Athbhreithniú ar shocruithe praghsála agus rochtana do na Líonraí Ceantair Chathrach (MANanna)
- Foilsithe: 13 Feabhra 2019
- An t-eolas is déanaí: 25 Meán Fómhair 2025
Is athbhreithnithe neamhspleácha iad an dá athbhreithniú seo ar oibriú na Líonraí Ceantair Chathrach (MANanna) ag enet. Choimisiúnaigh ár roinn an chéad athbhreithniú in 2017 agus rinne comhairleoirí Analysys Mason é, sular cuireadh chuig ComReg, an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide, é.
Rinne athbhreithniú Analysys Mason scrúdú ar phraghsáil tháirgí MANanna agus ar chomhlíonadh enet leis na príomhphrionsabail atá mar bhonn le Comhaontuithe Lamháltais MANanna, eadhon: rochtain oscailte ar na MANanna a sholáthar ar bhonn comhionannais, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach do gach soláthraí seirbhíse.
Rinneadh roinnt moltaí san athbhreithniú atá á gcur i bhfeidhm ag enet faoi láthair, lena n-áirítear laghdú ar an uasphraghas bliantúil ar shnáithín dorcha faoi bhreis is 50% go €2.60 in aghaidh an mhéadair.
Sainaithníodh san athbhreithniú nach raibh enet i gcomhréir leis an gCód Cleachtais comhaontaithe maidir lena chur chuige i leith praghsála aistrithe idirchuideachta.
Ar an 13 Feabhra 2019, d’iarr an tAire ar ComReg ansin:
- A fháil amach an raibh enet ag comhlíonadh a oibleagáid faoin gCód Cleachtais seirbhísí bainistithe a thairiscint ar na MANanna i gcomhthéacs seirbhísí náisiúnta ó cheann ceann go ceann ar phraghsanna neamh-idirdhealaitheacha sa chaoi is nach bhfuair a chuideachta ghaolmhar, enet Telecommunications Networks Ltd, buntáiste éagórach ábhartha.
- A dheimhniú go bhfuil na socruithe praghsála aistrithe idirchuideachta athbhreithnithe atá i bhfeidhm i gcomhréir leis an gCód Cleachtais
- A dheimhniú go bhfuil moltaí Analysys Mason á gcur i bhfeidhm
- Bunaithe ar thorthaí a athbhreithnithe, moltaí a dhéanamh don Aire
Fuair an tAire toradh athbhreithniú ComReg ar an 10 Lúnasa 2020.
Tugadh faoi deara in athbhreithniú ComReg gur cuireadh deich gcinn de na 12 mholadh a leagadh amach i dtuarascáil Analysys Mason i bhfeidhm go hiomlán agus gur cuireadh dhá mholadh i bhfeidhm go páirteach. Maidir leis an dá cheann atá curtha i bhfeidhm go páirteach, measadh san athbhreithniú gurbh é an phríomhcheist a raibh gá aghaidh a thabhairt uirthi ná feabhas a chur ar dhoiciméadú lascainí. Rinne an t-athbhreithniú dhá mholadh bhreise chun feabhsuithe ar phróisis.