An Scéim Tacaíochta um an Geilleagar Oíche 2022 (STGO) Treoirlínte

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Scéim Tacaíochta um an Geilleagar Oíche 2022 (STGO) Treoirlínte


Níltear ag glacadh le hiarratais ar an Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche a thuilleadh.

Tá an ciste don Scéim seo ídithe anois.

Go raibh maith agaibh as an spéis a chuir sibh sa Scéim seo.

Léigh na treoirlínte seo a leanas go cúramach sula gcomhlánóidh tú d’fhoirm iarratais.

• tugtar cuireadh anois iarratais a chur ar aghaidh maidir le híocaíocht a fháil faoin scéim seo

• beifear in ann iarratais a dhéanamh ar an scéim seo ó 1 pm an 21 Meitheamh 2022 go dtí 1pm Dé hAoine an 22 Iúil 2022 nó go dtí go mbeidh an ciste caite, cibé acu a tharlaíonn ar dtús.

• ní féidir le gnóthaí ach aon iarratas amháin a dhéanamh faoin scéim seo

Réamhrá

Is éard atá i gceist leis an ngeilleagar tráthnóna agus oíche (GTO) an ghníomhaíocht éagsúil shóisialta, chultúir gheilleagair a tharlaíonn sa tráthnóna agus san oíche.

Is í Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a bhunaigh an Tascfhórsa Geilleagair Oíche an 30 Iúil 2020 a bhí ar cheann de na príomhthosaíochtaí don Roinn agus de bhun gealltanas a leagtar amach i gClár an Rialtais.

D’fhéach an Tascfhórsa ar an nGeilleagar Oíche ar bhealach iomlánaíoch arb é ab aidhm leis éagsúlacht in imeachtaí a mhéadú, deiseanna cultúir sa tráthnóna a mhéadú do theaghlaigh agus d’aoisghrúpaí eile agus chun féachaint freisin ar bhealaí nua chun nuálaíocht agus cruthaitheacht a chur chun cinn sa Gheilleagar Oíche.

Foilsíodh an Tuarascáil Tascfhórsa Geilleagair Oíche an 15 Meán Fómhair agus tá sí le fáil ar: Report of the Night-Time Economy Taskforce

Mhol an Tascfhórsa gur cheart Scéim nua a fhorbairt chun tacú le hionaid, amhail tithe tábhairne, caiféanna, agus ionaid nach gcuireann alcól ar fáil, chun imeachtaí nua, gníomhaíochtaí agus tionscnaimh san oíche a thástáil, agus béim ar leith a chur ar uaireanta seachbhuaice, chun tuilleadh éagsúlachta in imeachtaí siamsaíochta san oíche a chur chun cinn, chun líon na gcustaiméirí a bhíonn sna bailte agus sna cathracha sa tráthnóna a mhéadú agus chun fostaíocht a chruthú d’ealaíontóirí/ do thaibheoirí, agus béim ar leith a chur ar thaibheoirí nua agus ar thaibheoirí atá ag teacht chun cinn. Aithníonn an Tascfhórsa freisin go bhfuil gá ann tuilleadh éagsúlachta agus uileghabhálachta a bheith i nGeilleagar Oíche na tíre seo agus nuair a bhíonn cothromaíocht ann idir imeachtaí ag a mbíonn alcól ar fáil agus imeachtaí nach gcuirtear alcól ar fáil acu, cinntítear gur féidir le déimeagrafach níos leithne páirt a ghlacadh sa Gheilleagar Oíche.

Táthar ag súil go gcuideoidh an Scéim seo leis an earnáil seo i nGeilleagar Tráthnóna agus Oíche atá gníomhach, rathúil, agus inbhuanaithe a fhorbairt arís. Leis an scéim, beidh úinéirí ionaid in ann imeachtaí éagsúla a thástáil, le go bhfeicfidh siad na sórt imeachtaí a oireann dóibh, dá gceantar áitiúil agus dá mbonn custaiméirí agus le go bhféadfaí pleanáil d’imeachtaí atá níos inbhuanaithe agus atá fadtéarmach a chur ar fáil, rud a chuirfeadh le beocht láir na mbailte agus na gcathracha tríd na seachtaine ar fad agus ní amháin ag an deireadh seachtaine. Cuirfidh sí deiseanna ar fáil d’ealaíontóirí freisin, lena n-áirítear ealaíontóirí nua agus ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn go háitiúil agus chun úsáid na n-áitreabh seo d’ealaíontóirí éagsúla le linn na bliana a chur chun cinn.

Gnéithe na Scéime

Fáilteofar roimh iarratais faoi dhá Shruth ar leith:

• Sruth A: Áitribh Cheadúnaithe –tithe tábhairne, bialanna agus beáir fíona, clubanna oíche agus áitribh cheadúnaithe oiriúnacha eile a oibríonn sa Gheilleagar Tráthnóna agus Oíche, ar mian leo sraith imeachtaí/gníomhaíochtaí cultúir a thástáil (ceithre imeacht ar a laghad, ach gan a bheith teoranta do 4 imeacht) i rith uaireanta seachbhuaice ón Luan go dtí an Déardaoin (gan deiridh seachtaine san áireamh) ó 6pm ar aghaidh.

• Sruth B: Áitribh Neamhcheadúnaithe – caiféanna, lena n-áirítear caiféanna a bhféadfadh sé go mbeadh a n-áitribh in ionad miondíola, beáir atá saor ó alcól, gailearaithe áitiúla agus aon áitribh neamhcheadúnaithe oiriúnacha eile, ar mian leo sraith imeachtaí/gníomhaíochtaí cultúir (ceithre imeacht ar a laghad, ach gan a bheith teoranta do 4 imeacht) níos déanaí sa tráthnóna nó sa oíche ó 6pm ar aghaidh, agus an gealltanas ann iad a bheith ar oscailt go dtí ar a laghad 9pm sa tráthnóna, ón Luan go dtí an Domhnach.

Molfar d’úinéirí ionaid dul i dteagmháil leis an Oifigeach Ealaíon atá áitiúil dóibh agus/nó le Comhordaitheoir na Foirne Cultúir (Clár Éire Ildánach) chun taibheoirí nua agus taibheoirí atá ag teacht chun cinn agus ealaíontóirí atá bunaithe sa phobal a aithint. B’fhéidir go mbeadh fonn ar iarratasóirí imeachtaí a reáchtáil mar chuid den imeacht ‘Beo sa Chathair’ de chuid Fáilte Ireland, a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna i mbliana. Is féidir le hiarratasóirí a n-imeachtaí a chlárú le Fáilte Ireland, tríd an nasc seo a leanas a úsáid: Is féidir fiosruithe a chur ar aghaidh chuig NTESS@tcagsm.gov.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

Cuspóirí na Scéime

Cuspóirí Scéim Sruth A

Táthar ag cur leis na moltaí atá i dTuarascáil Tascfhórsa an Gheilleagair Oíche leis an Scéim seo, arb é is aidhm léi na nithe seo a leanas a bhaint amach:

1. Na himeachtaí siamsaíochta a chuirtear ar fáil sa Gheilleagar Oíche a leathnú d’áitribh cheadúnaithe i rith uaireanta seachbhuaice, ón Luan go dtí an Déardaoin (gan an deiridh seachtaine san áireamh), rud a chuideoidh le Geilleagar Oíche bríomhar a fhorbairt agus a éagsúlú i gcathracha agus i mbailte na tíre seo i rith na seachtaine ar fad;

2. Líon na gcustaiméirí i mbailte, i gcathracha agus i sráidbhailte na tíre seo a mhéadú sa tráthnóna agus san oíche

3. Cead a thabhairt d’úinéirí áitreabh ceadúnaithe roghanna siamsaíochta éagsúla a thástáil agus cead a thabhairt dóibh pleanáil d’imeachtaí níos inbhuanaithe a chur ar fáil san fhadtéarma;

4. Deiseanna a chur ar fáil d’ealaíontóirí, lena n-áirítear ealaíontóirí nua agus ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn; agus

5. Úsáid áitreabh ceadúnaithe a chur chun cinn ina n-ionaid d’ealaíontóirí éagsúla ar bhealach atá níos fadtéarmaí.

Cuspóirí Scéim Sruth B

1. Na himeachtaí siamsaíochta a chuirtear ar fáil sa Gheilleagar Oíche a leathnú d’áitribh neamhcheadúnaithe le linn na seachtaine ar fad, i rith uaireanta sa tráthnóna níos déanaí nó i rith uaireanta seachbhuaice, ón Luan go dtí an Domhnach, rud a chuideoidh le Geilleagar Oíche bríomhar a fhorbairt agus a éagsúlú i gcathracha agus i mbailte na tíre seo i rith na seachtaine ar fad. Dúnann formhór na gcaiféanna ach go háirithe idir 5 agus 6pm agus dúnann cuid díobh ag an deireadh seachtaine, agus dá bharr sin ní mór d’ionaid sa chatagóir seo a bheith oscailte go dtí 9p.m. ar a laghad.

2. Líon na gcustaiméirí i mbailte, i gcathracha agus i sráidbhailte na tíre seo a mhéadú sa tráthnóna agus san oíche

Roghanna siamsaíochta atá saor ó alcól a chur ar fáil do theaghlaigh agus do dhaoine óga sa tráthnóna

3. Cead a thabhairt d’áitribh neamhcheadúnaithe an margadh a thástáil chun iad a bheith oscailte níos déanaí san oíche agus roghanna siamsaíochta a thriail chun custaiméirí a mhealladh níos déanaí sa tráthnóna chun go mbeidís in ann pleanáil d’imeachtaí níos inbhuanaithe a chur ar fáil san fhadtéarma; agus

4. Deiseanna a chur ar fáil d’ealaíontóirí, lena n-áirítear ealaíontóirí nua agus ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn.

Incháilitheacht

Cé atá incháilithe chun iarratas a dhéanamh?

Beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta seo a leanas:

• Ní mór don Iarratasóir a ghabháil air féin ceithre imeacht/ghníomhaíocht chultúir a thástáil ar a laghad (ach gan a bheith teoranta do cheithre imeacht/ghníomhaíocht).

• Ní mór rannpháirtíocht nó taibhiú a bheith i gceist leis na himeachtaí cultúir seo. Tabhair ar aird: Chun críocha na scéime seo, is éard atá i gceist le gníomhaíocht chultúir na cineálacha imeachtaí nó gníomhaíochtaí seo a leanas (ach gan a bheith teoranta dóibh):

- Ceol beo, lena n-áirítear ceol leictreonach, taibhiú

- Oícheanta grinn

- Damhsa a mbíonn taibhiú i gceist leis nó imeacht damhsa rannpháirteach,

- Oícheanta litríochta nó filíochta,

- Léiriúcháin amharclannaíochta nó drámaí

- Imeachtaí Ceardaíochta

- Taispeántais ealaíne/grianghrafadóireachta

• Ní mór don Iarratasóir cur síos soiléir ar na gníomhaíochtaí cultúir atá beartaithe a chur san áireamh agus an t-amlíne a leagan amach do gach imeacht cultúir atá beartaithe. Ní mór do gach imeacht cultúir a reáchtáil roimh Mhí Dheireadh Fómhair 2022. Is féidir síneadh a chur leis an dáta seo go dtí mí na Samhna 2022 más mian le hiarratasóirí a bheith cláraithe le himeacht ‘Beo sa Chathair’ Fáilte Ireland: https://www.failteireland.ie/winterindublin.aspx.

• Gnóthaí Cláraithe atá lonnaithe sa Stát agus a bhfuil áitreabh fisiciúil/áitribh fhisiciúla acu óna dtrádálann siad.

• Ní mór don ghnó/ionad a bheith lonnaithe sa Stát don scéim seo agus ní mór na himeachtaí/gníomhaíochtaí cultúir a reáchtáil sa Stát.

• Ní mór na coinníollacha ar fad maidir le cúrsaí cánach a bheith á sásamh ag an nGnó.

• Ní féidir le Gnó ach aon iarratas amháin a dhéanamh ar mhaoiniú faoin scéim seo.

Cé nach bhfuil incháilithe chun iarratas a dhéanamh?

• Imeachtaí cultúir nach sásaíonn na critéir incháilitheachta. Tabhair ar aird nach mbeidh na himeachtaí seo a leanas incháilithe faoin scéim:

- Imeachtaí ar trí chuireadh amháin a bheidh siad. Ní mór don phobal trí chéile agus/nó do chuairteoirí a thagann chuig an gceantar a bheith in ann freastal ar na himeachtaí.

- Aonaigh trádála, comhdhálacha, seimineáir, lena n-áirítear cainteanna a bhfuil gné chultúir nó oidhreachta i gceist leo. Tabhair ar aird: tá líon mór sruthanna maoinithe do chainteanna cultúir/oidhreachta i bhfeidhm cheana, déan teagmháil le NTESS@tcagsm.gov.ie más mian leat tuilleadh eolais a fháil.

- Imeachtaí spóirt lena n-áirítear oícheanta ag na rásaí.

- Oícheanta Casaíne nó oícheanta Biongó.

• Ní chuirfear Carthanas Cláraithe, Coláistí tríú leibhéal, BOOnna, ná scoileanna san áireamh.

• Ní chuirfear Árais Chónaithe san áireamh.

• Ní chuirfear imeachtaí faoin aer san áireamh.

• Deontaithe atá ann cheana a fhaigheann maoiniú ó scéimeanna na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (DTCAGSM) nach gcomhlíonann Comhaontaithe Leibhéal Seirbhíse arna n-eisiúint agus na nósanna imeachta íostarraingthe.

Suim an Deontais

Oibreoidh an scéim seo agus ciste teoranta €2.6 million aici agus d’fhéadfadh sé nach mbeifí in ann maoiniú a leithdháileadh ar gach iarratasóir incháilithe. Ceithre imeacht in aghaidh an iarratais is ea íosmhéid na n-imeachtaí a dtacófar leo sa scéim seo. Cuirfear 75% den mhaoiniú atá de dhíth ar fáil leis an Scéim seo, agus beidh ar iarratasóirí an 25% de atá fanta a chur ar fáil. Maoineofar deontas suas le €10,000 ar a mhéad in aghaidh na sraithe imeachtaí.

Breithneoidh an Roinn, faoi chúinsí áirithe, réamhíocaíocht éigin den deontas a thabhairt roimhe ré. I gcás ina lorgaítear réamh-mhaoiniú, tabharfaidh an Roinn réamh-mhaoiniú 75% den mhaoiniú a dheonaítear agus íocfar an 25% deiridh de nuair a chuirfear sonraisc agus fáltais ar aghaidh, ar cheart ráitis Bainc/doiciméid eile tacaíochta iad a chruthú freisin agus ar cuireadh ar aghaidh iad i gcomhréir leis na treoirlínte seo. Is é an tsuim uasta a dtabharfar réamh-mhaoiniú lena aghaidh €7,500 in aghaidh an iarratais.

Deonófar Réamh-mhaoiniú faoi na coinníollacha seo a leanas:

• Aon ghnó incháilithe a mbíonn láimhdeachas bliantúil níos lú ná €191,000 i gceist leo, áirítear leis sin áitribh cheadúnaithe a thagann faoi ‘Banda Ceadúnais A’

• Ní mór d’iarratasóirí ráiteas a chur ar fáil i dtaca le láimhdeachas. Ní mór é seo a dheimhniú agus úsáid á baint as Teastas ó Iniúchóir/Litir atá sínithe ag Cuntasóir.

• Ní mór d’iarratasóirí cruthúnas a thabhairt sula bhfaighfear maoiniú, a léiríonn briseadh síos na gcostas lena n-áirítear luachana foirmiúla do chostais incháilithe faoin Scéim seo.

• Ní mór d’iarratasóirí na critéir incháilitheachta a chomhlíonadh mar a leagtar amach sna treoirlínte seo.

Tabhair ar aird:

• Breithneofar iarratais go dian in ord de réir mar a fhaightear iad agus ní bhreithneofar aighneachtaí a bheidh mall.

• Ní chinntíonn incháilitheacht léi féin áfach go bhfaighidh iarratas maoiniú deontais.

• Is é polasaí na Roinne a chinntiú go gcaitear go cóir agus go cothrom le gach iarratas.

• Ní bhreithneofar ach iarratas amháin a dhéantar ar an Scéim seo in aghaidh an ionaid/an ghnó

• Is coinníoll maoinithe é nach mór íocaíocht a thabhairt do gach ealaíontóir agus do gach taibheoir.

• Ní mór d’iarratasóirí a chinntiú, nuair is féidir, go mbeidh cothromaíocht inscne i gceist leis na taibheoirí a fhostófar.

Cad iad na costais incháilithe a gcuirfear maoiniú ar fáil ina leith?

Is samplaí iad seo a leanas den chaiteachas (ach gan a bheith teoranta dóibh) atá incháilithe do mhaoiniú a fháil freisin, ach ní liosta cuimsitheach é seo:

- Conarthaí do sheirbhísí don Ealaíontóir/ don Taibheoir/ don Cheoltóir a fhostaíonn an t-ionad.

- Seirbhísí ó Thionscail na Cruthaitheachta (lena n-áirítear seirbhísí Dearthóirí Seit/Feistis

- Costais a bhaineann le feistis do léirithe amharclannaíochta

- Costais a bhaineann le Fógraíocht, le PR, le ticéid i ndáil leis an imeacht cultúir ar leith

- Trealamh speisialta a fháil ar cíos a bheidh ag teastáil go sonrach don imeacht cultúir

- Costais a bhaineann le Sláinte agus le Sábháilteacht agus le Slándáil

- Costais Árachais an Imeachta

- Costais Mhaoine Intleachtúla

Costais nach féidir a thabhairt san áireamh:

Is samplaí iad seo a leanas den chaiteachas nach bhfuil incháilithe do mhaoiniú a fháil ach ní liosta cuimsitheach é seo:

• Trealamh a cheannach

• Uirlisí Ceoil a cheannach

• Rátaí an Údaráis Áitiúil

• Conarthaí Fostaíochta nach mbaineann leis an léiriúchán i.e. Costais bhreise foirne nuair a bhíonn ionaid ar oscailt níos déanaí sa tráthnóna

• Táillí Dlí agus Cuntasaíochta

• Costais Bhliantúla Árachais (seachas árachas in aghaidh an imeachta)

Nótaí:

- Déanfar íocaíochtaí deontais bunaithe ar na sonraisc íoctha a chuirtear ar aghaidh (bonn dliteanas aibithe) agus ní dhéanfar íocaíochtaí ach do na himeachtaí beartaithe a cuireadh ar aghaidh ar an bhfoirm iarratais bunaidh.

- Sa chás nach bhfuil iarratasóir incháilithe le CBL a éileamh ar ais ar a dtionscadail, beidh sin le forchúiteamh.

Coinníollacha Eile de chuid na Scéime

Tráthchlár na Scéime

Beifear in ann iarratais a dhéanamh ar an scéim seo ón 21 Meitheamh 2022 go dtí 1pm Dé hAoine an 22 Iúil 2022 nó go dtí go mbeidh an ciste caite, cibé acu a tharlaíonn ar dtús. Breithneofar iarratais go dian in ord de réir an dáta agus an ama a fhaigheann an Roinn iad. Ní mór gach ciste a tharraingt anuas in 2022.

Maoiniú a admháil

Beidh dlite ar iarratasóirí aitheantas a thabhairt do chabhair na Roinne:

- Sna Ráitis Airgeadais Bhliantúla i ndáil le gach bliain ina ndéantar an deontas a íoc

- I ngach ábhar poiblíochta a bhaineann le taibhithe trí lógó na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a chur ar a láithreán gréasáin / cláir / póstaeir / ábhar Meán Sóisialta agus aitheantas i scríbhinn a bheith i ngach tuarascáil/foilseachán agus ábhair eile fógraíochta.

- Ní mór a chur in iúl do gach Ealaíontóir agus ball den fhoireann a bheidh páirteach sna himeachtaí cultúir a bheidh maoinithe faoin scéim seo go bhfuil an t-imeacht maoinithe faoin Scéim seo.

Na Coinníollacha a bhaineann le Maoiniú

Tá maoiniú faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas. D’fhéadfadh iomlán an deontais nó sciar den deontas a dhiúltú, a tharraingt siar nó a choinneáil siar a theacht de thoradh ar choinníoll a fhágáil gan comhlíonadh.

- Ní mór an tIarratas Deontais a dhéanamh do 4 imeacht/ghníomhaíocht chultúir ar a laghad (ach gan a bheith teoranta do cheithre cinn).

- Ní mór don Iarratasóir togra soiléir a chur ar aghaidh ina ndéanfar achoimre ar na himeachtaí a reáchtálfar, an cineál imeachta a bheidh i gceist agus an uair a bheidh sé ar siúl.

- Ní mór gach imeacht a reáchtáil sa stát agus faoi dheireadh Mhí Dheireadh Fómhair 2022, ach amháin má reáchtáiltear an t-imeacht i gcomhar leis an imeacht ‘Beo sa Chathair’ de chuid Fáilte Ireland a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath, i mí na Samhna 2022 .

- Ní mór íocaíocht a thabhairt d’Ealaíontóirí / do Thaibheoirí.

- Ba cheart d’Iarratasóirí a chinntiú go gcomhlíonann gach ealaíontóir, taibheoir agus foireann a bhaineann leis an tionscadal an tAcht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, 2005 agus go bhfuil dualgas orthu aon iompar míchuí a chosc ar dócha go mbeadh sláinte agus sábháilteacht na bhfostaithe i mbaol dá bharr. Éilítear leis seo go nglacann an Deonaí céimeanna réasúnacha chun a chinntiú go mbeidh an timpeallacht oibre saor ó bhulaíocht, ó chiapadh, agus ó chiapadh gnéasach, agus go bhfuil polasaí maidir le dínit ag an láthair oibre a fhorbairt i bhfeidhm.

- Sa chás go ndéantar iarratas ar réamh-mhaoiniú, ní mór don iarratasóir na coinníollacha réamh-mhaoinithe a shásamh.

- Ní mór don Iarratasóir aontú le próiseas meastóireachta/ceistneoir gearr a dhéanamh i ndiaidh an imeachta chun cuidiú leis an Roinn éifeachtúlacht a thomhas agus chun an t-eolas a foghlaimíodh a roinnt leis an earnáil.

- Ní dhéanfar íocaíochtaí ach ar bhonn na bhfáltas a chuirtear ar aghaidh agus ní mór baint a bheith ag na fáltais seo leis na himeachtaí atá beartaithe ar an bhfoirm iarratais.

Ní mór d’iarratasóirí cruthúnas a choinneáil a thacaíonn leis an mbonn chun éileamh a dhéanamh faoin scéim seo mar d’fhéadfadh sé go n-éileodh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán air faoi sheiceálacha incháilitheachta a dhéanfar amach anseo. Ní mór don Iarratasóir:

• Gach fáltas a choinneáil agus a chur ar aghaidh do gach imeacht.

• Gach ábhar fógraíochta a bhaineann leis na himeachtaí a reáchtálfar tar éis don imeacht deireanach a bheith ar siúl a choinneáil agus a chur ar aghaidh.

Tabhair ar aird nach mór freastal ar shláinte agus ar shábháilteacht na ndaoine ar an áitreabh atá i láthair ag imeachtaí taobh istigh, lena n-áirítear sábháilteacht dóiteáin na ndaoine sin, faoin Reachtaíocht Phríomha seo a leanas agus faoi na rialacháin agus faoin treoir arna ndéanamh fúithi, áirítear orthu seo, ach gan a bheith teoranta dóibh, na doiciméid seo a leanas:

o An tAcht um Cheadúnú Ócáidí Laistigh 2003

o An tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 (féach www.hsa.ie)

o Na Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Feidhm Ghinearálta) 2007-2016

o Na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin 1989 agus 2003 (féach www.environ.ie)

o Na Rialacháin um Shábháilteacht Dóiteáin in Áiteanna Cruinnithe (Bealaí ‏Éalaithe a Éascú) 1985

o Cód Cleachtais do Shábháilteacht Dóiteáin a Bhainistiú in Áiteanna Cruinnithe

o An Treoir maidir le Sábháilteacht ag Imeachtaí (An Treoir Chorcra)

• Ní mór d’Iarratasóirí ceadúnas alcóil bailí a bheith i bhfeidhm má táthar ag déanamh iarratas faoi Scéim A.

Nósanna Imeachta Ceadaithe

- Déanfar ar an gcéad dul síos gach iarratas ar mhaoiniú faoin scéim seo a thagann chuig an Roinn faoin dáta deiridh a sheiceáil maidir le gnéithe incháilitheachta.

- Breithneofar iarratais go dian in ord de réir an dáta agus an ama a fhaigheann an Roinn iad.

- Ní mór d’iarratais na coinníollacha maoinithe a shásamh.

Foirm iarratais

An Scéim Tacaíochta um an Geilleagar Oíche 2022 (STGO) - foirm iarratais
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Má tá aon fhiosraithe agat maidir leis an bpróiseas iarratais, seol ríomhphost chuig: ntess@tcagsm.gov.ie

Achomhairc

Is féidir le hiarratasóir achomharc a dhéanamh má bhreithníonn an t-iarratasóir nár cloíodh leis an bpróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar a iarratas.

Ní mór don Iarratasóir ríomhphost a bheith faighte aige ina bhfuil cinneadh atá déanta ag foireann an Gheilleagair Oíche chun achomharc a dhéanamh. Ní mór achomharc a dhéanamh laistigh de 5 bliana ón dáta a luaitear sa ríomhphost ina dtugtar an cinneadh.

Ní ghlacfar le hachomhairc a chuirfear ar aghaidh i ndiaidh an dáta sin.

Féach tuilleadh eolais maidir le próiseas achomharc STGO

Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta

Is é is aidhm leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil sa doiciméad seo tuiscint a thabhairt do na hiarratasóirí ar an bpróiseas maidir le hiarratais ar chúnamh a mheas agus a cheadú agus ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil atá ann.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, féadfar sonraí a luaitear in iarratais agus i ndoiciméid tacaíochta a scaoileadh le tríú páirtithe, ar iarratas. Sa chás go mbeadh faisnéis íogair san iarratas a dhéanann tú nó ábhar de chineál príobháideach, ba cheart duit sin a lua go sonrach agus míniú a thabhairt ar an gcúis nár cheart é a nochtadh. Sa chás ina bhfaightear iarratas chun faisnéis íogair faoin reachtaíocht a scaoileadh, rachfar i gcomhairle leat sula ndéanfar cinneadh maidir leis an bhfaisnéis sin a scaoileadh nó gan í a scaoileadh. Ach, sa chás nach bhfuil aon eolas ar leith sainaitheanta mar eolas atá íogair, ní gá dul i gcomhairle leat sula ndéanfar é a nochtadh.

Monatóireacht

Beidh ar dheonaithe an caighdeán is airde follasachta agus cuntasachta a chomhlíonadh mar a leagtar amach i gCiorclán 13/2104 ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe - Bainistíocht agus Cuntasacht i ndáil le Deontais ón Státchiste.

Is é is aidhm leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil sa doiciméad seo tuiscint a thabhairt do na hiarratasóirí ar an bpróiseas maidir le hiarratais ar chúnamh a mheas agus a cheadú agus ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil atá ann.

Suirbhé Meastóireachta

Beidh ort Suirbhé Meastóireachta a chomhlánú i ndáil le do chuid rannpháirtíochta sa scéim seo, lena n-áirítear an chaoi a bhfuarthas an deontas/an tionchar a bhí ag an deontas ar do ghnó. Seolfar an suirbhé chun é a chomhlánú trí ríomhphost nuair a gheofar na sonraisc agus na fáltais deiridh atá le híoc.

Foilsiú

Féadfar sonraí maidir le deontais ar leith a fhoilsiú ar láithreán gréasáin na roinne lena n-áirítear ainm an deontaí, an contae ina bhfuil an tairbhí lonnaithe, agus suim an deontais.

Cosaint sonraí

Is féidir eolas maidir leis an Roinn agus cosaint sonraí a léamh ach an nasc seo a leanas a úsáid: https://www.gov.ie/en/organisation-information/df3fe-data-protection-policy

Séanadh

Ní bheidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán freagrach don iarratasóir ná d’aon pháirtí eile as aon chaillteanas, damáiste ná costais de chineál ar bith a eascraíonn go díreach nó go hindíreach as iarratas nó as an ábhar atá ann nó as diúltú na Roinne don iarratas ar chúis ar bith.

Ní bheidh an Roinn, a cuid seirbhíseach ná a cuid gníomhairí freagrach ag tráth ar bith in aon imthosca as aon ní a bhaineann le forbairt, pleanáil, tógáil, feidhmiú, bainistiú agus / nó riaradh imeachtaí aonair ná aon ní a bhaineann leis an bpáirtíocaíocht a dhéanann an roinn ar shonraisc a chuireann iarratasóir ar dheontas isteach.

Tabhair ar aird: Ba cheart d’iarratasóirí teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Áitiúil is ábhartha dóibh sula ndéanfaidh siad imeacht a phleanáil. Tá Iarratasóirí/Eagraithe freagrach as gnéithe sábháilteachta a n-imeachta, ní féidir leis an Roinn a bheith faoi dhliteanas maidir le haon imeacht nach bhfuil á eagrú aici, agus/nó mura gcuirfidh an t-eagraí aon chomhairle ná aon treoir a thugann an tÚdarás Áitiúil chun feidhme.

Breis eolais a iarraidh

Coimeádtar de cheart ag an Roinn breis eolais a iarraidh ort chun d'iarratas a mheas sa chás go mbíonn sin de dhíth.

Státchabhair / De Minimis

Is í an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an t-Údarás a thugann cabhair deontais don Scéim agus deimhníonn sí go léireoidh sí meas ar na hoibleagáidí monatóireachta agus tuairiscithe i ndáil le Státchabhair.

Táthar ag lorg na cabhrach agus á cur ar fáil faoin Rialachán ón gCoimisiún Eorpach maidir le Cabhair De Minimis. Meastar suimeanna beaga Státchabhrach, suas le 200,000 Euro a thugtar in aon tréimhse trí bliana d’aon fhiontar amháin ar leith, a bheith róbheag chun tionchar suntasach a bheith acu ar thrádáil nó ar iomaíochas sa chómhargadh. Meastar suimeanna den sórt sin a bheith taobh amuigh de chatagóir na Státchabhrach a gcuirtear cosc air le Conradh CE agus is féidir iad a thabhairt gan fógra a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach nó gan imréiteach a fháil uaidh. Éilítear ar Bhallstát meicníocht a bheith aige chun cabhair den sórt sin a rianú (ar a dtugtar ‘cabhair De Minimis’) agus chun a chinntiú go ndéantar an tsuim cónasctha d’íocaíochtaí chabhair De Minimis ó gach foinse d’fhiontar amháin in aon tréimhse trí bliana de réir uasteorainn 200,000 Euro.

Iarrfar ar iarratasóirí sonraí a thabhairt maidir le gach cineál chabhair De Minimis eile a deonaíodh ar a ngnó le trí bliana anuas. Dá ndéanfadh cuideachta bréagdhearbhú agus go sárófaí an tairseach 200,000 Euro mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé gurb éard a d’eascródh as níos déanaí an chabhair a fuarthas a aisghabháil agus ús a bheith léi.

Cabhair De Minimis atá i ngach maoiniú ó Scéim Tacaíochta an Gheilleagair Oíche 2022 (STGO) agus iarrfar ar iarratasóirí a aithint go bhfuiltear ag tairiscint STGO 2022 faoi Chabhair De Minimis trí dhearbhú gur mian leo iarratas a dhéanamh ar STGO faoi Rialachán De Minimis (CE) 1407/2013 an 18 Nollaig 2013.

Freagraí ar do Cheisteanna

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an leathanach ‘Freagraí ar do Cheisteanna’

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat