Scéim Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona 2026 – 2029 - Ceisteanna Coitianta
- Foilsithe: 10 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 16 Márta 2026
- Cathain a bheidh Scéim IBE 2026 – 2029 oscailte d’iarratais?
- Cé mhéad ealaíontóir a gheobhaidh an IBE?
- An mbeidh faighteoirí nua na híocaíochta ar an scéim go buan?
- An mbeidh na faighteoirí anaithid?
- Cathain a íocfar na faighteoirí?
- Cén uair is féidir liom iarratas a dhéanamh agus cén uair a bheidh an próiseas iarratais/measúnaithe ar oscailt?
- An féidir leo siúd a bhí ar an scéim phíolótach IBE iarratas a dhéanamh ar an scéim chomharba?
- An féidir leo siúd a bhí mar chuid den Ghrúpa Rialaithe don scéim phíolótach IBE iarratas a dhéanamh ar an scéim chomharba?
- An féidir leo siúd a bhí incháilithe don scéim phíolótach IBE, ach nár éirigh leo, iarratas a dhéanamh?
- An bhfaighidh gach ealaíontóir incháilithe maoiniú?
- Cá fhad a gheobhaidh faighteoirí nua an íocaíocht?
- Cad faoi na daoine nach roghnaítear?
- Cad iad na critéir roghnúcháin?
- Conas a roghnófar rannpháirtithe?
- An gcaillfidh ealaíontóirí atá ar shochair leasa shóisialaigh a sochair má ghlacann siad leis an IBE?
- An leanfaidh an clár taighde ar aghaidh?
- An mbeidh aschuir ar fáil don phobal?
- An mbeidh grúpa rialaithe ann mar a bhí ann don scéim phíolótach IBE?
- An féidir liom iarratas a dhéanamh má tá mé os cionn 66 bliain d'aois?
Cathain a bheidh Scéim IBE 2026 – 2029 oscailte d’iarratais?
Osclófar an chéad bhabhta eile den Scéim Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona d’iarrataisi faoi mhí na Bealtaine agus cuifear tús le híocaíochtaí roimh dheireadh na bliana. Fógraíonn an tAire Ó Donnabháin an scéim nua Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona
Foilsítear na Treoirlínte faoi mhí Aibreáin, sula nglactar le hiarratais, chun deis a thabhairt d'iarratasóirí an fhianaise ábhartha is gá a bhailiú chun a n-incháilitheacht a léiriú, sula ndéanann siad a n-iarratas.
Cé mhéad ealaíontóir a gheobhaidh an IBE?
Maoineofar 2,000 ealaíontóir incháilithe faoin scéim ar ráta €325 in aghaidh na seachtaine.
Tá an roinn ag súil le líon mór iarratas, i bhfad níos mó ná líon na n-ealaíontóirí a mbeidh maoiniú ar fáil dóibh, agus dá bhrí sin ní bheidh sé indéanta maoiniú a chur ar fáil do gach iarratasóir incháilithe.
Ag labhairt ag seoladh an scéime, chuir an tAire O'Donovan in iúl go raibh sé ar intinn aige an scéim a leathnú thar 2000 ealaíontóir, dá dtiocfadh tuilleadh maoinithe chun cinn i dtimthriallta buiséid amach anseo.
Le leithdháileadh de €18.27 milliún do 2026, tá an Roinn in ann 2,000 ealaíontóir a mhaoiniú. Ós rud é nach bhfuil a ndóthain cistí againn chun an IBE a sholáthar do gach ealaíontóir incháilithe, creidimid gurb é an cur chuige is cothroime ná a chinntiú go mbaineann an oiread ealaíontóirí agus is féidir tairbhe as an scéim le himeacht ama, agus sin an fáth ar thug an tAire rial an sé bliana isteach. Mar sin féin, dá mbeadh sé indéanta méadú suntasach a dhéanamh ar líon na ndaoine a fhaigheann maoiniú, ansin is féidir rial an sé bliana a athbhreithniú.
An mbeidh faighteoirí nua na híocaíochta ar an scéim go buan?
Ní bheidh. Gheobhaidh faighteoirí an íocaíocht ar feadh 3 bliana. Reáchtálfar an scéim IBE gach trí bliana.
An mbeidh na faighteoirí anaithid?
Ní bheidh. Foilseofar ainmneacha na ndaoine a gheobhaidh scéim chomharba an IBE, i gcomhréir leis an ngnáthchleachtas maidir le maoiniú deontas ealaíon agus féadfar iad a fhoilsiú ar chlár Cúnaimh Stáit an AE, atá ar fáil go poiblí.
Cathain a íocfar na faighteoirí?
Déanfar an chéad íocaíocht leis na faighteoirí roghnaithe roimh dheireadh 2026. Ceadaíonn an maoiniú a daingníodh in Bhuiséad 2026 íocaíocht de €325 sa tseachtain a íoc le 2000 ealaíontóir ó Mheán Fómhair. Mar sin féin, is cuma cén dáta a dhéanfar an chéad íocaíocht, déanfar íocaíochtaí na bhfaighteoirí a chúldhátú go Meán Fómhair 2026 agus íocfar iad roimh dheireadh na bliana.
Cén uair is féidir liom iarratas a dhéanamh agus cén uair a bheidh an próiseas iarratais/measúnaithe ar oscailt?
Foilseofar treoirlínte sna seachtainí amach romhainn ina mbeidh sonraí faoi iarratas a dhéanamh, na critéir incháilitheachta agus na fianaise a theastaíonn, agus beidh dátaí na tréimhse iarratais san áireamh iontu. Is é is cuspóir don IBE tacú le healaíontóirí gairmiúla atá ina gcónaí in Éirinn tráth an iarratais agus a bhfuil a gcleachtas cruthaitheach bunaithe go mór in Éirinn.
An féidir leo siúd a bhí ar an scéim phíolótach IBE iarratas a dhéanamh ar an scéim chomharba?
Is féidir, fad is féidir leo a léiriú go gcomhlíonann siad critéir incháilitheachta scéim 2026 – 2029. Ní chiallaíonn incháilitheacht don chlár píolótach go huathoibríoch go bhfuil ealaíontóir incháilithe do bhabhtaí amach anseo den scéim.
An féidir leo siúd a bhí mar chuid den Ghrúpa Rialaithe don scéim phíolótach IBE iarratas a dhéanamh ar an scéim chomharba?
Is féidir, fad is féidir leo a léiriú go gcomhlíonann siad critéir incháilitheachta scéim 2026 – 2029. Ní chiallaíonn incháilitheacht don chlár píolótach go huathoibríoch go bhfuil ealaíontóir incháilithe do bhabhtaí amach anseo den scéim.
An féidir leo siúd a bhí incháilithe don scéim phíolótach IBE, ach nár éirigh leo, iarratas a dhéanamh?
Is féidir, fad is féidir leo a léiriú go gcomhlíonann siad critéir incháilitheachta scéim 2026 – 2029. Ní chiallaíonn incháilitheacht don chlár píolótach go huathoibríoch go bhfuil ealaíontóir incháilithe do bhabhtaí amach anseo den scéim.
An bhfaighidh gach ealaíontóir incháilithe maoiniú?
Ní bhfaighidh. Le leithdháileadh €18.27 milliún do 2026, tá an Roinn in ann maoiniú a chur ar fáil do 2,000 ealaíontóir. Táthar ag súil le líon mór iarratas agus dá bhrí sin ní bheidh sé indéanta maoiniú a chur ar fáil do gach iarratasóir incháilithe.
Cá fhad a gheobhaidh faighteoirí nua an íocaíocht?
Gheobhaidh na faighteoirí an íocaíocht ar feadh 3 bliana i.e. ó 2026 go 2029. Ní bheidh siad siúd a roghnófar don IBE 2026 – 2029 incháilithe don chéad bhabhta maoinithe eile, i.e. ní féidir le healaíontóir IBE a fháil ach ar feadh 3 bliana as aon timthriall 6 bliana. Dá bhrí sin, ní féidir le healaíontóirí atá ag fáil an IBE ar scéim 2026 – 2029 iarratas a dhéanamh ar bhabhta 2030 – 2033 ach d’fhéadfaidís iarratas a dhéanamh ar bhabhta 2034 – 2037. Déanfar é seo chun go mbeidh an oiread ealaíontóirí agus is féidir in ann leas a bhaint as an scéim.
Ag labhairt dó ag seoladh an scéime, chuir an tAire O'Donovan in iúl go raibh sé ar intinn aige an scéim a leathnú thar 2000 ealaíontóir, dá dtiocfadh tuilleadh maoinithe chun cinn i dtimthriallta buiséid amach anseo.
Cad faoi na daoine nach roghnaítear?
Beidh siad siúd nach roghnófar in 2026 in ann iarratas a dhéanamh ar an gcéad scéim eile in 2029.
Cad iad na critéir roghnúcháin?
Is é aidhm na scéime tacú le cleachtais chruthaitheacha ealaíontóirí gairmiúla. Chun go measfar gur ealaíontóirí incháilithe iad, ní mór dóibh na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
- A bheith ina gcónaí in Éirinn tráth an iarratais
- A bheith i d’ealaíontóir gairmiúil le cleachtas cruthaitheach gairmiúil gníomhach
- Cleachtas cruthaitheach a bheith acu atá lonnaithe go príomha in Éirinn
Beidh treoirlínte mionsonraithe maidir le conas iarratas a dhéanamh ar fáil i mí Aibreáin. Leagfar amach sna treoirlínte na bealaí trína bhféadfaidh ealaíontóirí a gcleachtas cruthaitheach gairmiúil a chruthú chun go measfar gur ealaíontóirí incháilithe iad.
Conas a roghnófar rannpháirtithe?
Roghnófar rannpháirtithe trí phróiseas roghnúcháin randamach gan ainm. Meastar gurb é seo an próiseas roghnúcháin is cothroime nuair nach féidir maoiniú a fháil do gach iarratasóir incháilithe ag an am seo. Tugann roghnú randamach deis chomhionann do gach iarratasóir incháilithe a bheith roghnaithe agus laghdaíonn sé claonadh daonna. Cinntíonn roghnú randamach freisin go bhfuil na daoine a roghnaítear ionadaíoch ar linn níos leithne iarratasóirí, rud a chinntíonn scaipeadh tíreolaíoch, cothromaíocht inscne, agus cothromaíocht trasna foirmeacha ealaíon, aois srl.
An gcaillfidh ealaíontóirí atá ar shochair leasa shóisialaigh a sochair má ghlacann siad leis an IBE?
Déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí na híocaíochtaí a fhaightear a láimhseáil mar ioncam ó fhéinfhostaíocht chun críocha a tástálacha acmhainne éagsúla. Ciallaíonn sé seo, i gcás ina n-áirítear neamhaird ar mhéid áirithe ioncaim ó fhéinfhostaíocht i scéim, go gcuirfear an neamhaird sin i bhfeidhm ar ioncam ón IBE.
Ba chóir a thabhairt faoi deara nach n-áirítear neamhaird ar ioncam ó fhéinfhostaíocht i ngach scéim atá tástáilte de réir acmhainní. Braithfidh an méid tionchair a bheidh ag an ioncam seo ar íocaíocht duine ón Roinn Leasa Shóisialaigh ar an tástáil acmhainní don scéim sin agus ar chúinsí aonair an duine.
Ós rud é go mbeidh an tionchar ar theidlíochtaí leasa shóisialaigh duine ag brath ar imthosca an duine sin féin, moltar go láidir d'iarratasóirí fiosrú a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí faoi cén chaoi a mbeadh a gcás leasa shóisialaigh féin ina leith dá bhfaigheadh siad íocaíocht faoin scéim seo.
An leanfaidh an clár taighde ar aghaidh?
Leanfaidh sé ar aghaidh. Ní mór do gach polasaí a bheith bunaithe ar fhianaise agus beidh ar iarratasóirí sonraí suirbhé leanúnacha a sholáthar ar feadh ré na scéime. Mura soláthraíonn siad seo, bainfear den scéim iad.
An mbeidh aschuir ar fáil don phobal?
Beidh, cuirfear aschuir taighde ar fáil don phobal, mar a bhí i gceist le linn an tionscadail phíolótaigh. Is féidir leat tuarascálacha píolótacha a fháil anseo: Tuarascálacha IBE.
An mbeidh grúpa rialaithe ann mar a bhí ann don scéim phíolótach IBE?
Ní bheidh.
An féidir liom iarratas a dhéanamh má tá mé os cionn 66 bliain d'aois?
Is féidir. Níl aon uasteorainn aoise ann d’iarratasóirí. Más féidir leat a léiriú go bhfuil cleachtas gníomhach agat mar ealaíontóir gairmiúil a bhfuil a chleachtas lonnaithe den chuid is mó in Éirinn, agus má tá cónaí ort in Éirinn, is féidir leat iarratas a dhéanamh.
Mar sin féin, braithfidh tionchar an IBE ar íocaíochtaí na Roinne Coimirce Sóisialaí, mar shampla: pinsin, ar do chúinsí aonair. Moltar go láidir d’iarratasóirí imscrúdú a dhéanamh ar a gcás féin dá bhfaigheadh siad íocaíocht trí theagmháil a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialta.