Meastóireacht ar an gCóras Faisnéise Feidhmíochta sa Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt
- Foilsithe: 15 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 18 Nollaig 2025
Áiríodh sa Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhíse Poiblí 2023 ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (AR&CC) caibidil ar fheidhmíocht na n-ealaíon agus an chaiteachais spóirt a thomhas. Chríochnaigh an chaibidil le moladh gur cheart don Roinn meastóireacht a dhéanamh ar a córas faisnéise feidhmíochta.
Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh an AR&CC, rinne an Roinn measúnú ar oiriúnacht bhearta feidhmíochta na Roinne sa Phróiseas Meastachán Athbhreithnithe agus sa Tuarascáil Bhliantúil chun monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí a clár comhchoiteann. Tá an tuarascáil ón obair seo, “Meastóireacht ar an gCóras Faisnéise Feidhmíochta sa Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt”, ar fáil thíos.