Straitéis Náisiúnta Fhrith-Bhréagaiséise - Lúnasa 2023
Amharc amharc

Meán Fómhair

Bhuail an Grúpa Oibre le chéile arís ar an 28 Meán Fómhair. Tá miontuairiscí an chruinnithe thíos, mar aon le cur i láthair a thug lucht an Ionaid Náisiúnta Cibearshlándála.

Miontuairiscí Cruinniú #7 an Straitéis Náisiúnta Fhrith-Bhréagaisnéise
Amharc amharc
Cur i láthair faoin Straitéis Náisiúnta Fhrith-Bhréagaisnéise NCSC
Amharc amharc

Mí Dheireadh Fómhair

Bhuail an Grúpa Oibre le chéile don ochtú huair ar an 27 Deireadh Fómhair. Tá miontuairiscí an chruinnithe thíos, mar aon le cur i láthair a thug lucht an Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Cruinniú #8 Ghrúpa Oibre an Straitéis Náisiúnta Fhrith-Bhréagaisnéise
Amharc amharc
Cur i láthair faoin Straitéis Náisiúnta Fhrith-Bhréagaisnéise RGE
Amharc amharc

Mí na Samhna

Bhuail an Grúpa Oibre le chéile arís ar an 24 Samhain. Tá miontuairiscí an chruinnithe thíos, mar aon le cur i láthair a thug lucht Hope and Courage Collective.

Cruinniú #9 Ghrúpa Oibre an Straitéis Náisiúnta Fhrith-Bhréagaisnéise
Amharc amharc
Cur i láthair H&CC
Amharc amharc

Mí na Nollag

Bhuail an Grúpa Oibre le chéile don deichiú huair ar an 15 Nollaig. Tá miontuairiscí an chruinnithe sa cheangaltán thíos.

Cruinniú Ghrúpa Oibre 10
Amharc amharc

Feabhra

Bhuail an Grúpa Oibre le chéile don aonú huair déag ar an 8 Feabhra 2024. Tá miontuairiscí an chruinnithe sa cheangaltán thíos.

Cruinniú Ghrúpa Oibre 11
Amharc amharc

Márta

Bhuail an Grúpa Oibre le chéile don aonu huair déag ar an 12 Márta 2024. Tá miontuairiscí an chruinnithe sa cheangaltán thíos mar aon le cur i láthair Chomhairle na nÓg.

Cruinniú Ghrúpa Oibre 12
Amharc amharc
Cur i láithair Chomhairle na nÓg 2024
Amharc amharc

2025

Feabhra

Bhuail an Grúpa Oibre le chéile don tríú huair déag ar an 7 Feabhra 2025. Tá miontuairiscí an chruinnithe sa cheangaltán thíos.

National Counter Disinformation Strategy Working Group Minutes – 7 February 2025
Amharc amharc

Foghrúpa

Chuir an Grúpa Oibre trí fhoghrúpa ar bun chun iniúchadh a dhéanamh ar réimsí oibre ar leith a bhaineann le bréagaisnéis agus bearta ina héadan. Tá níos mó sonraí faoi na foghrúpaí ceangailte thíos.

An Straitéis Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta Ballraíocht an fho-ghrúpa
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Straitéis Náisiúnta Frith Bhréagaisnéise Tuarascáil Fhoghrúpa 1
Amharc amharc
Straitéis Náisiúnta Frith Bhréagaisnéise Tuarascáil Fhoghrúpa 2
Amharc amharc
Straitéis Náisiúnta Frith Bhréagaisnéise Tuarascáil Fhoghrúpa 3
Amharc amharc

Comhairliúchán Poiblí

Reáchtáladh comhairliúchán poiblí scríofa ar líne ón 25 Meán Fómhair go dtí an 20 Deireadh Fómhair. Fuarthas 470 aighneacht agus rinneadh athbhreithniú ar na haighneachtaí.

Paipéar Raon Feidhme
Amharc amharc
Comhairliúchán Poiblí na Straitéise Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise
Amharc amharc
Athbhreithniú ar Aighneachtaí
Amharc amharc

Fóram Comhairliúcháin

Reáchtáladh fóram comhairliúcháin de pháirtithe leasmhara ar tugadh cuireadh dóibh ar an 29 Samhain 2023 in The Helix, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá nóta faoin imeacht agus liosta tinrimh sa cheangaltán thíos.

Fóram Comhairliúcháin
Amharc amharc

Straitéis Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta

Straitéis Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta
Amharc amharc

Cur chun feidhme

Tar éis a foilsithe i mí Aibreáin 2025, táthar ag díriú anois ar chur chun feidhme na Straitéise Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta. Féadtar teacht ar thuilleadh eolais anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat