Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan Clár Comórtha Mheiriceá250
- Foilsithe: 1 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 1 Aibreán 2026
Tugann clár comórtha Meiriceá250 aitheantas, agus deis mhachnaimh, ar chomóradh 250 bliain ar shíniú Fhorógra na Saoirse Mheiriceá.
Tugann an comóradh seo deis faoi leith d’Éirinn aird a tharraingt ar an tionchar buan a bhí ag muintir na hÉireann ar bhunú, ar fhás agus ar fhorbairt Stáit Aontaithe Mheiriceá.
I mí Dheireadh Fómhair 2025, chuir an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Harris T.D., Meamram os comhair an Rialtais ina raibh sonraí faoi phleananna chun an comóradh seo a cheiliúradh. San áireamh sa mheamram seo, bhí clár chun scéal na hÉireann i Stáit Aontaithe Mheiriceá a léiriú agus clár náisiúnta imeachtaí a bheadh faoi stiúir na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.
Is é Meiriceá250 an clár comórtha atá forbartha ag an Roinn i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an Roinn um Phobail i dTuaisceart Éireann, líonra na n-údarás áitiúil, An Post, na Forais Chultúrtha Náisiúnta, agus institiúidí léinn. Tacóidh Roinn an Taoisigh leis an gclár seo tríd Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte.
Cuireadh san áireamh agus an clár seo á chur i dtoll a chéile, go gcaithfeadh na tionscnaimh ar fad a bheith ag teacht leis na prionsabail seanbhunaithe do chomórthaí, ina measc cuimhneamh ómósach, barántúlacht stairiúil, ionchuimsitheacht agus inrochtaineacht
Forbraíodh an clár trí úsáid a bhaint as príomhcholúin na gcomóradh - taiscéalaíocht stairiúil, léiriú ealaíonta agus cruthaitheach agus comóradh faoi stiúir an phobail.
An Clár Comórtha
- Ar fud na Stáit Aontaithe: Atlas Cultúrtha na hÉireann do Mheiriceá agus Líníocht ón Tobar: Meiriceá250 Beo, Taisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA)
Tá an tionscadal suaitheanta seo, arna fhorbairt ag ITMA le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, agus ó RGET, ag cruthú léarscáil dhigiteach idirghníomhach stát ar stát de cheol traidisiúnta na hÉireann agus d’imirce sna Stáit Aontaithe. Cuirfidh ár líonra taidhleoireachta an acmhainn inchuardaithe ar líne chun cinn sna Stáit Aontaithe agus seolfar í i mí na Samhna na bliana seo.
Tá Drawing from the Well: America250 Beo sceidealta do Bhostún ar an Déardaoin, 30 Aibreán agus Dé hAoine, 01 Bealtaine. Coimeádfar na léirithe ag tarraingt inspioráid ealaíonta ón tionscadal mapála. Tá roinnt imeachtaí satailíte sna Stáit Aontaithe nó ar oileán na hÉireann á mbreithniú freisin.
- Foilseacháin Mheiriceá250, An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus an Roinn Pobal Tuaisceart Éireann
I gcomhpháirtíocht leis an Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann, cuirfear dhá fhoilseachán ar fáil ina mbeidh próifíl de gach ceann de na 23 Uachtarán de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhfuil fréamhacha sinsearacha acu ar oileán na hÉireann.
Féachfaidh na foilseacháin, ceann acu dírithe ar lucht féachana ginearálta agus an ceann eile ar léitheoirí níos óige, le feasacht a mhéadú ar na naisc iomadúla le hUachtaránacht na Stát Aontaithe thar na céadta bliain agus ar fud gach réigiún den oileán.
Cuirfear na foilseacháin sin ar fáil saor in aisce de réir phrionsabal inrochtaineachta an chomórtha.
- Conair Uachtaráin Mheiriceá i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Pobail, Tuaisceart Éireann agus líonra na n-údarás áitiúil
Tá naisc shinsearacha ag go leor pobal ar fud oileán na hÉireann le hiar-Uachtaráin SAM. Arna sheachadadh i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann, déanfaidh Conair Uachtarán Mheiriceá na láithreacha seo a aithint, a mharcáil agus aibhsiú.
I gcomhar le líonraí údarás áitiúil an oileáin, sainaithneofar na suíomhanna, agus tá sé beartaithe crann dúchasach agus painéal faisnéise léirmhínithe a bheith ag gach suíomh. Tá searmanas plandála crann uile-oileáin comhordaithe beartaithe freisin.
- Diaspóra na hÉireann agus Ag Cruthú Mheiriceá UCD, Comhdháil, Institiúid Clinton, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath
I mí an Mheithimh, beidh comhdháil á reáchtáil ag Institiúid Clinton in UCD ina mbeidh cainteoirí ó oileán na hÉireann agus ó ollscoileanna idirnáisiúnta, ag díriú ar róil na hÉireann agus Thuaisceart Éireann agus a muintire i gcruthú Mheiriceá.
Scrúdóidh an tionscadal an chaoi ar ghlac muintir oileán na hÉireann páirt mhór i scéal náisiúnta Mheiriceá agus a raibh baint mhór acu lena fhorbairt, agus tionchar suntasach acu ar a chultúir pholaitiúla agus choitianta. Seo scéal freisin faoi chruthú chultúr agus féiniúlachtaí Gael-Mheiriceánacha agus Ultaise, de réir mar a lean an t-aistriú eitneach ó eisimirceach go Meiriceánach fás an náisiúin óig.
- US250 An Ceangal Éireannach agus Éire agus Ag Cruthú Mheiriceá, Clár Faisnéise agus taispeántas
Tá clár faisnéise gearr dar teideal SA250 Ceangal na hÉireann agus taispeántas Éire agus Ag Cruthú Mheiriceá coimisiúnaithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i gcomhar le EPIC, Músaem Imirce na hÉireann.
Cuirfear an clár faisnéise agus an taispeántas ar fáil d’údaráis áitiúla le taispeáint ina n-áiseanna poiblí faoi seach, lena n-áirítear an líonra leabharlainne le linn 2026.
- Tionscadal digitithe, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ag eagrú tionscadail caomhnaithe agus digitithe mar chuid den chlár Mheiriceá250. Áirítear leis sin gabháltais éagsúla a bhaineann le réimse Meiriceá250 a chuirfear ar fáil ar líne don phobal agus a chuirfear chun cinn trína suíomh gréasáin, catalóg ar líne agus na meáin shóisialta.
Tá roinnt údarás áitiúil ag pleanáil imeachtaí Comórtha Mheiriceá250 le tacaíocht trí Dheontais Chuimhneacháin na nÚdarás Áitiúil a riartar trí Aonad na gCuimhneachán sa Roinn.
- The Unfinished Broadside, Comhairle Contae Mhuineacháin
Tá The Unfinished Broadside, léiriú drámaíochta, ceoil, agus damhsa, cruthaithe ag Cumann Forbartha Ultaise Bready agus an Ceantar Maguaird.
Scrúdaíonn sé scéal John Dunlap, a rugadh ar an tSrath Bán, agus gur printéir de chuid Fhorógra Saoirse Mheiriceá é. Scrúdaíonn an léiriú tús an turgnaimh mhóir a rinneadh de Stáit Aontaithe Mheiriceá, ag cur béime ar an gceangal suntasach atá ag Ultais.
Tá sé beartaithe an léiriú ilchéadfach a thabhairt chuig Campas na Síochána i Muineachán níos déanaí in 2026. Cuirfidh an léiriú leis an scéal Ultaise a scrúdaítear i mórthaispeántas nua an mhúsaeim, Réaltachtaí Teorann – Muintir agus Scéalta Mhuineacháin.
- Ceardlanna Mheiriceá250 mar chuid d’Fhéile Ealaíon agus Leabhar Wainfest do Pháistí, Comhairle Contae Dhún na nGall
Tionólfar sraith d’imeachtaí oideachasúla do pháistí chun comóradh a dhéanamh ar leathchéad bliain Mheiriceá mar chuid d’Fhéile Ealaíon agus Leabhar Wainfest do Pháistí. Déanfaidh na ceardlanna sin iniúchadh ar na naisc stairiúla agus chultúrtha idir Éire agus na Stáit Aontaithe ar bhealach tarraingteach, agus atá aois-oiriúnach.
Cuirfidh na ceardlanna príomhchuimhneacháin, scéalta agus téamaí ó 250 bliain de stair Mheiriceá in aithne do rannpháirtithe óga, ag cur béime ar na heispéiris chomhroinnte, scéalta imirce, agus tionchair chultúrtha a nascann SAM leis an oileán seo.
- Féile Staire- Breathnú Siar @Féile Litríochta Hinterland, Comhairle Contae na Mí
Beidh fócas Meiriceánach ar an bhféile staire dhá lá a bhaineann leis an bhféile leabhar bhliantúil Hinterland Kells. Clúdófar stair na Stát Aontaithe agus an diaspóra Gael-Mheiriceánach i sraith deich léacht.
Beidh na léachtaí á gclárú ag an Dr Myles Dungan, History Show RTÉ agus coimeádaí Fhéile Hinterland. Beidh an Dr Dungan agus príomhchainteoirí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta i measc iad siúd a bheidh ag na léachtaí.
- Meiriceá ag 250, Comhairle Contae Loch Garman
Is iad Áitreabh Uí Chinnéide agus Long Dhún Bróithe ón nGorta Mór i Ros Mhic Thriúin láithreacha atá beartaithe do chlár comórtha Chomhairle Contae Loch Garman.
Beidh sraith léachtaí sa chlár a dhíreoidh ar eispéireas na n-eisimirceach chomh maith le léirmheas ar chultúr Mheiriceá trí cheol agus trí amhrán. Beidh taispeántas scannáin ar siúl in Amharclann Mhichíl agus iniúchadh ar iompar agus bia Mheiriceá.
- Trasna an Atlantaigh: An Clár & St. Louis – Comóradh Ceoil Óige do Mheiriceá250, Comhairle Contae an Chláir
Cuirfidh Oifig Ealaíon an Chláir, i gcomhar le Music Generation Clare agus i gcomhpháirtíocht le hEalaíona Éireannacha St. Louis (SLIA), coimisiún mór ceoil trasatlantach do dhaoine óga i láthair Trasna an Atlantaigh: An Clár & St. Louis – Comóradh Ceoil Óige do Mheiriceá250.
Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo machnamh a dhéanamh ar na naisc stairiúla agus chultúrtha idir an Clár agus na Stáit Aontaithe le linn blianta tosaigh Stát na hÉireann. D’fhorbair an nasc freisin ón eitleoir cáiliúil ó St. Louis, Charles Lindbergh, an chéad eitleoir ar éirigh leis tabhairt faoi eitilt trasatlantach gan stad, agus é ina aonar, ina eitleán cáiliúil, Spirit of St. Louis.
Glacfaidh déagóirí ó Chontae an Chláir agus ó St. Louis páirt in dhá léiriú de bhunchoimisiún, i St. Louis i mí an Mheithimh agus in Inis i mí Iúil. Bhí tionchar mhór ag cartlann stairiúil ceoil an cheantair ar an saothar seo, le ceoltóirí ó Music Generation Clare (faoi stiúir an chumadóra Pádraig Rynne). Fiosróidh an saothar téamaí eisimirce, féiniúlacht, muintearas, daonlathas, agus malartú chultúrtha idir an Co. an Cláir agus St. Louis.
Tá breis eolais le fáil ó na heagraíochtaí comhpháirtíochta maidir le haon tionscamh faoi leith.