An Plean Náisiúnta Leathanbhanda – Tuarascáil Mheasúnaithe Eatramhach Neamhspleách
- Foilsithe: 3 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 25 Meán Fómhair 2025
Tá tuarascáil mheasúnaithe eatramhach neamhspleách ar dhul chun cinn chur i bhfeidhm an Phlean Leathanbhanda Náisiúnta (NBP) críochnaithe, i gcomhréir le ceanglais an Chinnidh um Chúnamh Stáit atá mar bhonn leis an gClár NBP.
Déantar roinnt torthaí dearfacha sa tuarascáil, a chuir EY le chéile í, maidir le cur i gcrích Chlár an NBP go dtí seo agus a thionchar.
Tugann sé faoi deara go bhfuil dul chun cinn mór déanta maidir le Clár an NBP a chur i gcrích agus gur eascair go leor buntáistí díreacha agus indíreacha as sa Réimse Idirghabhála amhail feabhas ar iomaíocht Soláthraithe Seirbhísí Miondíola, méadú ar fhostaíocht agus ar tháirgiúlacht fiontar agus caighdeán maireachtála níos airde do theaghlaigh chomh maith le héascú a dhéanamh ar chur i gcrích bheartas an rialtais ar fud seacht bpríomhthionscnamh beartais rialtais.
Is féidir an tuarascáil iomlán a fheiceáil thíos.