Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Leagan Gaeilge den ráiteas a d’eisigh an tAire Martin ní ba luaithe inniu

Chuir mé mo chomhghleacaithe Comh-Aireachta ar an eolas inniu maidir leis an athbhreithniú seachtrach atá á choimisiúnú agam ar rialachas agus cultúr RTÉ. Tabharfaidh mé sonraí an athbhreithnithe chun críche sna laethanta amach romhainn agus i bpreasráiteas an lae inniu leagtar amach na chéad sonraí.

Mar a dúirt mé cheana féin, níl na rudaí a thug RTÉ chun solais an tseachtain seo maith go leor ar chor ar bith agus déanann siad an-dochar do RTÉ agus don chraoltóireacht seirbhíse poiblí go ginearálta. Tá meáin seirbhíse poiblí a fheidhmíonn i gceart ríthábhachtach dár ndaonlathas agus dár sochaí.

Cailleadh muinín agus tá sé riachtanach go bhfoilsíonn RTÉ na fíricí iomlána go poiblí ar bhonn práinne, chun tuilleadh dochair do mhuinín an phobail san eagraíocht a sheachaint.

Ar maidin scríobh mé chuig cathaoirleach RTÉ chun a chur in iúl go raibh mé ag súil go dtabharfar aghaidh sa Ráiteas a eiseoidh RTÉ inniu ar na ceisteanna tábhachtacha nach mór a fhreagairt. Go háirithe, ba mhaith leis an bpobal a fháil amach cé a shínigh na híocaíochtaí, cé eile a raibh baint acu leis na hidirbhearta seo nó cé eile a bhí ar an eolas faoi na hidirbhearta sin, agus cathain a chuirfear i grích thuarascáil Grant Thornton a choimisiúnaigh RTÉ a bhaineann le ganniontráil €120,000 luach saothair an láithreora is airde pá de chuid RTÉ idir 2017 agus 2019.

Le linn géarchéime, is fearr an fhaisnéis go léir a fhoilsiú go poiblí a luaithe agus is féidir chun an dochar is measa a sheachaint. Ní mór do RTÉ gach rud atá ar eolas acu faoin ábhar seo a roinnt anois, sula bpléifear é san Oireachtas níos déanaí sa tseachtain.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat