Athbhreithniú ar Oibriú an Ionaid Náisiúnta um Thaighde Digiteach ó 2020
- Foilsithe: 16 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 29 Meán Fómhair 2025
Cuireadh an tuarascáil seo, athbhreithniú ar oibriú an Ionaid Náisiúnta um Thaighde Digiteach (NDRC), faoi bhráid na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC) ag Indecon International Consultants an 30 Meitheamh 2023. Ba é cuspóir an athbhreithnithe bonn fianaise a sholáthar chun tacú le cinneadh an Aire maidir le rogha a fheidhmiú chun conartha a shíneadh.
Léiríodh sa mheasúnú go raibh cás ann chun an conradh seirbhísí leis an gconraitheoir a shíneadh ar feadh tréimhse dhá bhliain eile.