Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Oifigeach Seirbhísí in Oifig na Roinne i Lána Líosain agus sa Chartlann Náisiúnta

Eolas

Tá an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt ag féachaint le hiarratais a fháil ó iarrthóirí cuí ar an gcomórtas seo chun folúntais a líonadh má thagann siad aníos don ról mar Oifigeach Seirbhísí sa Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Lána Líosain, Baile Átha Cliath 2 agus sa Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8.

Cuirfear painéal le chéile agus ceapfar daoine ón bpainéil sin i róil bhunaithe bhuana mar Oifigigh Seirbhísí.

An Ról

Tá ról an Oifigigh Seirbhísí ríthábhachtach le go mbeidh seirbhísí sa Roinn ag feidhmiú go héifeachtach. Bíonn Oifigigh Seirbhísí ag obair sa rannóg Seirbhísí Corparáideacha agus ag tacú leis an bPríomhoifigeach Seirbhísí. Bíonn ar an duine sa ról teagmháil agus cumarsáid a dhéanamh le baill foirne agus bainisteoirí sa Roinn ar fad, le hoifigigh eile agus le daoine den phobal.

I gcás iarrthóirí a bheidh ag obair sa ról mar Oifigeach Seirbhísí, gheobhaidh siad na liúntais chuí de réir na ndualgas orthu.

Príomhdhualgais a ghabhann leis an Ról

Is iad seo a leanas na gnéithe den ról mar Oifigeach Seirbhísí:

  • Dualgais fáiltithe, lena n-áirítear an lasc-chlár, plé leis an bpobal, le conraitheoirí, le seachadtaí agus dualgais bhunúsacha slándála.
  • An post agus DX (seirbhís shábháilte cúiréara dlí) a bhainistiú, frainceáil san áireamh.
  • Bailiú agus dáileadh an phoist san fhoirgneamh ar fad a bhainistiú.
  • Bailiú dramhaíola rúnda agus dramhaíola eile agus earraí eile atá le caitheamh amach a shocrú agus a bhainistiú.
  • An soláthar páipéir do ghléasanna fótachóipeála agus printéirí a mhonatóiriú, a sheiceáil agus a eagrú.
  • Monatóireacht a dhéanamh ar dheisiúcháin agus ar cheisteanna den chineál céanna agus iad a logáil le Seirbhísí Oifige agus/nó Oifig na nOibreacha Poiblí agus teagmháil a dhéanamh leis na hOifigí sin.
  • Ról a ghlacadh san obair maidir le druileanna dóiteáin a eagrú agus san oiliúint a eagrú don bhainisteoir sábháilteachta dóiteáin agus don mhaor dóiteáin.
  • Taifead a choinneáil de chuairteoirí a théann isteach agus amach as an bhfoirgneamh.
  • Svaidhpchártaí do chuairteoirí a thabhairt amach agus a fháil ar ais.
  • Aon fhadhbanna a lua le Bainistíocht na Seirbhísí Oifige nó a thuairisciú dóibh i dtaca le haon fhadhb ag baint le cothabháil san fhoirgneamh/in aon spás oifige ar gá don Fhoireann Bainistíochta Seirbhísí Oifige gníomhú ina leith.
  • Bratacha a ardú agus ísliú mar is cuí.
  • Aon fhadhbanna a thiocfadh chun cinn ag baint le cumas custaiméirí teacht isteach san fhoirgneamh a thuairisciú d’Oifigeach Rochtana na Roinne.
  • Dualgais bhreise chuí de réir mar a thabharfar amach iad ó am go chéile.

San obair seo, beidh ort nithe a chrochadh agus a iompar, tralaithe a úsáid agus d’fhéadfadh go mbeadh ort céimeanna sábháilteachta a úsáid.

Coinnítear taifid Stát nua na hÉireann sa Chartlann Náisiúnta trína ndéantar taifead ar mar a d'athraigh an Stát le linn na staire agus mar a bunaíodh aitheantas náisiúnta na tíre. Baineann na bailiúcháin le gach cuid d’Éirinn agus tá acmhainn ollmhór taighde i gceist leo mar go gcuireann siad ábhair riachtanacha ó fhoinsí príomha ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh tuiscint a fháil ar na tionchair pholaitíochta, eacnamaíochta agus shóisialta a chuaigh i bhfeidhm ar an tír.

Chomh maith leis an méid thuas, beidh ar Oifigigh Seirbhísí sa Chartlann Náisiúnta na dualgais seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Taifid chartlainne ón stóras a chur ar fáil agus a chur ar ais sa stóras de réir mar is gá ó Shráid an Easpaig agus ó gach láthair eile den Chartlann Náisiúnta.
  • Doiciméid chartlainne ó ionaid stórála na gcartlann a chur ar fáil don Seomra Léitheoireachta agus iad a thabhairt ar ais
  • Boscaí agus fillteáin chartlainne a chur le chéile
  • Cuidiú leis na doiciméid chartlainne a shórtáil amach, a uimhriú, a liostú agus a phacáil
  • Cuidiú leis na taifid chartlainne a aistriú agus a chur ar sheilfeanna
  • Tacaíocht a thabhairt don fhoireann sa Rannán nó i Rannáin eile de réir mar is gá agus cuidiú leo
  • Cuidiú le dualgais laethúla sna Ceithre Cúirteanna
  • Cuidiú a thabhairt le linn cuairteanna agus imeachtaí speisialta sa Chartlann Náisiúnta
  • Cuidiú le seachadtaí a thagann chuig an bhfoirgneamh agus dualgais a ghlacadh lena chinntiú go bhfaightear iad i gceart (lena n-áirítear seachadtaí chuig an trádstóras)
  • Cuidiú le taifid chartlainne atá stóráilte sa trádstóras a aistriú
  • Cuidiú leis na taifid chartlainne a sheiceáil, a shórtáil amach, a athphacáil agus a chur ar sheilfeanna
  • Cuidiú le fáil réidh le dramhaíl faoi rún agus dramhaíl eile
  • Úsáid a bhaint as tralaithe agus trucailí pailléid chun taifid a aistriú
  • Stoc boscaí cartlainne d’ardchaighdeán agus stoc soláthairtí pacála eile, srl. a chur ar fáil
  • An trádstóras a choinneáil i ndea-chaoi.

An Bealach le hIarratas a Dhéanamh

Ba chóir d’iarratasóirí foirm iarratais líonta a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist

personnel@ccs.gov.ie faoin 3.00pm, Dé Luain, 19 Eanáir 2026

Leabhrán eolais

Íoslódáil an leabhrán eolais le do thoil le tuilleadh eolais a fháil ar incháilitheacht agus riachtanais.

Leabhrán Faisnéise d'Iarrthóirí
Amharc amharc

Foirm Iarratais

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar an bpost mar Oifigeach Seirbhísí, déan an fhoirm iarratais a íoslódáil.

Fhoirm Iarratais
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Ráiteas Príobháideachais

Tá eolas sa ráiteas príobháideachais ar an nasc seo maidir le sonraí pearsanta ag baint leis an gcomórtas seo.

Ráiteas Príobháideachais
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat