Scéim Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona 2026 – 2029 - Ceisteanna Coitianta
- Foilsithe: 10 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 10 Feabhra 2026
- Cathain a bheidh Scéim BIA 2026 – 2029 oscailte d’iarratais?
- Cé mhéad ealaíontóir a gheobhaidh an BIA?
- Ar feadh cé mhéad bliain a gheobhaidh faighteoirí nua an íocaíocht?
- Cad faoi na daoine nach roghnaítear?
- Cad iad na critéir roghnúcháin?
- An féidir leo siúd a bhí ar an scéim phíolótach BIA iarratas a dhéanamh ar an scéim chomharba?
- An féidir leo siúd a bhí mar chuid den Ghrúpa Rialaithe don scéim phíolótach BIA iarratas a dhéanamh ar an scéim chomharba?
- An féidir leo siúd a bhí incháilithe don scéim phíolótach BIA, ach nár éirigh leo, iarratas a dhéanamh?
- An bhfaighidh gach ealaíontóir incháilithe maoiniú?
- An mbeidh faighteoirí nua na híocaíochta ar an scéim go buan?
- An mbeidh na faighteoirí anaithid?
- Cathain a íocfar faighteoirí?
- Cathain is féidir liom iarratas a dhéanamh agus cathain a bheidh an próiseas iarratais/measúnaithe oscailte?
- Conas a roghnófar rannpháirtithe?
- An gcaillfidh ealaíontóirí atá ar shochair leasa shóisialaigh a sochair má ghlacann siad leis an BIA?
- An leanfaidh an clár taighde ar aghaidh?
- An mbeidh aschuir ar fáil don phobal?
- An mbeidh grúpa rialaithe ann mar a bhí ann don scéim phíolótach BIA?
- An féidir liom iarratas a dhéanamh má tá mé os cionn 66 bliain d'aois?
Cathain a bheidh Scéim BIA 2026 – 2029 oscailte d’iarratais?
Osclófar an chéad bhabhta eile den Scéim Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona d’iarrataisi i mí na Bealtaine agus cuifear tús le híocaíochtaí roimh dheireadh na bliana. Tuilleadh eolais anseo.
Cé mhéad ealaíontóir a gheobhaidh an BIA?
Maoineofar 2,000 ealaíontóir incháilithe faoin scéim ar ráta €325 in aghaidh na seachtaine.
Tá an roinn ag súil le líon mór iarratas, i bhfad níos mó ná líon na n-ealaíontóirí a mbeidh maoiniú ar fáil dóibh, agus dá bhrí sin ní bheidh sé indéanta maoiniú a chur ar fáil do gach iarratasóir incháilithe.
Ar feadh cé mhéad bliain a gheobhaidh faighteoirí nua an íocaíocht?
Gheobhaidh na faighteoirí an íocaíocht ar feadh 3 bliana i.e. ó 2026 go 2029. Ní bheidh siad siúd a roghnófar don BIA 2026 – 2029 incháilithe don chéad bhabhta maoinithe eile, i.e. ní féidir le healaíontóir BIA a fháil ach ar feadh 3 bliana as aon timthriall 6 bliana. Dá bhrí sin, ní féidir le healaíontóirí atá ag fáil an BIA ar scéim 2026 – 2029 iarratas a dhéanamh ar bhabhta 2030 – 2033 ach d’fhéadfaidís iarratas a dhéanamh ar bhabhta 2034 – 2037. Déanfar é seo chun go mbeidh an oiread ealaíontóirí agus is féidir in ann leas a bhaint as an scéim.
Cad faoi na daoine nach roghnaítear?
Beidh siad siúd nach roghnófar in 2026 in ann iarratas a dhéanamh ar an gcéad scéim eile in 2029.
Cad iad na critéir roghnúcháin?
Is é aidhm na scéime tacú le cleachtais chruthaitheacha ealaíontóirí gairmiúla. Chun go measfar gur ealaíontóirí incháilithe iad, ní mór dóibh na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
- A bheith ina gcónaí in Éirinn tráth an iarratais
- A bheith i d’ealaíontóir gairmiúil le cleachtas cruthaitheach gairmiúil gníomhach
- Cleachtas cruthaitheach a bheith acu atá lonnaithe go príomha in Éirinn
Beidh treoirlínte mionsonraithe maidir le conas iarratas a dhéanamh ar fáil i mí Aibreáin. Leagfar amach sna treoirlínte na bealaí trína bhféadfaidh ealaíontóirí a gcleachtas cruthaitheach gairmiúil a chruthú chun go measfar gur ealaíontóirí incháilithe iad.
An féidir leo siúd a bhí ar an scéim phíolótach BIA iarratas a dhéanamh ar an scéim chomharba?
Is féidir, fad is féidir leo a léiriú go gcomhlíonann siad critéir incháilitheachta scéim 2026 – 2029. Ní chiallaíonn incháilitheacht don chlár píolótach go huathoibríoch go bhfuil ealaíontóir incháilithe do bhabhtaí amach anseo den scéim.
An féidir leo siúd a bhí mar chuid den Ghrúpa Rialaithe don scéim phíolótach BIA iarratas a dhéanamh ar an scéim chomharba?
Is féidir, fad is féidir leo a léiriú go gcomhlíonann siad critéir incháilitheachta scéim 2026 – 2029. Ní chiallaíonn incháilitheacht don chlár píolótach go huathoibríoch go bhfuil ealaíontóir incháilithe do bhabhtaí amach anseo den scéim.
An féidir leo siúd a bhí incháilithe don scéim phíolótach BIA, ach nár éirigh leo, iarratas a dhéanamh?
Is féidir, fad is féidir leo a léiriú go gcomhlíonann siad critéir incháilitheachta scéim 2026 – 2029. Ní chiallaíonn incháilitheacht don chlár píolótach go huathoibríoch go bhfuil ealaíontóir incháilithe do bhabhtaí amach anseo den scéim.
An bhfaighidh gach ealaíontóir incháilithe maoiniú?
Ní bhfaighidh. Le leithdháileadh €18.27 milliún do 2026, tá an Roinn in ann maoiniú a chur ar fáil do 2,000 ealaíontóir. Táthar ag súil le líon mór iarratas agus dá bhrí sin ní bheidh sé indéanta maoiniú a chur ar fáil do gach iarratasóir incháilithe.
An mbeidh faighteoirí nua na híocaíochta ar an scéim go buan?
Ní bheidh. Gheobhaidh faighteoirí an íocaíocht ar feadh 3 bliana. Reáchtálfar an scéim BIA gach trí bliana.
An mbeidh na faighteoirí anaithid?
Ní bheidh. Foilseofar ainmneacha na ndaoine a gheobhaidh scéim chomharba an BIA, i gcomhréir leis an ngnáthchleachtas maidir le maoiniú deontas ealaíon agus féadfar iad a fhoilsiú ar chlár Cúnaimh Stáit an AE, atá ar fáil go poiblí.
Cathain a íocfar faighteoirí?
Tosófar ag íoc leo siúd a roghnófar roimh dheireadh 2026.
Cathain is féidir liom iarratas a dhéanamh agus cathain a bheidh an próiseas iarratais/measúnaithe oscailte?
Foilseofar treoirlínte ina leagtar amach sonraí maidir le hiarratais agus critéir incháilitheachta agus cruthúnais i mí Aibreáin.
Conas a roghnófar rannpháirtithe?
Roghnófar rannpháirtithe trí phróiseas roghnúcháin randamach gan ainm. Meastar gurb é seo an próiseas roghnúcháin is cothroime nuair nach féidir maoiniú a fháil do gach iarratasóir incháilithe ag an am seo. Tugann roghnú randamach deis chomhionann do gach iarratasóir incháilithe a bheith roghnaithe agus laghdaíonn sé claonadh daonna. Cinntíonn roghnú randamach freisin go bhfuil na daoine a roghnaítear ionadaíoch ar linn níos leithne iarratasóirí, rud a chinntíonn scaipeadh tíreolaíoch, cothromaíocht inscne, agus cothromaíocht trasna foirmeacha ealaíon, aois srl.
An gcaillfidh ealaíontóirí atá ar shochair leasa shóisialaigh a sochair má ghlacann siad leis an BIA?
Déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí na híocaíochtaí a fhaightear a láimhseáil mar ioncam ó fhéinfhostaíocht chun críocha a tástálacha acmhainne éagsúla. Ciallaíonn sé seo, i gcás ina n-áirítear neamhaird ar mhéid áirithe ioncaim ó fhéinfhostaíocht i scéim, go gcuirfear an neamhaird sin i bhfeidhm ar ioncam ón mBIA.
Ba chóir a thabhairt faoi deara nach n-áirítear neamhaird ar ioncam ó fhéinfhostaíocht i ngach scéim atá tástáilte de réir acmhainní. Braithfidh an méid tionchair a bheidh ag an ioncam seo ar íocaíocht duine ón Roinn Leasa Shóisialaigh ar an tástáil acmhainní don scéim sin agus ar chúinsí aonair an duine. Moltar go láidir d’iarratasóirí imscrúdú a dhéanamh ar a staid leasa shóisialaigh féin dá bhfaigheadh siad íocaíocht faoin scéim seo.
An leanfaidh an clár taighde ar aghaidh?
Leanfaidh sé ar aghaidh. Ní mór do gach polasaí a bheith bunaithe ar fhianaise agus beidh ar iarratasóirí sonraí suirbhé leanúnacha a sholáthar ar feadh ré na scéime. Mura soláthraíonn siad seo, bainfear den scéim iad.
An mbeidh aschuir ar fáil don phobal?
Beidh, cuirfear aschuir taighde ar fáil don phobal, mar a bhí i gceist le linn an tionscadail phíolótaigh. Is féidir leat tuarascálacha píolótacha a fháil anseo: Tuarascálacha BIA.
An mbeidh grúpa rialaithe ann mar a bhí ann don scéim phíolótach BIA?
Ní bheidh.
An féidir liom iarratas a dhéanamh má tá mé os cionn 66 bliain d'aois?
Is féidir. Níl aon teorainn aoise ann d’iarratasóirí. Más féidir leat a léiriú go bhfuil cleachtas gníomhach agat mar ealaíontóir gairmiúil a bhfuil a chleachtas lonnaithe den chuid is mó in Éirinn, agus má tá cónaí ort in Éirinn, is féidir leat iarratas a dhéanamh.
Mar sin féin, braithfidh tionchar an BIA ar íocaíochtaí na Roinne Coimirce Sóisialaí, mar shampla: pinsin, ar do chúinsí aonair. Moltar go láidir d’iarratasóirí imscrúdú a dhéanamh ar a gcás féin dá bhfaigheadh siad íocaíocht.