Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Na hEalaíona Cruthaitheacha: Deontais agus Maoiniú


Scéimeanna Caipitil atá ann cheana

Scéim Chaipitiúil Spásanna Oibre Ealaíontóirí

Táthar ag glacadh le hiarratais anois ó Údaráis Áitiúla faoin Scéim Phíolótach Spásanna Oibre d’Ealaíontóirí chun cur le soláthar spásanna oibre ealaíontóirí ar fud na hÉireann.

Tá an scéim phíolótach dírithe go príomha ar mhaoiniú a chur ar fáil d’Údaráis Áitiúla ionas go mbeidh siad in ann tuilleadh spásanna oibre a sholáthar d’ealaíontóirí ina gceantair féin ar bhonn inbhuanaithe, chomh maith le rochtain níos fearr a bheith ar na spásanna. Faoin scéim seo, tugtar cuireadh d'Údaráis Áitiúla tionscadail a mholadh a bheadh in ann freastal ar an éileamh atá ar spásanna oibre d'ealaíontóirí ina gceantair féin agus spásanna oibre a chur ar fáil atá oiriúnach don fheidhm agus atá dírithe ar an dearadh agus ar inrochtaineacht. Is féidir sonraí iomlána na Sceime a léamh sna Treoirlínte sa cheangaltán.

Foirm Iarratais - Scéim Spásanna Oibre d'Ealaíontóir
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Treoirlínte don Scéim Spásanna Oibre d'Ealaíontóirí 2024
Amharc amharc
Grants awarded to date - Artist Workspaces Scheme
Amharc amharc

Sruth E – Scéim Caipitil Cultúir

Tá Sruth E den Scéim um Chapiteal Cultúrtha dúnta anois.

Mar a d’fhógair an tAire i mBuiséad 2026, leithdháileadh €6m ar an Roinn do chlár nua caipitil ealaíon i gcomhréir leis an ngealltanas i gClár an Rialtais. Tá an Roinn i mbun sonraíochtaí na scéime a cheapadh.

Más mian leat go gcuirfí ar chlár thú agus go gcuirfear in iúil duit nuair a bheidh an scéim caipitil nua seolta, seol ríomhphost le do shonraí chuig artscapitalunit@ccs.gov.ie

Sruth E - Eagraíochtaí a fuair deontais go dti seo
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat