Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tascfhórsa Geilleagair Oíche

Tugann an Tascfhórsa Geilleagair Oíche, a bhunaigh an tAire Catherine Martin an 30 Iúil 2020, deis do na páirtithe leasmhara cuí ón earnáil cultúir oíche cur chuige nuálach a fhorbairt chun tacú le geilleagar oíche bríomhar, éagsúil agus inbhuanaithe in Éirinn agus forbairt a dhéanamh air.

Rachaidh an Tascfhórsa i mbun comhairliúcháin leis na hearnálacha cuí agus na páirtithe leasmhara a bhfuil ról suntasach acu sa gheilleagar oíche chun a chinntiú go mbreithneofar gach dearcadh agus smaoineamh.

Cuirfidh an Tascfhórsa tuairisc faoi bhráid an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ina n-áireofar moltaí maidir leis an bealach is fearr chun freastal orthu siúd atá ag obair agus ar mhian leo páirt a ghlacadh i gcultúr oíche bríomhar.

Postálfar an t-eolas is déanaí faoi dhul chun cinn an Tascfhórsa Geilleagair Oíche anseo. Má tá aon cheist agat déan teagmháil le NTE@chg.gov.ie

Report of the Night-Time Economy Taskforce
Amharc amharc
Forléargas ar dhul chun cinn Thuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche Deireadh Fómhair 2024
Amharc amharc

Pleananna Gníomhaíochta don Gheilleagar Oíche

Geilleagair Oíche Gníomhartha 01/10/2024
Amharc amharc
Plean Gníomhaíochta Gheilleagar na hOíche píolótach seo do Chathair Chill Chainnigh 2024-2025
Amharc amharc
Plean Gníomhaíochta Gheilleagar na hOíche píolótach seo do Chathair Gaillimhe 2024-2025
Amharc amharc

Miontuairiscí Cruinnithe

Night-time Economy Taskforce Meeting 15th March 2021
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Night-time Economy Taskforce Meeting 15 February 2021
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Minutes of the Night-time Economy Taskforce meeting 29 September 2020
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Baill den Tascfhórsa Geilleagair Oíche

  • An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
  • An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
  • An Roinn Iompair
  • An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
  • An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
  • An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
  • An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta
  • Údarás Náisiúnta Iompair
  • An Garda Síochána
  • Fáilte Éireann
  • Give us the Night
  • Cathaoirleach Chomhairle na bhForas Cultúrtha Náisiúnta
  • An Chomhairle Ealaíon
  • Cathaoirleach Oifigigh Ealaíon na nÚdarás Áitiúil
  • Cathaoirleach Chumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CCMA)
  • Ard-Mhéara Chathair Bhaile Átha Cliath
  • Ard-Mhéara Chathair Chorcaí

Téarmaí Tagartha an Tascfhórsa Geilleagair Oíche

1. Fís atá éagsúil agus ionchuimsitheach a phlé agus a shainmhíniú i gcomhair éiceolaíocht oíche sna cathracha agus bailte móra atá againn.

2.Múnlaí idirnáisiúnta dea-chleachtais a aimsiú.

3.Próiseas tréan rannpháirteach do gheallsealbhóirí a reáchtáil leis na hearnálacha cuí agus le páirtithe leasmhara a bhfuil ról suntasach acu sa gheilleagar oíche chun a chinntiú go mbreithneofar gach dearcadh agus smaoineamh in obair an tascfhórsa. Áirítear sa phróiseas seo cruinnithe le geallsealbhóirí tábhachtacha agus iarratais ar aighneachtaí ó na páirtithe leasmhara.

4. Cleachtadh mionsonraithe ar mhapáil ionaid a reáchtáil leis na húdaráis áitiúla agus le comhpháirtithe san earnáil cultúir.

5. Eolas a aimsiú faoi chláir phíolótacha reatha (DCC agus CCC) agus iad a chomhlánú agus tús a chur le tuilleadh clár píolótach in áiteanna faoin tuath chun fáil amach faoi na dúshláin eile a d’fhéadfadh a bheith roimh na pobail thuaithe.

6. Bunaithe ar thaithí na gclár píolótach, féachaint an féidir coistí áitiúla a bhunú chun siamsaíocht oíche agus tairiscintí cruthaitheacha a chur chun cinn agus a fheabhsú i gceantair uirbeacha eile. Sa chomhthéacs sin, féachaint an féidir Ard-Mhéaraí Oíche a cheapadh i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh.

7. Athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar na rialacháin agus an creat beartais a rialaíonn an cultúr oíche ag leibhéal náisiúnta agus áitiúil.

8. Aird a tharraingt ar na dúshláin thábhachtacha eile a bhaineann leis na tionscadail phíolótacha agus na srianta reatha maidir le COVID-19 agus réitigh/gníomhartha tosaíochta a aimsiú lena n-áirítear an méid seo a leanas ach gan a bheith teoranta dó:

  • Iompar
  • Ord Poiblí
  • Éagsúlacht na Tairisceana Cultúir

9.Moltaí a chur faoi bhráid an Aire maidir le forbairt Beartas Geilleagair Oíche.