Léirmheasanna Ilbhliantúla Choimisiún na Meán ar RTÉ agus TG4
- Foilsithe: 11 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 5 Eanáir 2026
De réir alt 124 den Acht Craolacháin 2009, tugann Coimisiún na Meán, ar a dtugtaí Údarás Craolacháin na hÉireann (ÚCÉ) roimhe seo, faoi athbhreithniú ar mhaoiniú poiblí RTÉ agus TG4 gach cúig bliana.
Mar chuid den athbhreithniú, déanann Coimisiún na Meán moladh ‘maidir leis an leibhéal maoinithe poiblí riachtanach a theastaíonn chun ligean don chorparáid a cuspóirí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh’. Déanann sé a mholtaí maoinithe poiblí agus tuairiscíonn sé don Aire.
Ansin cuireann an tAire an dá dhoiciméad faoi bhráid an Rialtais, a fhoilsíonn freagra ar na moltaí ina dhiaidh sin.
Tá sé beartaithe ag Scéim Ghinearálta an Bhille Craolacháin (Leasú) leasuithe suntasacha a dhéanamh ar an bpróiseas athbhreithnithe ilbhliantúil.
Athbhreithniú 2025
Tuarascáil agus Moltaí Choimisiún na Meán, Athbhreithniú Cúig Bliana ar Mhaoiniú Poiblí 2025
Tuarascáil an Chomhairleora, Athbhreithniú Cúig Bliana ar Mhaoiniú Poiblí 2025
Athbhreithniú 2018
Moltaí an ÚCÉ, Athbhreithniú Cúig Bliana ar Mhaoiniú Poiblí 2018
Freagra an Rialtais, Athbhreithniú Cúig Bliana ar Mhaoiniú Poiblí 2018