Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Comhairle na bhForas Cultúrtha Náisiúnta

Is comhlacht reachtúil é Comhairle na nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta a bunaíodh faoin Acht um Chiste Oidhreachta, 2001.

Is é cuspóir na Comhairle:

  • éascaíocht a dhéanamh ar thiomsú thallann, thaithí agus fhís Stiúrthóirí na bhForas Cultúrtha Náisiúnta, chun an leas cultúrtha náisiúnta a chur chun cinn
  • moltaí a dhéanamh don Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi ábhair a mholtar a cheannach leis an gCiste Oidhreachta i ndáil le cúig fhoras incháilithe, dá bhforáiltear faoi alt 2(1) den Acht um Chiste Oidhreachta, 2001

Is iad seo a leanas baill na Comhairle:

  • Stiúrthóir, an Chartlann Náisiúnta
  • Stiúrthóir, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
  • Stiúrthóir, Ard-Mhúsaem na hÉireann
  • Stiúrthóir, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
  • Stiúrthóir, an Chomhairle Ealaíon
  • Príomhfheidhmeannach, an Chomhairle Oidhreachta
  • Stiúrthóir, Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann
  • Stiúrthóir, an Ceoláras Náisiúnta
  • Stiúrthóir, Leabharlann Chester Beatty
  • Stiúrthóir Ealaíne, Amharclann na Mainistreach
  • Stiúrthóir, Áiléar Crawford

Déan teagmháil le: Aonad na Scéimeanna agus Tionscnamh Cultúir , Tithe an Rialtais, An Bóthar Nua, Cill Airne, Co. Chiarraí, V93 A49X

Seoladh Ríomhphoist: csu@tcagsm.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat