Comhairliúchán maidir leis do chóras gearán aonair
- Foilsithe: 28 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- An Bille um Rialáil Sábháilteacht agus Meán ar Líne
- An sainghrúpa do chóras gearán aonair
- Mar is féidir leat a bheith páirteach ann
- Doiciméid
- Cosaint Sonraí
An Bille um Rialáil Sábháilteacht agus Meán ar Líne
Leagtar amach creat córasach rialála do shábháilteacht ar líne sa Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne, atá ar fáil anseo. Tugann an creat seo cumhacht do Choimisiún na Meán dul i ngleic le soláthar catagóirí sainithe d’ábhar díobhálach ar líne trí chóid cheangailteacha sábháilteachta ar líne agus trí bhearta eile. Leagfar amach sna cóid sin rialacha agus ionchais maidir le conas is féidir le seirbhísí ainmnithe ar líne a gcuid seirbhísí a dhéanamh níos sábháilte, lena n-áirítear maidir le caighdeáin le haghaidh láimhseáil gearán.
Beidh cumhachtaí láidre imscrúdaithe agus smachtbhanna ag an gCoimisiún, lena n-áirítear an cumas iniúchadh a dhéanamh ar sheirbhísí ainmnithe ar líne maidir leis an láimhseáil a dhéanann siad ar ghearáin. Ina theannta sin, tá sé de dhualgas ar an gCoimisiún scéim ghearán a chruthú faoina bhféadfadh comhlachtaí ainmnithe ceisteanna a chur faoi bhráid an rialtóra go foirmiúil.
Áirítear leis na catagóirí d’ábhar dochrach ar líne a chumhdaítear leis an mBille ábhar a bhaineann go sonrach le cion atá nasctha le sceideal de 40 cion coiriúil agus roinnt catagóirí eile ábhair, lena n-áirítear ábhar cibearbhulaíochta, ábhar a chuireann féinmharú nó féinghortú chun cinn nó a sholáthraíonn treoracha maidir lena leithéid, agus ábhar a chuireann neamhord itheacháin chun cinn. Tá na catagóirí deiridh seo faoi réir tástála riosca maidir le riosca don bheatha nó riosca réasúnta intuartha do shláinte fhisiciúil nó mheabhrach. Forálann an Bille go ndéanfar gach cinneadh faoi cibé an bhfuil aon ábhar ar líne ar leith díobhálach de réir na dóchúlachta. Forálann an Bille do phróiseas trína bhféadfaí catagóirí breise ábhair a shonrú, faoi réir mhaoirseacht an Oireachtais.
Áirítear ar na seirbhísí a chumhdaítear leis an mBille Seirbhísí Ardán Roinnte Físeán (m.sh. YouTube, TikTok, Twitter, Instagram), a cheanglaítear orthu a rialáil mar chatagóir faoin Treoir athbhreithnithe um Sheirbhísí Meán Closamhairc maidir lena n-ábhar físeáin. Ina theannta sin, tugtar an chumhacht don Choimisiún raon leathan seirbhísí eile ar líne a ainmniú ar bhonn measúnuithe riosca a éascaíonn rochtain ar ábhar a chruthaíonn úsáideoirí. Áiríonn sé seo Seirbhísí Ardán Roinnte Físeán a ainmniú maidir lena n-ábhar neamhfhíseáin.
An sainghrúpa do chóras gearán aonair
Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, an sainghrúpa ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go ndéanfaí foráil do chóras gearán aonair sa Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne. Is féidir téarmaí tagartha an ghrúpa saineolaithe a fháil anseo.
Sa chomhthéacs sin, tá an sainghrúpa dírithe go háirithe ar thaobh praiticiúil agus ar fheidhmiú féideartha chóras gearán aonair agus tá ionchur struchtúrach á lorg aige maidir leis na gnéithe sin. Ón taobh sin de, iarrann an sainghrúpa ar fhreagróirí a n-ionchur sna cúrsaí seo a theorannú agsus tagairt a dhéanamh do théarmaí tagartha an ghrúpa saineolaithe agus do na ceisteanna molta.
Mar is féidir leat a bheith páirteach ann
Osclaíonn an tréimhse chomhairliúcháin ar an [dáta] agus críochnaíonn sé ar an [dáta]. Is féidir le freagróirí a n-ionchur a sheoladh i ríomhphost chuig: onlinesafetyconsultation@tcagsm.gov.ie agus anseo freisin.
Doiciméid
Cosaint Sonraí
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (FOI), na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007-2018 (AIE) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháide Sonraí Data Protectiona mhíníonn cén uair agus cén chaoi a mbailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus cén chaoi a gcaithimid leis an bhfaisnéis sin. Míníonn sé freisin do chearta maidir le faisnéise pearsanta a bhailiú agus cén chaoi ar féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.