Scéim Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona 2026 – 2029 - Ceisteanna Coitianta
- Foilsithe: 10 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 29 Aibreán 2026
Léigh an doiciméad seo a leanas agus treoirlínte na scéime le do thoil sula gcuireann tú tús le d’iarratas.
Osclófar an scéim d’iarratais ag 1pm Dé Céadaoin, an 15 Aibreán 2026.
Incháilitheacht
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?
- Ealaíontóirí a bhfuil cleachtas ealaíne gairmiúil acu
- Lonnaithe i bPoblacht na hÉireann tráth a ndéantar an t-iarratas agus iad
- In ann fianaise a thabhairt ar a gcleachtas cruthaitheach atá lonnaithe in Éirinn go príomha
- Iarrthóirí a Bhain Céim amach le Déanaí (féach sonraí sonracha sna Treoirlínte)
Cé nach bhfuil i dteideal iarratas a dhéanamh?
- Iarratasóirí nach féidir leo a léiriú go bhfuil cleachtas ealaíne gairmiúil gníomhach acu, (i.e. ealaíontóirí amaitéaracha nó ardaidhmeannach)
- Comhaltaí Aosdána a fhaigheann íocaíocht Cnuas
- Ealaíontóirí nach bhfuil lonnaithe i bPoblacht na hÉireann tráth a ndéantar iarratas agus ar feadh thréimhse na híocaíochta
- Ealaíontóirí nach bhfuil cleachtas lonnaithe in Éirinn go príomha acu
- Iad siúd atá i mbun oideachais lánaimseartha: mic léinn lánaimseartha nó iad siúd a bheidh ag gabháil do staidéar lánaimseartha le linn na tréimhse ó Dheireadh Fómhair 2026 go deireadh 2029 (tá fáilte rompu siúd a bhainfidh céim amach faoin1 Meán Fómhair 2026 iarratas a dhéanamh)
Conas a chruthóidh mé m’incháilitheacht don Scéim um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona?
Ní mór d’iarratasóirí (seachas RGAnna) a bheith in ann trí phíosa fianaise / cruthúnais a sholáthar, agus dhá cheann ar a laghad ó eagraíocht Éireannach, comhlacht deontais nó comhlacht ionadaíoch.
Cuirtear liosta de na cruthúnais / fianaise ar chleachtas ealaíne gairmiúil a nglacfar leo ar fáil sa doiciméad Treoirlínte agus moltar d’iarratasóirí trí chruthúnas a bhailiú san ord atá liostaithe sna Treoirlínte ar mhaithe le héascaíocht iarratais.
- Áirítear fianaise ar chleachtas sna catagóirí ioncaim, cleachtais ghníomhaigh agus ballraíochta d’eagraíocht ionadaíoch
- Ceanglaítear ar iarratasóirí trí chruthúnas a uaslódáil chun iarratas a dhéanamh
- Ní mór dhá mhír ar a laghad a bheith ó eagraíocht Éireannach, ó mhaoinitheoir etc. chun cleachtas gníomhach atá lonnaithe in Éirinn a chruthú.
Foilsíodh treoirlínte mionsonraithe ar an 1 Aibreán 2026 Scéim Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona 2026 – 2029 Treoirlínte le haghaidh Iarratais. Leagtar amach sna treoirlínte na bealaí inar féidir le healaíontóirí fianaise a thabhairt ar a gcleachtas cruthaitheach gairmiúil.
Cad is Iarratasóir ar Bronnadh Céim Orthu le Déanaí (RGA) ann agus conas a dhéanaim iarratas mar dhuine dá leithéid sin?
Cé go ndéanfaidh formhór na n-iarratasóirí iarratas faoin sruth ginearálta, tá 100 áit á gcur ar fáil d’ealaíontóirí a bhfuil céim bainte amach acu le déanaí ach nach féidir leo a léiriú go fóill go bhfuil gairm bheatha ghairmiúil acu. Tá an sruth sin teoranta dóibh siúd a bhfuil a gcuid oiliúna críochnaithe acu tráth an iarratais agus a bhain céim amach in 2024 nó 2025, agus suas go dtí an 1 Meán Fómhair 2026. Tá uasmhéid de 100 áit ar fáil faoin sruth seo.
Ceanglaítear ar Iarratasóirí ar Bronnadh Céim orthu le déanaí fianaise tacaíochta a sholáthar gur bhain siad cáilíocht tríú leibhéal amach (leibhéal 8 nó os a chionn sin amháin) le haghaidh cúrsa ábhartha, cleachtasbhunaithe ó institiúid ábhartha in 2024 nó 2025, agus suas go dtí an 1 Meán Fómhair 2026, agus ní mór dóibh a dheimhniú go bhfuil sé i gceist acu cleachtas gairmiúil a bheith acu dá ngairm bheatha amach anseo. Ní mór d’iarratasóirí faoin sruth seo a dheimhniú go bhfuil sé beartaithe acu cleachtas gairmiúil a bheith acu dá ngairm bheatha amach anseo. Tá an sruth seo teoranta dóibh siúd a mbeidh a gcúrsa staidéir críochnaithe acu ag deireadh théarma na Cásca – an tSamhraidh 2026, agus a bheidh céimithe acu in 2024, 2025 nó suas go dtí an 1 Meán Fómhair 2026.
An leor samplaí de mo chuid oibre, CV, nó punann oibre mar dhoiciméad / chruthúnas incháilitheachta?
Ní leor. Tá liosta de na cruthúnais / fianaise ar chleachtas ealaíne gairmiúil a nglacfar leo ar fáil sa doiciméad Treoirlínte.
An féidir liom mo chruthúnais a sheoladh chuig an Roinn ar ríomhphost nó nasc DropBox/WeTransfer/Googledrive a sheoladh?
Ní féidir, ní mór gach iarratas mar aon le cruthúnais incháilitheachta agus suirbhé comhlánaithe a chur isteach GO HIOMLÁN tríd an tairseach iarratais roimh an spriocdháta. Ní féidir linn comhaid DropBox, WeTransfer nó Google Drive a oscailt. Uaslódáil do chruthúnais chuig d’iarratas i bhfoirm doiciméid nó seat scáileáin.
Cén chuma atá ar chruthúnas ón gComhairle Ealaíon?
Tá Deontas ón gComhairle Ealaíon ó na 3 bliana seo caite ar CHEANN DE na bealaí inar féidir le hiarratasóir fianaise a thabhairt ar a n-incháilitheacht don scéim.
Féadfaidh iarratasóirí a litir deontais nó ríomhphost deontais a chur isteach ón gComhairle Ealaíon nó seat scáileáin dá leathanach UTE (Uimhir Thagartha d’Ealaíontóirí) de chuid na Comhairle Ealaíon a thaispeánann maoiniú deonaithe. Má tá deontas ón gComhairle Ealaíon á sholáthar agat mar chruthúnas incháilitheachta, iarrfar ort UTE ón gComhairle Ealaíon a iontráil freisin.
Cad ba cheart dom a sholáthar mar chruthúnas ar mhaoiniú ó Oifig Ealaíon an Údaráis Áitiúil do mo chleachtas?
Ba cheart duit an litir thairisceana a d’eisigh Oifig Ealaíon an Údaráis Áitiúil chugat tráth an deontais a bhronnadh a chur isteach. Tá an doiciméad seo sínithe ag an Oifig Ealaíon, dátaithe agus ar cheann litreach an Údaráis Áitiúil nó na hOifige Ealaíon. Beidh ainm na scéime maoinithe ann freisin. Ní gá duit teagmháil a dhéanamh le d’Oifig Ealaíon chun litir shonrach a iarraidh don iarratas IBE. Áirítear ar mhaoiniú an Údaráis Áitiúil atá ábhartha don iarratas IBE Sparánacht, Deontas Tionscadail, Coimisiúin do Chéatadán don Ealaín, Dámhachtainí, Cónaitheachtaí, Giniúint Ceoil mar ‘oideachasóirí ceoil’, cláir Meantóireachta.
Conas a roghnaigh an Roinn na hEagraíochtaí Ballraíochta le cur san áireamh ar an liosta cruthúnais incháilitheachta?
Roghnaíodh eagraíochtaí a bhfuil riachtanais iontrála sách ard acu, is é sin, cruthúnas ar chleachtas cruthaitheach gníomhach. Mar sin féin, ní gá d’iarratasóirí a bheith ina mbaill de cheann de na heagraíochtaí seo: tá bealaí eile ann chun incháilitheacht a léiriú.
Cad iad na ballraíochtaí atá ag Eagraíochtaí Acmhainní na hÉireann atá ábhartha?
An gá Díolúine Chánach na nEalaíontóirí a bheith agam chun iarratas a dhéanamh ar an IBE?
Ní gá. Tá Díolúine Chánach na nEalaíontóirí atá ann cheana (ar an 1 Aibreán 2026) ó na Coimisinéirí Ioncaim ar CHEANN DE na bealaí inar féidir le hiarratasóir fianaise a thabhairt ar a n-incháilitheacht don scéim.
Conas a úsáidim Foirm 11 mar cheann de mo chruthúnais incháilitheachta?
Má tá Foirm 11 á cur isteach, ní mór di láimhdeachas (gan aon tairseach níos ísle ná níos airde) ó obair ealaíne nó chruthaitheach a thaispeáint faoi chás I nó II de Sceideal D. Ní mór don doiciméad a uaslódálann tú a bheith ar cheann a seoladh ar ais chuige agus a d’admhaigh na Coimisinéirí Ioncaim. Féadfaidh tú faisnéis eile ar Fhoirm 11 a cheilt.
An féidir le grúpa (mar shampla: comhlacht léiriúcháin, ceathairéad, banna ceoil, comharghrúpa ealaíontóirí) iarratas a dhéanamh?
Ní féidir. Baineann an tIoncam Bunúsach do na hEalaíona le hiarratasóirí aonair amháin.
Más in ainm comhpháirtíochta atá do chruthúnais ar chleachtas cruthaitheach gníomhach, nó in ainm na cuideachta a bhfuil baint agat léi, is gá dara leathanach a chur le do chruthúnas ina bhfuil do ról sa chuideachta nó sa chomhpháirtíocht mínithe go soiléir (mar chuid de gach cruthúnas nach bhfuil i d’ainm pearsanta féin). Is féidir uasmhéid de thrí uaslódáil a dhéanamh, mar sin ní mór iad sin a bheith ina leathanaigh thánaisteacha i ngach uaslódáil
Péinteálaim i m’am saor agus díolaim ag margaí áitiúla, an bhfuil mé i dteideal iarratas a dhéanamh?
Níl. Ní mór d’iarratasóirí a léiriú go bhfuil cleachtas ealaíne gníomhach, gairmiúil acu, (i.e. ní ealaíontóirí amaitéaracha nó ardaidhmeannach iad) trí thrí phíosa fianaise / cruthúnais a sholáthar, agus dhá cheann ar a laghad acu ó eagraíocht Éireannach, comhlacht deontais nó comhlacht ionadaíoch.
Tá liosta de na cruthúnais / fianaise ar shaothar ealaíne gairmiúil a nglacfar leo ar fáil sna Treoirlínte.
Bhain mé céim amach ó Choláiste na hEalaíne 5 bliana ó shin ach ní raibh cleachtadh ealaíne agam ó shin, an bhfuil mé i dteideal iarratas a dhéanamh?
Níl. Ní mór d’iarratasóirí a léiriú go bhfuil cleachtas ealaíne gairmiúil gníomhach, acu, trí thrí phíosa fianaise / cruthúnais a sholáthar, agus dhá cheann ar a laghad ó eagraíocht Éireannach, comhlacht deontais nó comhlacht ionadaíoch.
Oibrím sna healaíona i Riarachán, Bainistíocht, Fógraíocht, Cur Chun Cinn, an bhfuil mé i dteideal iarratas a dhéanamh?
Níl. Ní mór d’iarratasóirí a léiriú go bhfuil cleachtas ealaíne gníomhach, gairmiúil acu trí thrí phíosa fianaise / cruthúnais a sholáthar.
Bhí fonn orm i gcónaí a bheith i mo scríbhneoir agus táim i mbun mo chéad leabhair a dhréachtú, an bhfuil mé i dteideal iarratas a dhéanamh?
Níl. Ní mór d’iarratasóirí a léiriú go bhfuil cleachtas ealaíne gníomhach, gairmiúil acu, (i.e. ní ealaíontóirí amaitéaracha nó ardaidhmeannach iad) trí thrí phíosa fianaise / cruthúnais a sholáthar, agus dhá cheann ar a laghad acu ó eagraíocht Éireannach, comhlacht deontais nó comhlacht ionadaíoch.
Tá amhráin scríofa agam, an bhfuil mé i dteideal iarratas a dhéanamh?
Níl. Ní mór d’iarratasóirí a léiriú go bhfuil cleachtas ealaíne gníomhach, gairmiúil acu, (i.e. ní ealaíontóirí amaitéaracha nó ardaidhmeannach iad) trí thrí phíosa fianaise / cruthúnais a sholáthar, agus dhá cheann ar a laghad acu ó eagraíocht Éireannach, comhlacht deontais nó comhlacht ionadaíoch.
Sheinn mé an veidhlín an bealach ar fad tríd an scoil agus tá mo chuid scrúduithe Grád 8 agam, an bhfuil mé i dteideal iarratas a dhéanamh?
Níl. Ní mór d’iarratasóirí a léiriú go bhfuil cleachtas ealaíne gairmiúil, gníomhach acu trí thrí phíosa fianaise / cruthúnais a sholáthar, agus dhá cheann ar a laghad ó eagraíocht Éireannach, comhlacht deontais nó comhlacht ionadaíoch.
Ba mhaith liom bogadh go hÉirinn chun leas a bhaint as an scéim seo, an féidir liom é sin a dhéanamh?
Ní féidir. Ní mór d’iarratasóirí a bheith lonnaithe go príomha i bPoblacht na hÉireann tráth an iarratais agus ní mór dhá cheann ar a laghad de na trí phíosa fianaise / cruthúnais a sholáthraíonn siad a bheith ó eagraíocht Éireannach, comhlacht deontais nó comhlacht ionadaíoch.
An féidir liom iarratas a dhéanamh má tá mé os cionn 66?
Is féidir. Níl aon uasteorainn aoise ann d’iarratasóirí. Más féidir leat a léiriú go bhfuil cleachtas gníomhach agat mar ealaíontóir gairmiúil a bhfuil a gcleachtas lonnaithe den chuid is mó in Éirinn, is féidir leat iarratas a dhéanamh.
Mar sin féin, beidh tionchar an IBE ar íocaíochtaí coimirce sóisialaí, mar shampla: pinsin, ag brath ar do chúinsí aonair. Moltar go láidir d’iarratasóirí fiosrú a dhéanamh faoina gcás féin má fhaigheann siad íocaíocht, trí theagmháil a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí.
An féidir liom sonrasc a chur isteach mar chruthúnas ar chleachtas cruthaitheach gníomhach a bheith agam?
Ní féidir. Ní féidir sonrasc a úsáid mar chruthúnas ar Chleachtas Cruthaitheach Gníomhach
Led’ thoil, uaslódáil doiciméad malartach mar chruthúnas ar do chleachtas cruthaitheach; mar shampla: Conradh(conarthaí) le haghaidh seirbhíse a bhaineann le do shaothar cruthaitheach ó na 3 bliana seo caite nó dleachtanna údair as do shaothar
Féach ar na treoirlínte foilsithe le haghaidh faisnéise maidir le cruthúnais.
Cá bhféadfainn cruthúnais a uaslódáil má logálaim isteach sa Tairseach arís tar éis dom m’iarratas a thosú?
Más gá duit filleadh ar an bhfoirm chun leasuithe a dhéanamh sula gcuireann tú isteach í, logáil isteach arís agus roghnaigh ‘Foirmeacha’ ón mbarra roghchláir ar thaobh na láimhe clé. Ní féidir leat filleadh ar do chruthúnais/d’fhoirm iarratais/do shuirbhé trí na chéad cheithre thíl ar an deais, ní mór duit dul isteach tríd an mbarra roghchláir ar thaobh na láimhe clé amháin. Nuair atá do chruthúnais/d’fhoirm iarratais/do shuirbhé curtha isteach agat, ní féidir leat iad a leasú.
Cad iad na cruthúnais a mholtar dom a sholáthar?
Ní féidir linn liostaí uileghabhálacha a thabhairt de na míreanna is féidir a ghlacadh. Tá liosta de na cruthúnais a chaithfidh iarratasóirí a sholáthar ar fáil sna Treoirlínte. Moltar d’iarratasóirí athbhreithniú cúramach a dhéanamh ar threoirlínte an iarratais agus ar na Ceisteanna Coitianta, machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas agus na cruthúnais is láidre agus is fearr, dar leo, a léiríonn a gcleachtas gníomhach, gairmiúil, ealaíonta a roghnú lena gcur san áireamh ina n-iarratas.
Ba chóir go mbeadh cruthúnais ann le haghaidh imeachtaí faoi choimeádaíocht, cláraithe ag eagraíochtaí ealaíon aitheanta nó bailiúcháin faoi eagarthóireacht le haghaidh scríbhneoireachta, mar shampla, agus ba chóir go mbeidís infhíoraithe ag tríú páirtithe. Ba chóir go mbeidís le haghaidh cleachtas cruthaitheach ealaíonta gairmiúil.
Is fúthu siúd atá ag iarraidh a gcuid cruthúnas is láidre ar chleachtas gníomhach ealaíne, dar leo, a uaslódáil chun tacú lena n-iarratas ar an scéim, agus moltar d’iarratasóirí a gcuid cruthúnas is láidre a bhailiú agus a sholáthar lena léiriú gur ealaíontóir gairmiúil cleachtach iad. Déanfar seiceálacha fíoraithe más gá.
An leor na cruthúnais atá beartaithe agam a uaslódáil le go mbeidh mé incháilithe don IBE?
Ní féidir leis an Roinn doiciméid tacaíochta a réamhcheadú ná a athbhreithniú roimh ré. Tá liosta de na cruthúnais a nglacfar leo san áireamh sna Treoirlínte. Moltar d’iarratasóirí athbhreithniú cúramach a dhéanamh ar threoirlínte an iarratais agus ar na Ceisteanna Coitianta, machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas cruthaitheach agus na cruthúnais is láidre agus is fearr, dar leo, a léiríonn a gcleachtas gníomhach, gairmiúil, ealaíne a roghnú lena gcur san áireamh ina n-iarratas.
Is faoin iarratasóir atá sé na cruthúnais is láidre ar chleachtas gníomhach cruthaitheach, dar leo, a uaslódáil chun tacú lena n-iarratas ar an scéim, agus moltar d’iarratasóirí a gcuid cruthúnas is láidre a bhailiú agus a sholáthar gur ealaíontóir gairmiúil cleachtach iad. Déanfar seiceálacha fíoraithe más gá.
Forchoimeádann an Roinn an ceart tuilleadh eolais a iarraidh ar iarratasóirí. Ní féidir linn cruthúnais incháilitheachta a réamhbhailíochtú ná liostaí uileghabhálacha a thabhairt de na rudaí a nglacfar leo. Ní ghlacfar le sonraisc, punanna oibre, samplaí oibre, suíomhanna gréasáin, cuntais meán sóisialta, blaganna pearsanta / Substacks ná saothar féinfhoilsithe (níl an liosta sin uileghabhálach).
Ní mór taispeántais, féilte, etc. a bheith faoi choimeádaíocht / cláraithe agus a bheith ag ionad nó imeacht ealaíon aitheanta.
Cártaí ballraíochta mar chruthúnas
Má úsáidtear cárta Ballraíochta mar chruthúnas, ní mór Ainm an Iarratasóra, Ainm nó Lógó na hEagraíochta agus an Leibhéal Ballraíochta, ar a laghad, a bheith le feiceáil ar chárta an iarratasóra chun a dhearbhú gurb é sin an leibhéal a cheadaítear don IBE. Más gá an dá thaobh den chárta a thaispeáint leis sin a léiriú, ní mór íomhánna den dá thaobh a uaslódáil i gceann dá n-uaslódálacha. Is féidir uasmhéid de thrí uaslódáil a dhéanamh in aghaidh an iarratais, mar sin ní mór iad sin a bheith le feiceáil in aon doiciméad amháin.
An gá dom a bheith féinfhostaithe chun IARRATAS A DHÉANAMH ar an IBE?
Ní gá. Mar sin féin, ní mór dóibh siúd a roghnaítear chun an íocaíocht a fháil a bheith imréitithe ó na Coimisinéirí Ioncaim ó thaobh cánach de, agus ní mór dóibh clárú mar fhéinfhostaithe murab amhlaidh dóibh cheana féin agus Foirm 11 bhliantúil na gCoimisinéirí Ioncaim a sholáthar chun comhlíonadh cánach a chinntiú.
Próiseas iarratais agus roghnúcháin
Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?
Is féidir iarratais a dhéanamh tríd an tairseach iarratais ar líne. Tá an fhoirm iarratais ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge. Osclófar an tairseach d’iarratais ag 1pm Dé Céadaoin, an 15 Aibreán agus dúnfar í ag 5pm Dé Máirt, an 12 Bealtaine 2026. Ní bhreithneofar iarratais dhéanacha. Ní dhéanfar dréacht-iarratais a mheas. Ní ghlacfar ach le hiarratais a dhéantar tríd an Tairseach Ar Líne amháin.
Tá Treoir Úsáideora don tairseach iarratais ar fáil ag an nasc tairseach a luaithe a osclaítear é seo.
Conas a roghnófar faighteoirí IBE?
Déanfar an roghnú trí phróiseas roghnúcháin randamach gan ainm a úsáidfear chun na faighteoirí a chinneadh uatha siúd a rinne iarratas ar an scéim. Déanfar an roghnú a fhíorú ansin le haghaidh ionadaíochta i gcoinne linn na n-iarratasóirí chun a dheimhniú go bhfuil siad ag teacht le daonra na n-iarratas thar gach déimeagrafaic lena n-áirítear aois, inscne, suíomh etc.
Meastar gurb é sin an próiseas roghnúcháin is cothroime nuair nach féidir maoiniú a bhronnadh ar gach iarratasóir incháilithe ag an am seo. Tugann roghnú randamach seans comhionann roghnúcháin do gach iarratasóir incháilithe agus íoslaghdaíonn sé claontacht an duine. Cinntíonn roghnú randamach freisin go bhfuil na daoine a roghnaítear ionadaíoch ar an líon níos leithne iarratasóirí, rud a chinntíonn scaipeadh geografach, cothromaíocht inscne, agus cothromaíocht ar fud e.g. foirmeacha ealaíon, aois etc.
An ndéanfar measúnuithe fiúntais ar iarratais?
Roghnófar rannpháirtithe trí phróiseas roghnúcháin randamach gan ainm. Ní roghnófar ach iarratasóirí ar féidir leo a n-incháilitheacht a léiriú faoi na treoirlínte chun na deontais a fháil. Meastar gurb é sin an próiseas roghnúcháin is cothroime i gcás nach bhfuil dóthain maoinithe ann chun an IBE a sholáthar do gach iarratasóir incháilithe.
An mbeidh tionchar ag na freagraí a thugaim ar cheisteanna an tsuirbhé ar cibé an roghnófar mé don scéim?
Ní bheidh. Déanfar an roghnú trí phróiseas roghnúcháin randamach gan ainm a úsáidfear chun na faighteoirí a chinneadh uatha siúd a rinne iarratas ar an scéim. Déanfar na sonraí a bhailítear trí shuirbhéanna a anaithnidiú chun na sonraí bonnlíne (na sonraí a bhailítear ó gach iarratasóir chun faisnéis a thabhairt ag tús na scéime) a mheas.
An ndéanfar tástáil acmhainne ar iarratais?
Ní dhéanfar tástáil acmhainne ar iarratasóirí IBE. Tá íocaíochtaí IBE ináirithe chun críocha cánach ioncaim. Beidh ar gach faighteoir roghnaithe clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim mar fhéinfhostaithe agus cáin ioncaim Sceideal D a íoc, i gcás inarb iomchuí, ar an íocaíocht deontais um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona ón bpíolóta faoi dhliteanas ÁSPC Aicme S
Cén fáth a dtógann an t-iarratas suas le 90 nóiméad le comhlánú?
Tá clár taighde mar bhonn agus mar thaca ag an Ioncam Bunúsach do na hEalaíona. Mar sin, beidh ar fhaighteoirí tabhairt faoi bhailiú sonraí leanúnach. Úsáidfear na sonraí sin ar bhonn leanúnach leis an scéim a mheasúnú, i gcomhréir le treoirlínte ar cheapadh beartais fianaisebhunaithe an Rialtais.
Mar chuid den iarratas, ceanglaítear ar gach iarratasóir suirbhé a chomhlánú a bheidh mar bhonn eolais don scéim. Beidh comhlánú suirbhéanna comhchosúla mar choinníoll rannpháirtíochta ar an scéim dóibh siúd a roghnófar. Measfar nach mbeidh iarratasóirí nach líonann an suirbhé ag céim an iarratais incháilithe.
Moltar d’iarratasóirí breathnú ar Cheisteanna an tSuirbhé Sample Application Survey roimh fhuinneog an iarratais d’fhonn a gcuid freagraí a ullmhú chun cabhrú leis an iarratas a chomhlánú níos tapúla.
Cad is sonraí bonnlíne ann?
Is ionann sonraí bunlíne agus na sonraí a bhailítear ó gach iarratasóir chun faisnéis a thabhairt ag tús na scéime. Tá sé seo á bhailiú ógach iarratasóir mar go bhfuil orthu suirbhé a chomhlánú mar chuid den iarratas.
Cén sruth ar chóir dom iarratas a dhéanamh faoi?
Ba cheart do bheagnach gach iarratasóir iarratas a dhéanamh faoin sruth caighdeánach agus trí chruthúnas ar chleachtas ealaíne gníomhach, gairmiúil a sholáthar.
Tá sruth ann freisin d’Iarratasóirí ar Bronnadh Céim orthu le Déanaí (RGAnna), a bhfuil orthu píosa amháin fianaise tacaíochta a sholáthar. Tá leathanach / táb ar leith ar an bhfoirm iarratais a úsáidfidh siad chun é seo a dhéanamh, tá sé marcáilte go soiléir. Ní bhaineann sé seo ach leo siúd a bhain céim amach ó institiúid ábhartha in 2024 nó 2025, agus suas go dtí an 1 Meán Fómhair 2026, le cáilíocht tríú leibhéal (leibhéal 8 nó os a chionn sin amháin) le haghaidh cúrsa ábhartha, cleachtasbhunaithe. Tá an sruth teoranta d’uasmhéid de 100 de na 2000 áit atá ar fáil.
Más rud é go raibh mé páirteach sa scéim phíolótach maidir le hIoncam Bunúsach do na hEalaíona roimhe seo, an gá dom cuntas nua a chruthú?
Sea, caithfidh gach iarratasóir cuntas nua a chruthú do scéim um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona 2026 - 2029.
Cathain is féidir le hiarratasóirí roghnaithe a bheith ag súil le tús a chur le híocaíocht a fháil?
Déanfar an chéad íocaíocht le faighteoirí roghnaithe roimh dheireadh 2026. Ceadaíonn an maoiniú a fuarthas i mBuiséad 2026 íocaíocht €325 in aghaidh na seachtaine ó Mheán Fómhair do 2000 ealaíontóir. Mar sin féin, beag beann ar dháta na chéad íocaíochta, déanfar íocaíochtaí na bhfaighteoirí a shiardhátú go Meán Fómhair 2026 agus íocfar iad roimh dheireadh na bliana.
Cathain a osclófar Scéim IBE 2026 – 2029 d’iarratais?
Osclófar Scéim um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona d’iarratais Dé Céadaoin, an 15 Aibreán 2026 agus cuirfear tús le híocaíochtaí roimh dheireadh na bliana. Foilsíonn an tAire O’Donovan Treoirlínte don Scéim Nua um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona Foilsíodh na Treoirlínte Dé Céadaoin, an 1 Aibreán, sula cuireadh tús le glacadh le hiarratais, d’fhonn am a thabhairt d’iarratasóirí na fianaisí ábhartha a theastaíonn chun incháilitheacht a léiriú a bhailiú, agus iad féin a chur ar an eolas faoi cheisteanna an tsuirbhé sula ndéanann siad a n-iarratas.
Cé mhéad ealaíontóir a gheobhaidh an íocaíocht IBE?
Maoineofar 2,000 ealaíontóir incháilithe faoin scéim ag ráta €325 in aghaidh na seachtaine. Tá an roinn ag súil le líon mór iarratas, i bhfad níos mó ná líon na n-ealaíontóirí a mbeidh maoiniú ar fáil dóibh, agus dá bhrí sin, ní bheidh sé indéanta maoiniú a sholáthar do gach iarratasóir incháilithe.
An mbeidh faighteoirí nua na híocaíochta ar an scéim go buan?
Ní bheidh. Gheobhaidh faighteoirí an íocaíocht ar feadh 3 bliana.
An mbeidh na faighteoirí gan ainm?
Ní bheidh. Foilseofar ainmneacha faighteoirí an IBE 2026-2029, i gcomhréir leis an ngnáthchleachtas maidir le maoiniú ealaíon agus féadfar iad a fhoilsiú ar chlár Cúnaimh Stáit an AE atá ar fáil go poiblí.
An bhfaighidh gach ealaíontóir incháilithe maoiniú?
Ní bhfaighidh. Le leithdháileadh €18.27 milliún do 2026, tá an Roinn in ann 2,000 ealaíontóir a mhaoiniú. Táthar ag súil le líon mór iarratas agus dá bhrí sin, ní bheidh sé indéanta maoiniú a chur ar fáil do gach iarratasóir incháilithe.
An gcaillfidh ealaíontóirí atá ar shochair leasa shóisialaigh a sochair má ghlacann siad leis an IBE?
Déileálfaidh an RCS le híocaíochtaí IBE a fhaightear mar ioncam ó fhéinfhostaíocht chun críocha a thástálacha acmhainne éagsúla. Ciallaíonn sé sin, i gcás ina n-áirítear le scéim neamhaird ar mhéid áirithe ioncaim ó fhéinfhostaíocht, cuirfear an neamhaird sin i bhfeidhm ar ioncam ó IBE.
Ba cheart a thabhairt faoi deara nach n-áirítear neamhaird ar ioncam ó fhéinfhostaíocht i ngach scéim faoi réir tástála acmhainne. Braithfidh an tionchar a bheidh ag an ioncam seo ar íocaíocht RCS duine ar an tástáil acmhainne don scéim sin agus ar chúinsí aonair an duine.
Moltar d’iarrthóirí a roghnaítear chun an íocaíocht a fháil teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí lena chinneadh an tionchar a bheidh ar a n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh má fhaigheann siad an íocaíocht sula nglacann siad le tairiscint rannpháirtíochta.
Cé leis ar féidir liom teagmháil a dhéanamh le haghaidh eolais maidir le mo chás Coimirce Sóisialaí agus an íocaíocht IBE?
D’fhoilsigh an RCS leathanach gréasáin Idirghníomhú scéim phíolótach Bun-Ioncaim do na hEalaíona le híocaíochtaí ón RCS chun cabhrú le hiarratasóirí ionchasacha ar IBE lena n-imní atá le fáil anseo: Idirghníomhaíocht na Scéime um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona le híocaíochtaí RCS.
Tá sonraí teagmhála na rannóga ábhartha ar fáil faoi Cheannteideal 5. Ba cheart d’iarrthóirí féideartha teagmháil a dhéanamh leis an rannóg ábhartha óna bhfaigheann siad a n-íocaíocht leasa shóisialaigh.
Ceisteanna Ginearálta faoin Scéim
Cén fáth nach Bunioncam Uilíoch é seo?
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach Bunioncam Uilíoch é an tIoncam Bunúsach do na hEalaíona. Is idirghabháil earnála í sin chun tacú le healaíontóirí gairmiúla atá ag cleachtadh díriú ar a gcleachtas cruthaitheach.
An leanfaidh an clár taighde ar aghaidh?
Leanfaidh. Ní mór do gach polasaí a bheith bunaithe ar fhianaise agus beidh ar iarratasóirí sonraí suirbhé leanúnacha a sholáthar ar feadh ré na scéime. Mura soláthraíonn siad é sin, bainfear den scéim iad.
An mbeidh na haschuir poiblí?
Beidh, cuirfear aschuir taighde ar fáil don phobal, mar a bhí i gcás na tréimhse píolótaí. Is féidir leat tuarascálacha ón scéim phíolótach IBE a fháil anseo: Tuarascálacha IBE. Déanfar na sonraí a bhailítear trí shuirbhéanna a anaithnidiú sa mheastóireacht ar an scéim. Déanfar meastóireacht ar shonraí ar leibhéal comhiomlán agus ní ar leibhéal aonair.
Cad a bheidh i gceist leis an taighde?
Mar chuid den iarratas, ní mór do gach iarratasóir suirbhé a chomhlánú, agus beidh comhlánú suirbhéanna comhchosúla mar choinníoll rannpháirtíochta sa scéim dóibh siúd a roghnófar. Measfar nach mbeidh iarratasóirí nach líonann an suirbhé ag céim an iarratais incháilithe.
Tá clár taighde mar bhonn agus mar thaca ag an Ioncam Bunúsach do na hEalaíona. Beidh ar fhaighteoirí tabhairt faoi bhailiú sonraí leanúnach trí shuirbhéanna. Úsáidfear na sonraí sin ar bhonn leanúnach leis an scéim a mheasúnú, i gcomhréir le treoirlínte ar cheapadh beartais fianaisebhunaithe an Rialtais.
Féach anseo le haghaidh sampla den chineál ceisteanna a chuirfear mar chuid den suirbhé iarratais BIA_2026_Application_Survey_Example.pdf
An féidir leo siúd a bhí ar an IBE Píolótach iarratas a dhéanamh ar an scéim chomharba?
Is féidir, chomh fada agus is féidir leo a léiriú go gcomhlíonann siad critéir incháilitheachta scéim 2026 – 2029. Ní hionann incháilitheacht don scéim phíolótach agus go mbeidh ealaíontóir incháilithe go huathoibríoch do bhabhtaí na scéime sa todhchaí.
An féidir leo siúd a bhí mar chuid den Ghrúpa Rialaithe IBE Píolótach iarratas a dhéanamh ar an scéim chomharba?
Is féidir, chomh fada agus is féidir leo a léiriú go gcomhlíonann siad critéir incháilitheachta scéim 2026 – 2029. Ní hionann incháilitheacht don scéim phíolótach agus go mbeidh ealaíontóir incháilithe go huathoibríoch do bhabhtaí na scéime sa todhchaí.
An féidir leo siúd a bhí incháilithe don IBE Píolótach ach nár éirigh leo iarratas a dhéanamh?
Is féidir, chomh fada agus is féidir leo a léiriú go gcomhlíonann siad critéir incháilitheachta scéim 2026 – 2029. Ní hionann incháilitheacht don scéim phíolótach agus go mbeidh ealaíontóir incháilithe go huathoibríoch do bhabhtaí na scéime sa todhchaí.