Féilte agus Scoileanna Samhraidh Áitiúla ar Scála Beag 2026

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Féilte agus Scoileanna Samhraidh Áitiúla ar Scála Beag 2026


Réamhrá

Le linn 2026, cuirfidh an Roinn Cultúir, Cumarsáide, agus Spóirt (an Roinn) ciste ar fáil le haghaidh na Scéime um Fhéilte Áitiúla agus Scoileanna Samhraidh ar Scála Beag chun tacú le cuspóir ardchaighdeáin na Roinne maidir le rochtain ar na healaíona, ar chultúr agus ar na hearnálacha scannáin a fheabhsú agus maidir leis an ról sóisialta agus eacnamaíoch atá ag na hearnálacha sin in Éirinn a aithint.

Tugann na tionscadail cúnamh an-tábhachtach d’fhorbairt agus do chur chun cinn turasóireachta cultúrtha inbhuanaithe na hÉireann, ar mhaithe leis an turasóir inmheánach agus eachtrannach agus is cuid thábhachtach iad de sholáthar na ngealltanas um thurasóireacht chultúrtha i gClár an Rialtais.

Is é €5,000 an méid is mó maoinithe in aghaidh an iarratasóra.

Cuspóir/Réasúnaíocht

Cabhraíonn an Scéim seo leis an Roinn agus a cuspóir chun tacú le rannpháirtíocht daoine agus pobal leis na healaíona, le cultúr agus le cruthaitheacht agus rannpháirtíocht iontu a fhorbairt, rud a shaibhríonn saolta trí ghníomhaíocht chultúrtha. Ní foláir do thionscadail a mhaoinítear faoin scéim rochtain ar na healaíona, ar chultúr agus ar earnálacha scannáin a fheabhsú agus ról sóisialta agus eacnamaíoch na n-earnálacha sin in Éirinn a aithint.

Is d’fhéilte, do scoileanna samhraidh agus d’imeachtaí dá leithéid chéanna atá cuí agus seachbhrabúsach amháin í an Scéim um Fhéilte Áitiúla agus Scoileanna Samhraidh ar Scála Beag.

Tá an scéim ceaptha chun tacú le féilte beaga áitiúla cultúrtha agus le scoileanna samhraidh nach bhfaigheann airgead lárnach eile an Rialtais agus nach féidir leo a bheith incháilithe faoi chritéir maoiniúcháin le haghaidh imeachtaí ar scála níos mó a dtacaíonn Fáilte Éireann, an Chomhairle Ealaíon agus comhlachtaí den sórt céanna leo. Níl imeachtaí a mhaoiníonn an Chomhairle Ealaíon agus Fáilte Éireann iad incháilithe.

Iarratais

Ní foláir d’iarratais :

  • a bheith cáin-chomhlíontach - tabhair do d’aire nach measúnófar iarratais gan uimhir thagartha cánach
  • ní féidir le hiarratais maoiniúchán a fháil ón gComhairle Ealaíon nó ó Fáilte Éireann don imeacht is ábhar don iarratas. Áiríonn sé sin bunchistiú na Comhairle Ealaíon nó Fáilte Éireann áit ar cuid de phríomhghnó é an t-imeacht. Tabhair do d’aire go ndeimhneoidh an tAonad um Scéimeanna agus Tionscnaimh Chultúrtha an bhfuil maoiniúchán na Comhairle Ealaíon/ Fáilte Éireann ar fáil le haghaidh iarratais incháilithe uile
  • an cuspóir, an chríoch agus an toradh deiridh atá mar aidhm ag an tionscadal molta a leagadh amach go soiléir.
  • a oiread agus a chomhlíonann an tionscadal cuspóirí na scéime a léiriú agus tagairt ar leith do ghné na Scoileanna Samhraidh nó Féilte á chur san áireamh.
  • costais agus ioncam tionscadail a chur ar fáil i bhformáid tháblach.
  • a chinntiú go bhfeidhmíonn comhlachtaí, eagraíochtaí agus institiúidí go seachbhrabúsach; lorgóidh an Roinn fianaise amhail Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais le stádas seachbhrabúsach a léiriú.
  • aon sonraí maidir le maoiniúchán ó aon chomhlacht poiblí eile a leagadh amach nó nuair nach bhfuil a leithéid de mhaoiniúchán á fháil agat a lua go soiléir.
  • a chinntiú go bhfuil an tionscadal réadúil maidir le scála, costais, acmhainn chun é a chríochnú, cúnamh a lorgaíodh agus achar ama chun soláthair.
  • go n-éilítear go bhfuil gach aighneacht a dhéantar agus an t-iarratas ar mhaoiniúchán á lorg cruinn agus fíor.
  • go bhfuil na ceaduithe rialála riachtanacha i bhfeidhm aige.
  • cóipeanna d’árachas imeachta/ d’árachas dliteanais phoiblí/ nó d’árachas cuí eile a chur ar fáil.
  • sonraí maidir le tionscnaimh le haghaidh an imeachta sin a chur ar fáil maidir le Comhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú; An Ghaeilge; nó Gníomhú ar son na hAeráide.
  • fianaise a sholáthar gur chláraigh an eagraíocht do Chód Iompair Shábháilte le Cruthú https://www.safetocreate.ie/; agus
  • gan hipearnaisc le hábhar breise a úsáid mar nach gcuirfear sin san áireamh sa mheasúnú

Measúnófar iarratais ar bhonn iomaíoch agus is é cinneadh na coiste measúnaithe an cinneadh deiridh.

Má éireoidh leis an iarratas, beidh deimhniú ag teastáil uainn gur cuireadh an tÚdarás Áitiúil ar an eolas mí amháin ar a laghad roimh an imeacht.

Incháilitheacht

Tá na critéir seo a leanas maidir le hincháilitheacht i bhfeidhm:

  • Pléifear iarratas amháin in aghaidh an chomhlachta d’imeacht amháin nó in aghaidh an tionscadail
  • Níl iarratasóirí a mhaoiníonn Fáilte Éireann agus/ nó an Chomhairle Ealaíon go díreach iad incháilithe faoin scéim seo
  • Níl cead ag iarratasóirí maoiniú a lorg ó aon scéim eile a riarann an tAonad um Scéimeanna agus Tionscnaimh Chultúrtha (Scéim Taispeántas na Músaem Réigiúnach, Comhoibriú le Scéim Mhaoinithe Thuaisceart Éireann, An Scéim Mhaoinithe um Fhéilte Áitiúla agus Scoileanna Samhraidh ar Scála Beag, An Scéim Soghluaisteachta Bailiúchán) don tionscadal céanna. Is féidir diúltú do cheann amháin nó don dá iarratas araon má lorgaíonn an tionscadal céanna maoiniú le haghaidh níos mó ná scéim amháin
  • Níl eagraíochtaí nó imeachtaí a fhaigheann bunchistiú oibríochta na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt incháilithe do mhaoiniú faoin scéim seo
  • Ní foláir d’eagraíochtaí clárú le Cód Iompair Shábháilte le Cruthú chun a bheith incháilithe https://www.safetocreate.ie/

Déanfar íocaíochtaí i riaráistí nuair a fhaightear sonraisc íoctha agus tuarascálacha ábhartha agus cruthú íocaíochta i bhfoirm ráiteas bainc ina dteannta leo. Ní chúiteofar íocaíochtaí airgid.

D’fhéadfaí maoiniú a aistarraingt agus/ nó d’fhéadfaí nach n-áireofaí an t-iarratasóir chun cur isteach ar scéimeanna eile le tréimhse cinnte mura comhlíontar téarmaí agus coinníollacha na scéime seo.

Na rudaí nach maoineofar

Chun soiléireacht eile thabhairt, tá liosta thíos ar a bhfuil rudaí nach bhfuil i raon na scéime agus nach mbeidh incháilithe le haghaidh maoinithe. Níl an liosta seo iomlán agus tá an cead ag an gcoiste bhreithmheasa diúltú d’aon iarratas.

  1. Sonraisc in ainm an iarratasóra/eagraíochta, stiúrthóirí na heagraíochta nó cuideachtaí atá ag an iarratasóir nó a mbaineann leis
  2. Costais oibríochta rialta, lena n-áirítear árachas ar an imeacht, tuarastail, forchostais agus táillí cuntasaíochta.
  3. Lóistín, cothú agus béilí
  4. Íocaíochtaí airgid
  5. Tionscadail chaipitil (e.g. Ceannach trealaimh, uirlisí ceoil, plaiceanna, dealbha, etc.)
  6. Laethanta spóirt agus imeachtaí spóirt, Campaí aclaíochta
  7. Imeachtaí Lae Spóirt Teaghlaigh (Preabchaisleáin, Daoine Grinn agus Péinteáil Aghaidheanna agus araile)
  8. Féilte Bia, Fáiltithe/Fáilteachas lena n-áirítear lónadóireacht agus alcól
  9. Imeachtaí brabúsacha / Fiontraíocht bhrabúsach
  10. Imeachtaí na mBailte Slachtmhara
  11. Míleáiste / costais taistil
  12. Duaiseanna agus Dearbháin, Bronntanais

Scéim Marcála

Marcálfar iarratais bunaithe ar na critéir seo a leanas:

  • A oiread agus a chomhlíonann na tionscadail cuspóirí na scéime
  • Go bhfuil sé réadúil maidir le scála, costais, cúnamh a lorgaíodh agus achar ama chun soláthair
  • Acmhainn chun an tionscadal a sholáthar a léiriú
  • Méid do dheonacháin féin nó deonacháin tacaíochta (neamhstát) don tionscadal
  • Tionscnaimh san imeacht sin maidir le Comhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú a chur san áireamh; An Ghaeilge nó Gníomhú ar son na hAeráide

Pointe teagmhála

Is féidir ríomhphost ina bhfuil ceisteanna uile a sheoladh chuig festivals@ccs.gov.ie

Má tá uimhir iarratais agat, le do thoil, ná déan dearmad chun é sin a chur san áireamh i gcomhfhreagras uile.

Tabhair do d’aire go bhféadfaí an doiciméad seo a uasdátú ó am go chéile.

Próiseas Achomhairc

Cé is féidir achomharc a dhéanamh:

D’fhéadfadh iarratasóir achomharc a dhéanamh má cheapann sé nó sí nár cloíodh leis an bpróiseas chun a (h)iarratas a athbhreithniú. Ba chóir go bhfuil ríomhphost cinnidh ag an iarratasóir ón Aonad um Scéimeanna agus Tionscnaimh Chultúrtha chun achomharc a dhéanamh.

Conas is féidir achomharc a dhéanamh:

Ní foláir achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre den dáta atá ar an ríomhphost cinnidh. Tá sé riachtanach na cúiseanna le d’achomharc a leagadh amach go soiléir i ríomhphost ar chóir dó a sheoladh chuig Oifigeach Achomharc an Aonaid um Scéimeanna agus Tionscnaimh Chultúrtha ag festivals@ccs.gov.ie agus “Achomharc” a rá chomh maith le d’uimhir iarratais ar an líne ábhair den ríomhphost.

Spriocdhátaí

Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais do mhaoiniú faoin Scéim ná 1pm, an 2 Aibreán, 2026

Ní foláir aon mhaoiniú a leithdháiltear a tharraingt anuas de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollach atá leagtha amach sa litir thairisceana faoin 11 Meán Fómhair, 2026. Ní ghlacfar le hiarratais ar íocaíocht i ndiaidh an dáta deiridh a thuilleadh agus cuirfear deireadh le maoiniú a bhaineann le tionscadail nach bhfuil tarraingt anuas iomlán críochnaithe acu faoin dáta sin.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, d’fhéadfaí sonraí atá in iarratais agus i ndoiciméid tacaíochta a eisiúint ach iad a iarraidh. Má tá faisnéis íogair i d’iarratas, le do thoil, tarraing aird uirthi agus cuir míniú ar fáil ar an bhfáth nár chóir í a nochtadh. Má fhaightear iarratas ar fhaisnéis íogair a nochtadh faoin reachtaíocht, rachfar i dteagmháil leat sula ndéanfar cinneadh chun an fhaisnéis a nochtadh nó gan í a nochtadh. Mura n-aithnítear faisnéis ar leith mar íogair áfach, d’fhéadfaí í a nochtadh gan aon chomhairliúchán leat.

Ráiteas um Príobháideachas

Tá meas ag an Roinn ar do phríobháideachas agus tá an Roinn tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus baineann sí úsáid as bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí chun d’fhaisnéis a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe. Ní phróiseálfaidh an Roinn do shonraí pearsanta ach chun na gcríoch dá mbailíodh iad. D’fhéadfaí sonraí pearsanta a roinnt in imthosca áirithe le Ranna Rialtais eile, le húdaráis áitiúla, le gníomhaireachtaí atá faoi choimirce na Roinne, nó le comhlachtaí poiblí eile nuair a fhorálann an dlí é sin.

Ní choimeádfaidh an Roinn do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na gcríoch dá bailíodh iad agus dá próiseáladh iad ina dhiaidh sin. Nuair a éagfaidh an riachtanas gnó chun an fhaisnéis sin a choimeád, scrúdófar í d’fhonn na sonraí pearsanta a scriosadh a luaithe agus is féidir, agus de réir bheartas na Roinne. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais maidir le Cosaint Sonraí ar ár suíomh gréasáin ag: https://www.gov.ie/en/organisation-information/023ba-data-protection/

Tabhair do d’aire go bhfoilseofar fógra oifigiúil maidir le leithdháiltí faofa ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Ní mór d’iarratasóirí na treoirlínte scéime a léamh sula gcuirfear tús leis an iarratas. Tá an fhoirm iarratais le fáil anseo - https://artsandculture.submit.com/show/49. Is gá don iarratasóir clárú sula gcuirfear tús leis an iarratas.

Ba choir don iarratasóir a chinntiú go bhfuil a f(h)oirm iarratais críochnaithe ina hiomlán agus gur cuireadh isteach í. Is féidir leagan dréachta den iarratas a shábháil sula gcuirfear isteach é - ach tabhair do d’aire nach gcuirfear dréacht-iarratais agus iarratais a chuirfear isteach i ndiaidh an spriocdháta san áireamh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat