Iarratas ó RTÉ faoi Alt 103 den Acht Craolacháin 2009
- Foilsithe: 19 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Samhain 2025
I mí na Samhna 2024, chuir RTÉ togra faoi bhráid ag lorg cead ceithre cinn de stáisiúin dhigiteacha raidió (SDR) a dhúnadh; RTÉ Radio 1 Extra, RTÉ 2XM, RTÉ Pulse agus RTÉjr Radio. Ní mór aontú an aire a fháil maidir leis na hathruithe atá beartaithe faoi Alt 103 (2) den Acht Craolacháin 2009 (arna leasú).
Éilítear, ach go háirithe, go ndéanann an tAire:
- Dul i gcomhairle le RTÉ agus le haon dream eile a meastar gur chuí dul i gcomhairle leo,
- Dul i gcomhairle le Coimisiún na Meán faoin tionchar a bheadh ag a bhfuil beartaithe ar an earnáil, agus
- Fiúntas an togra i ndáil le leas an phobail a mheas.
Tá an próiseas sin tugtha chun críche agus toilithe ag an Aire lena bhfuil beartaithe. Faoi réir 103(4)(d) den Acht Craolacháin 2009, tugtar nasc le tuairisc ar an bpróiseas comhairliúcháin agus ar chinneadh an Aire thíos.