Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Eoraip Dhigiteach


An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa

Tá sé mar aidhm ag Clár na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (CEF) tionscadail a mhaoiniú a chuireann le claochlú digiteach na hEorpa a neartú agus clúdaíonn sé na topaicí seo a leanas:

Táthar ag súil go n-eiseofar an chéad ghlao eile ar thograí i ráithe 4 2025.

Pointí Teagmhála

Karen Tighe karen.tighe@decc.gov.ie
John Uhlemann john.uhlemann@decc.gov.ie

Má tá aon cheist agat, ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh linn.

An Clár don Eoraip Dhigiteach (DIGITAL)

Le Clár an Choimisiúin Eorpaigh don Eoraip Dhigiteach (DIGITAL) cuirfear maoiniú straitéiseach ar fáil chun tacú le tionscadail i gcúig réimse acmhainne ríthábhachtacha:

  • Sár-ríomhaireacht
  • Intleacht Shaorga (AI)
  • Cibearshlándáil
  • Ard-scileanna digiteacha
  • Moil Nuálaíochta Digiteacha

Tá leithdháileadh buiséid foriomlán beartaithe de €7.5 billiún ag an gClár agus tá sé mar aidhm aige claochlú digiteach shochaí agus gheilleagar na hEorpa a mhúnlú, rud a thabharfaidh buntáistí do gach duine, ach go háirithe do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide.

Margadh Aonair Digiteach an AE (DSM)

Is é fís Mhargadh Aonair Digiteach an AE margadh aonair a bhunú do sheirbhísí digiteacha san Aontas, agus iomaíocht chóir, ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus cosaint sonraí pearsanta a áirithiú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí Eorpacha.

Ó 2015 i leith, glacadh le 28 as 30 tionscnamh reachtach maidir le Margadh Aonair Digiteach an AE faoi thrí cholún:

  • Rochtain ar tháirgí agus seirbhísí ar líne do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí
  • An timpeallacht a mhúnlú le go bhfásfaidh agus go n-éireoidh le líonraí agus seirbhísí digiteacha
  • Acmhainneacht fáis gheilleagar digiteach na hEorpa a uasmhéadú

Measann an Coimisiún Eorpach gur féidir leis an Margadh Aonair Digiteach deiseanna a chruthú do ghnólachtaí nuathionscanta agus do chuideachtaí atá ann cheana féin i margadh ina bhfuil breis agus 500 milliún duine, agus go bhféadfadh sé €415 billiún in aghaidh na bliana a chur le geilleagar na hEorpa, poist a chruthú agus ár seirbhísí poiblí a athrú.

Is féidir le húsáid fheabhsaithe teicneolaíochtaí digiteacha rochtain na saoránach ar fhaisnéis agus ar chultúr a fheabhsú, a ndeiseanna fostaíochta a fheabhsú agus rialtas oscailte nua-aimseartha a chur chun cinn.

Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (DECC) freagrach as caibidlíocht ar roinnt tionscnamh reachtacha faoi Mhargadh Aonair Digiteach an AE, lena n-áirítear:

  • Fánaíocht san AE mar atá sa Bhaile
  • WiFi4EU
  • An Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach
  • Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach
  • ePrivacy Regulation
  • Rialáil ar Shaorshreabhadh Sonraí

Cuireann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide le dearcadh uile-rialtais ar an Margadh Aonair Digiteach trí Choiste Idir-rannach um Mhargadh Aonair Digiteach an AE atá faoi stiúir na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta.

An Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach

Is athbhreithniú ar chreat rialála iomlán an AE don earnáil teileachumarsáide é an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (EECC) . Aisghairmfear leis an Treoir Réime, Treoir an Údaraithe, Treoir na Rochtana agus an Treoir um Sheirbhís Uilíoch agus cuirfear ina n-ionad é.

Prionsabail Dhigiteacha Eorpacha

comhairliúchán poiblí seolta ag an gCoimisiún Eorpach maidir le sraith prionsabal a cheapadh chun luachanna an AE a chur chun cinn agus a choinneáil i bhfeidhm sa spás digiteach. Tá sé mar aidhm ag an gcomhairliúchán, atá oscailte go dtí an 2 Meán Fómhair, díospóireacht shochaíoch leathan a thosú agus tuairimí a bhailiú ó shaoránaigh, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ó ghnólachtaí, ó riaracháin agus ó gach páirtí leasmhar. Beidh na prionsabail seo mar threoir ag an AE agus ag na Ballstáit agus rialacha agus rialacháin dhigiteacha á ndearadh acu a sholáthróidh buntáistí an digitithe do gach saoránach.

Beidh na ranníocaíochtaí don chomhairliúchán poiblí mar chuid de thogra ón gCoimisiún le haghaidh dearbhú comhpháirteach idirinstitiúideach maidir le Prionsabail Dhigiteacha ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ón gCoimisiún. Táthar ag súil leis an togra seo faoi dheireadh 2021.

Sonraí Eorpacha

Tá comhairliúchán poiblí seolta ag an gCoimisiún Eorpach maidir leis an Acht Sonraí agus leasaithe ag na rialacha maidir le cosaint dhlíthiúil bunachair shonraí, atá oscailte go dtí an 3 Meán Fómhair 2021.

Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí a éascú, agus athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le cosaint dhlíthiúil bunachair shonraí. Féachann sé le cothromaíocht cheart a bhaint amach idir cearta rochtana ar shonraí agus dreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i sonraí, gan na rialacha reatha maidir le cosaint sonraí a athrú.

Baileofar faisnéis faoi na gnéithe seo a leanas sa chomhairliúchán:

  • Comhroinnt sonraí idir gnólachtaí agus rialtais ar mhaithe le leas an phobail
  • Comhroinnt sonraí gnólacht le gnólacht
  • Uirlisí le haghaidh comhroinnt sonraí: Conarthaí Cliste
  • Soiléiriú ar chearta maidir le sonraí neamhphearsanta Idirlín na Rudaí a eascraíonn as úsáid ghairmiúil
  • Feabhsú iniomparthachta d'úsáideoirí gnó seirbhísí scamall
  • Ag cur leis an gceart iniomparthachta faoi Airteagal 20 RGCS
  • Cearta Maoine Intleachtúla – Cosaint Bunachair Sonraí
  • Cosaintí le haghaidh sonraí neamhphearsanta i gcomhthéacs idirnáisiúnta

Fógairt maidir le Bonneagar Cumarsáide Candamaí na hEorpa (EuroQCI)

Tá Dearbhú EuroQCI sínithe ag Éirinn , ag gabháil le gealltanas gach ceann de 27 Ballstát an AE oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis, chun EuroQCI a thógáil – bonneagar cumarsáide chandamach slán a bheidh ar fud an AE ar fad. Beidh líonraí cumarsáide ardfheidhmíochta, slána den sórt sin riachtanach chun freastal ar riachtanais chibearshlándála na hEorpa sna blianta amach romhainn.

Beidh an EuroQCI mar chuid de phlean níos leithne ón gCoimisiún chun córas nascachta slán bunaithe ar shatailít a sheoladh a chuirfidh leathanbhanda ardluais ar fáil i ngach áit san Eoraip. Cuirfidh an plean seo seirbhísí nascachta iontaofa, cost-éifeachtacha ar fáil le slándáil dhigiteach fheabhsaithe. Dá bhrí sin, cuirfidh EuroQCI sraith bhreise slándála leis na bonneagair chumarsáide atá ann cheana féin bunaithe ar phrionsabail na meicnice candamaí – mar shampla, trí sheirbhísí a sholáthar bunaithe ar dháileadh eochrach chandamach, foirm chriptithe atá an-slán.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat