Scéim Tacaíochta Ionad Pobail an Gheilleagair Oíche 2026 Treoirlínte

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim Tacaíochta Ionad Pobail an Gheilleagair Oíche 2026 Treoirlínte


Treoirlínte

Beidh an scéim seo ar oscailt d’iarratasóirí ar an 6 Márta agus fanfaidh sí ar oscailt go dtí meán lae an 30 Márta. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an ama seo. Tá an fhoirm iarratais ar fáil anseo.

Déanfaidh painéal neamhspleách measúnú ar gach iarratas mar chuid den mheastóireacht iomlán. Ar chuntar go bhfaightear an t-iarratas roimh an dáta dúnta, ní bheidh aon tionchar ag an dáta nó an t-am cruinn a bhfaightear é ar an meastóireacht.

Ní féidir le hionaid ach iarratas amháin a dhéanamh faoin Scéim.

Léigh na treoirlínte seo a leanas go cúramach le do thoil sula gcuireann tú tús le d’iarratas. Ní mór d’iarratasóirí a mheas go cúramach an bhfuil siad incháilithe faoi Shruth A nó Shruth B sula gcuireann siad tús leis an bpróiseas iarratais.

Réamhrá

Moil chultúrtha thábhachtacha is ea ionaid phobail inár bpobail a chuireann ardán ar fáil le haghaidh ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn chun a dtallann a thaispeáint, taithí luachmhar agus naisc a fháil, agus a lucht leanúna a fhorbairt. Is iomaí ealaíontóir cáiliúil a chuir tús lena g(h)airm ag taibhléiriú in ionaid phobail agus seans maith nach mbeidh an deis chéanna dul chun cinn acu murach iad. Is ionann ionaid phobail agus ionaid chultúrtha a bhfuil sé mar phríomhsprioc acu taispeántais thicéadaithe bheo a sceidealú ina dtaispeántar ealaíontóirí Éireannacha. Ní bhíonn an oiread céanna spás do dhaoine sna hionaid seo, rud a chruthaíonn spás do thaispeántais níos pearsanta agus rannpháirtíocht leis an lucht leanúna. Tá sé de cháil orthu mar ionaid a thugann tús áite do thallann nua a fhorbairt. In ainneoin a gcuid oibre ar mhaithe le cultúr inár mbailte agus inár gcathracha agus ar son an Gheilleagair Oíche trí chéile, chomh maith lena thábhachtaí le haghaidh gairmeacha líon mór ealaíontóirí agus taibheoirí, tá brú méadaitheach tar éis teacht ar ionaid phobail mar gheall ar chostais atá ag ardú agus an baol a bhaineann le healaíontóirí nua a sceidealú nach bhfuil lucht leanúna seanbhunaithe acu.

Is é an scéim seo an ceathrú leagan de Scéim Tacaíochta an Gheilleagair oíche agus cuireann an méid a foghlaimíodh ó Scéim Tacaíochtaí Ionad Ceoil Pobail 2025 leis. Leis an Scéim, cuirfear maoiniú ar fáil do shraith d’imeachtaí ina leagfar béim ar thaibheoirí agus ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus ábhar nua a scríobh nó a chruthaigh siad féin á thaibhléiriú acu. Samhlaítear go gcuirfidh na himeachtaí seo deiseanna fostaíochta ar fáil freisin d’fhoireann léiriúcháin, soilsithe agus innealtóireachta fuaime, margaíochta agus Caidrimh Phoiblí, agus méadófar leo líon na ndaoine a théann chuig ionaid phobail, ionaid atá ag cabhrú faoi láthair le geilleagar oíche rathúil.

Gnéithe na Scéime

Tá iarratais á lorg faoi dhá Shruth éagsúla:

Sruth A Ionaid phobail atá in ann a chruthú go bhfuil teist orthu le dhá bhliain anuas gur sceidealaigh siad imeachtaí ticéadaithe ina raibh taibheoirí nó ealaíontóirí Éireannacha (nó bunaithe in Éirinn) i dtús a ngairme nó ag teacht chun cinn agus ábhar úrnua á thaibhléiriú acu a scríobh nó a chruthaigh siad féin.

Sruth B Ionaid atá in ann a chruthú gur sceidealaigh siad le 12 mhí anuas imeachtaí (ticéadaithe nó le táille) inar taispeánadh taibheoirí nó ealaíontóirí Éireannacha (nó bunaithe in Éirinn), agus a dhearbhaíonn go bhfuil siad toilteanach maoiniú faoin scéim seo a úsáid chun taibheoirí nó ealaíontóirí Éireannacha a sceidealú.

Tabhair do d’aire: Ní féidir le hionaid ach cur isteach ar mhaoiniú faoi shruth amháin.

Cuspóirí

  • Tacú le hionaid taispeántais bheo bheaga agus mheánmhéide agus an baol a dtéann siad ann nuair a sceidealaíonn agus a chothaíonn siad ealaíontóirí úrnua atá ag teacht chun cinn a aithint.
  • spreagadh d’ionaid agus tacú leo ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn a sceidealú, agus ar an mbealach sin na deiseanna taibhléirithe atá ar fáil d’ealaíontóirí i dtús a ngairme a mhéadú.
  • Beocht a chur sa Gheilleagar Oíche ar fud na tíre trí thairiscint chultúrtha ilghnéitheach a chur ar fáil, agus ar an mbealach sin tacú le tallann nua agus an méid daoine a théann go hionaid a dtugtar maoiniú dóibh a mhéadú chun cabhrú leis an earnáil seo a choinneáil beo.
  • Tallann na dtaibheoirí agus ealaíontóirí Éireannach a thaibhléiríonn ábhar a scríobh/a chruthaigh iad féin a thaispeáint agus deiseanna a thabhairt dóibh naisc a shnaidhmeadh sa tionscal agus taithí taibhléirithe a fháil.
  • Deiseanna fostaíochta a chur ar fáil do ghairmithe lena n-áirítear foireann agus criú léiriúcháin atá ag brath ar thaispeántais bheo.

Méid an Deontais

Cuirfear an scéim seo i bhfeidhm le ciste iomlán de €1 milliún aici, agus cuirfear i bhfeidhm í in dhá Shruth maoinithe ar leith. Cuirfear Sruth A i bhfeidhm le ciste iomlán de €800,000 agus Sruth B le ciste iomlán de €200,000.

Sruth A – Is féidir le hIonaid Phobail Sheanbhunaithe a bhfuil sé de theist orthu gur chaith siad ar a laghad dhá bhliain ag sceidealú taibheoirí nó ealaíontóirí Éireannacha agus a chomhlíonann na critéir incháilitheachta cur isteach ar an deontas uasta atá ceadaithe, suim nach mór ná €20,000 in aghaidh gach ionad a n-éiríonn leis. Is féidir le deontaithe maoiniú le haghaidh 90% de chostais incháilithe a tharraingt anuas, suas go méid iomlán an deontais atá leithdháilte. Ceanglófar ar an deontaí an 10% eile de chostais incháilithe a fhéinmhaoiniú chomh maith le gach costas nach bhfuil incháilithe le haghaidh maoinithe. Is é an deontas íosta is féidir cur isteach air ná €7,000 faoi Shruth A.

Sruth B – Ionaid atá in ann a chruthú gur sceidealaigh siad le 12 mhí anuas imeachtaí (ticéadaithe nó le táille) inar taispeánadh taibheoirí nó ealaíontóirí Éireannacha (nó bunaithe in Éirinn), agus a dhearbhaíonn go bhfuil siad toilteanach maoiniú faoin scéim seo a úsáid chun imeachtaí ticéadaithe ina bhfuil taibheoirí nó ealaíontóirí Éireannacha atá ag teacht chun cinn a sceidealú. Is féidir le hiarratasóirí cur isteach ar shuim dheontais uasta incheadaithe nach mó ná €8,000 in aghaidh gach ionad a n-éiríonn leis. Is féidir le deontaithe maoiniú le haghaidh 90% de chostais incháilithe a tharraingt anuas, suas go méid iomlán an deontais atá leithdháilte. Ceanglófar ar an deontaí an 10% eile de chostais incháilithe a fhéinmhaoiniú chomh maith le gach costas nach bhfuil incháilithe le haghaidh maoinithe. Is é an deontas íosta is féidir cur isteach air ná €3,000 faoi Shruth B.

Critéir Incháilitheachta

Cé atá incháilithe?

Ní mór do gach iarratasóir na critéir incháilitheachta seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Gnólacht cláraithe a bhfuil a ionad lonnaithe sa Stát.
  • Ba chóir go mbeadh slí san ionad do 500 duine nó níos lú.
  • Ní mór stáitse a bheith san Ionad faoi láthair nó limistéar stáitse tiomnaithe inar reáchtáladh taispeántais.
  • Ba chóir ceann amháin de na nithe seo a leanas a bheith ag ionad (ní mór fianaise ghrianghrafadóireachta a chur isteach leis an iarratas)
    • spás sainithe do lucht féachana
    • urlár damhsa
    • both fuaime
    • haiste ticéad
    • suíocháin a bhfuil a n-aghaidh ar an stáitse nó atá ar ardán
  • Ba chóir ceann amháin de na píosaí trealaimh seo a leanas a bheith ag ionad chun taispeántas beo a éascú (ní mór fianaise ghrianghrafadóireachta a chur isteach leis an iarratas)
    • deasc mheascacháin
    • córas fógartha poiblí
    • monatóirí stáitse
    • rige soilsithe
    • líne chúil
    • micreafóin stáitse
    • uirlisí sa bhreis
    • earraí intomhailte a bhaineann le huirlisí
  • Ní mór do d’ionaid dhá cheann de na róil seo a fhostú a úsáid ar bhealach (is féidir go bhfuil an duine céanna i gceist leo ar fad)
    • Innealtóir fuaime
    • Duine a dhéanann áirithintí
    • Poiblitheoir
    • Airgeadóir
    • Bainisteoir Stáitse
    • Foireann Slándála
  • Ní mór do ghnólachtaí a bheith comhlíontach ó thaobh cánach de.
  • Ní mór d’ionaid a bheith faoi dhliteanas rátaí mar atá leagtha amach san Acht Luachála 2001, arna leasú.

Ní mór do gach iarratasóir ar Shruth B na critéir incháilitheachta seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Ní mór go bhfuil sé de theist láidir ar ionaid gur sceidealaigh siad go rialta le dhá bhliain anuas (2024-2025 agus an dá bhliain sin san áireamh) imeachtaí ticéadaithe incháilithe.
    • Chun críocha Shruth A den scéim seo, is ionann imeacht incháilithe agus imeacht ticéadaithe ina dtaibhléiríonn taibheoir nó ealaíontóir atá ag teacht chun cinn nó i dtús a g(h)airme ó Éirinn nó atá lonnaithe in Éirinn obair atá scríofa nó cruthaithe aige/aici féin. Ní hionann é agus imeachtaí ina bhfuil grúpaí ómóis nó grúpaí a úsáideann obair daoine eile i mbun taispeántais.
    • Chun críocha Shruth A den scéim seo, is ionainn teist agus 36 imeacht incháilithe ticéadaithe agus fógartha ar a laghad thar thréimhse dhá bhliain ó 2024-2025 agus an dá bhliain sin san áireamh.
  • Ní mór don ionad é féin a chur chun cinn agus aithne a bheith air sa phobal mar ionad taispeántais bheo le taispeántas beo pobail mar dhlúthchuid de na himeachtaí a sceidealaíonn sé.

Ní mór d’iarratasóirí ar Shruth B na critéir incháilitheachta seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Ionad taispeántais bheo a bhfuil teist léirithe ach gur chláraigh sé imeachtaí incháilithe in dhá mhí dhéag de 2025
    • Chun críocha Shruth B den scéim seo, is ionann imeacht incháilithe agus imeacht (ticéadaithe nó faoi réir táille) ina dtaispeánann ealaíontóir nó taibheoir ó Éirinn nó atá lonnaithe in Éirinn obair atá scríofa nó cruthaithe aige/aici féin. Ní hionann é agus imeachtaí ina bhfuil grúpaí ómóis nó grúpaí a úsáideann obair daoine eile i mbun taispeántais.
    • Chun críocha Shruth B den scéim seo, is ionainn teist agus 12 imeacht incháilithe fógartha ar a laghad (ticéadaithe nó faoi réir táille) sa bhliain 2025.
  • Ní mór don ionad a bheith in ann a léiriú go sceidealaíonn siad imeachtaí taispeántais bheo (ticéadaithe nó faoi réir táille) faoi láthair.
  • Ní mór d’ionad a leagan amach ina iarratas, conas a sceidealóidh siad taibheoirí nó ealaíontóirí Éireannacha atá ag teacht chun cinn.

Cé nach bhfuil incháilithe faoi Shruth A agus Sruth B?

  • Féilte (féile cheoil phobail as an áireamh atá á reáchtáil in ionad ceoil pobail seanbhunaithe, agus is é an t-ionad an t-iarratasóir deontais, agus nach bhfuil an fhéile ag fáil maoiniú ó aon fhoinse sheachtrach eile.)
  • Beáir in Óstáin
  • Ionaid Spóirt
  • Coláistí Tríú Leibhéal, BOOnna, nó scoileanna
  • Ionaid maoinithe go poiblí e.g. ionad ealaíon
  • Tithe príobháideacha
  • Deontaithe scéimeanna RCCS nach bhfuil ag comhlíonadh na gComhaontaithe seirbhíse a eisíodh ná na nósanna imeachta tarraingthe anuas a ghabhann leo.
  • Ionaid a bhfuil slí do bhreis is 500 duine iontu
  • Ionaid nach bhfuil faoi dhliteanas rátaí mar atá leagtha amach san Acht Luachála 2001, arna leasú

Coinníollacha Maoinithe

Is é príomhaidhm na scéime seo ná tacú le ceol beo ticéadaithe de gach seánra agus imeachtaí grinn ag ionaid neamhspleácha ar fud na tíre. Is dócha go measfar iarratasóirí a bheith neamh‑incháilithe má tá siad ag déanamh iarratais ar son tionscadail a bhfuil an bhéim iontu ar fhoirmeacha ealaíne nó réimsí nach ceol nó greann iad. Níl íosmhéid ná uasmhéid imeachtaí is féidir a reáchtáil. Ceanglaítear ar gach Deontaí na coinníollacha maoinithe seo a leanas a chomhlíonadh, nó d’fhéadfaimis an deontas nó cuid den deontas a leithdháileadh a aistarraingt.

Ní mór gach imeacht a chlúdaítear faoi Shruth A agus B na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Ní mó gné ealaíonta/chultúrtha a bheith ag gach Imeacht a mhaoinítear.
  • Ní mór an maoiniú a úsáid ar mhaithe le himeachtaí a thaispeánann an tallann atá ag ealaíontóirí Éireannacha agus iad ag seinm ceol beo de gach seánra nó ag déanamh grinn atá scríofa/cruthaithe acu féin.
  • Ní mór gach imeacht a bheith ticéadaithe (is féidir le ticéid a bheith saor in aisce).
  • Ní mór gach Imeacht a reáchtáil san ionad a ndearnadh iarratas ar an deontas ina leith.
  • Ní mór ealaíontóir tacaíochta atá ag teacht chun cinn a bheith ag gach Imeacht a bhfuil príomhealaíontóir seanbhunaithe/aitheanta acu. Beidh fianaise air seo ag teastáil agus an deontas á tharraingt anuas, lena n-áirítear íocaíocht a rinneadh leis an ealaíontóir tacaíochta. Mura leor an fhianaise a chuirtear ar fáil i dtaca le healaíontóirí atá ag teacht chun cinn a íoc agus a sceidealú, is féidir go n-aistarraingeofar an deontas.
  • Ní mór gach Ealaíontóir a íoc roimh ré agus ní mór fianaise air seo a chur isteach agus an deontas á tharraingt anuas.
  • Ní mór gach ball foirne féinfhostaithe i dtaca le himeacht ar tugadh tacaíocht dó a íoc.
  • Ba cheart d’iarratasóirí a ndícheall a dhéanamh a chinntiú, nuair is féidir, go bhfuil cothromaíocht inscne i measc na dtaibheoirí a fhostaítear.
  • Ní mór imeachtaí a reáchtáil san oíche gan tosú níos luaithe ná 6pm.
  • Ní mór sceidil a fhógairt chun go bhfeicfeadh an méid is mó daoine iad. Ba chóir lógó na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt a thaispeáint i ngach ábhar poiblíochta agus gur chóir aitheantas i scríbhinn a thabhairt di i ngach tuarascáil/foilseachán agus ábhair fógraíochta eile.
  • Ní mór insint do gach ealaíontóir agus ball criú atá rannpháirteach in imeachtaí a mhaoinítear faoin scéim seo go bhfuil an t-imeacht á mhaoiniú faoin scéim seo.
  • Ba chóir d’Iarratasóirí a chinntiú go bhfuil gach ealaíontóir, taibheoir agus criú a bhaineann leis an tionscadal ag cloí leis an Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 agus go bhfuil sé de dhualgas ar iarratasóirí cosc a chur ar aon iompar nó iompraíocht ar dócha go gcuirfeadh sé sláinte agus sábháilteacht fostaithe i mbaol. Ina leith seo, ceanglaítear ar an Deontaí céimeanna réasúnta a ghlacadh chun féachaint chuige go bhfuil timpeallacht oibre ann atá saor ón mbulaíocht, ón gciapadh, agus ón gciapadh gnéasach, agus áirítear leis sin beartas dínite san áit oibre a fhorbairt. Ní mór do dheontaithe/ionaid Cód Iompair Sábháilte le Cruthú a shíniú sula dtarraingíonn siad aon mhaoiniú anuas.
  • Ní mór sláinte agus sábháilteacht, sábháilteacht dóiteáin san áireamh, na ndaoine ar an áitreabh a chur san áireamh in aon imeacht laistigh, faoin Reachtaíocht Phríomha a leanas agus na rialacháin agus treoir a rinneadh fúthu. Áirítear orthu seo (ach níltear teoranta dóibh):
    • An tAcht um Cheadúnú Ócáidí Laistigh, 2003
    • An tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005 (féach www.hsa.ie)
    • Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Feidhm Ghinearálta), 2007-2016
    • Na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin, 1989 agus 2003 (féach www.environ.ie)
    • Rialacháin um Shábháilteacht Dóiteáin in Áiteanna Cruinnithe (Éascaíocht Éalaithe), 1985
    • An Cód Cleachtais um Shábháilteacht Dóiteáin in Áiteanna Cruinnithe a Bhainistiú
    • An Treoir um Shábháilteacht Imeachta (Treoir Chorcra)
  • I gcomhréir le tiomantas na Roinne i leith inrochtaineacht a mheas agus a fheabhsú ar fud earnáil an Gheilleagair Oíche, ba cheart d’iarratasóirí smaoineamh faoi conas freastal ar riachtanais inrochtaineachta ar an mbealach is fearr ina n-ionaid, agus iarracht a dhéanamh chun a chinntiú, a mhéid is féidir, go bhfreastalaítear orthu siúd le riachtanais inrochtaineachta sna himeachtaí, lena n-áirítear baill den lucht féachana agus taibheoirí faoi mhíchumas.
  • Ba chóir beartas/ráiteas comhshaoil a bheith ag gach iarratasóir. Ní mór béim láidir a bheith ann ar inbhuanaitheacht chomhshaoil agus ní mór iniúchadh a dhéanamh ar lorg carbóin an tslabhra soláthair d’imeachtaí. Ba cheart spreagadh a thabhairt don lucht féachana páirt a ghlacadh in iarrachtaí chun a dtionchar comhshaoil a laghdú (e.g. iompar poiblí a úsáid chun freastal ar an imeacht, i gcás inar féidir).
  • Ba chóir go mbeadh gach ceadúnas ábhartha maidir le himeachtaí ceoil bheo a reáchtáil ag na hIonaid.

Costais Incháilithe

Cad is féidir a mhaoiniú? I measc samplaí de chostais incháilithe, tá:

  • Conarthaí le haghaidh seirbhísí do cheoltóirí lena n-áirítear ealaíontóirí ceoil leictreonaigh agus fuirseoirí a scríobh a n-ábhar féin agus atá fostaithe ag an ionad
  • Costais léiriúcháin agus chriú e.g. teicneoirí fuaime agus soilsithe
  • Costais a bhaineann le fógraíocht, Caidreamh Poiblí, ticéadú
  • Saintrealamh a fhruiliú atá ag teastáil go sonrach ó na himeachtaí
  • Costais bhainistíochta (táillí tionscnóra / léiritheora san áireamh). Costais a bhaineann le himeachtaí a chur in áirithe agus a chur chun cinn, bíodh gurb é an t-ionad nó tríú páirtí a dhéanann sin, suim nach mó ná 25% den deontas a dhámhtar
  • Costais Sláinte agus Sábháilteachta;
  • Costais Slándála
  • Costais maidir le hárachas d’Imeachtaí (árachas bliantúil as an áireamh)
  • Costais maoine intleachtúla/ríchíosanna
  • Costais ceadúnais dhéanaigh (táillí dlí as an áireamh)
  • Taisteal agus cothú ealaíontóirí, ar chuntar go gcuirtear é seo san áireamh mar mhír ar an sonrasc chuig an ionad agus gur sonrasc é a eisítear don Ealaíontóir.

Cad iad na rudaí nach maoineofar? I measc samplaí de chostais neamh-incháilithe tá:

  • Grúpaí ómóis/a chanann amhráin ceoltóirí eile
  • Greann tobchumtha
  • Cainteanna oidhreachta
  • Podchraoltaí beo/taifeadtaí podchraolta
  • Imeachtaí liteartha
  • Imeachtaí lae, i.e. imeachtaí a reáchtáiltear roimh 6pm
  • Imeachtaí a fhaigheann maoiniú poiblí ó fhoinse eile.
  • Imeachtaí allamuigh, ach amháin i gcás go bhfuil an t-imeacht atá a reáchtáil i limistéar allamuigh seanbhunaithe, ceangailte leis an ionad ceoil nó faoina chúirtealáiste.
  • Imeachtaí atá príobháideach nó nach bhfuil rochtain orthu ach le cuireadh amháin. Ní mór d’imeachtaí a bheith ar oscailt don phobal i gcoitinne agus/nó do chuairteoirí ar an gceantar
  • Imeachtaí tiomsaithe airgid
  • Imeachtaí a tháinig nó a tharla roimh sheoladh na Scéime
  • Trealamh a cheannach
  • Uirlisí ceoil a cheannach
  • Tógáil nó athruithe struchtúrtha ar ionad
  • Rátaí údaráis áitiúil
  • Costais foirne dóibh siúd atá ar chonradh seirbhíse
  • Conarthaí fostaíochta nach mbaineann le léiriúchán (i.e. costais foirne bhreise d’oscailt níos déanaí)
  • Táillí dlíthiúla agus cuntasóireachta
  • Costais árachais bhliantúla (árachas in aghaidh an imeachta as an áireamh)
  • Bia agus Deochanna (alcól san áireamh)
  • Iompar*
  • Lóistín*
  • Fóntais
  • Duaiseanna/dearbháin/bronntanais
  • Íocaíochtaí airgid (Tá caiteachas sonrasctha arna íoc trí ríomhaistriú de dhíth chun críocha iniúchóireachta)
  • Sonraisc arna n-eisiúint in ainm an iarratasóra/na heagraíochta nó cuideachtaí atá faoi úinéireacht an iarratasóra/úinéir an ionaid

(*Is féidir le healaíontóirí costais taistil agus cothaithe a chur san áireamh mar chuid dá sonrasc iomlán don ionad, rudaí atá incháilithe le haghaidh maoinithe. Ní bhreithneofar admhálacha i gcomhair breosla/iompair/lóistín/bia le haghaidh maoiniú.)

Más rud é nach bhfuil méid iomlán an mhaoinithe a leithdháileadh orthu de dhíth ar na Deontaithe a thuilleadh, ceanglaítear orthu Foireann an Gheilleagair Oíche a chur ar an eolas ag an gcéim is luaithe.

Má tá aon cheisteanna agat i dtaca le costais incháilithe, déan teagmháil le Foireann an Gheilleagair Oíche ag gmvss@ccs.gov.ie

Maoiniú a Tharraingt Anuas

  • Ní mór gach imeacht a reáchtáil roimh an 8 Samhain 2026 agus ní mór Deontaithe iarratas a dhéanamh chun an maoiniú a tharraingt anuas roimh an 13 Samhain 2026.
  • Íocfar deontais ar bhonn caiteachais dhearbhaithe i ndiaidh go reáchtáiltear gach imeacht i sraith. Ní mór íocaíochtaí a dhéanann an t-ionad a dhéanamh trí ríomhaistriú airgead chun críocha iniúchóireachta. Ní mór do Dheontaithe gach sonrasc íoctha, ráiteas bainc, ábhar bolscaireachta agus cáipéisíocht tacaíochta eile a chur faoi bhráid na Roinne chun na cistí leithdháilte a tharraingt anuas. Níl réamh-mhaoiniú ar fáil don Scéim seo.
  • Ní mór don Iarratasóir aontú le próiseas meastóireachta/ceistneoir gairid chun cabhrú leis an Roinn éifeachtacht a thomhas agus an méid a foghlaimíodh a roinnt leis an earnáil.

Nósanna Imeachta Faofa

Déanfaidh painéal measúnú ar iarratais ar an scéim seo faoin dá Shruth araon mar chuid den phróiseas meastóireachta foriomlán. Déanfaidh an Roinn measúnú ar gach iarratas a fhaightear roimh an dáta dúnta chun a chinntiú go gcomhlíontar na critéir incháilitheachta agus na coinníollacha maoinithe faoi Shruth A nó Sruth B. Ní bhreithneofar aighneachtaí déanacha.

Roghnófar iarratais le haghaidh maoiniú ar bhonn a n-incháilitheachta agus a oiriúnaí is atá siad don scéim. Ar chuntar go bhfaightear an t-iarratas roimh an dáta dúnta, ní bheidh aon tionchar ag an dáta nó an t-am cruinn a bhfaightear é ar an meastóireacht.

Déanfaidh painéal measúnú ar iarratais ar an mbealach seo a leanas:

Sruth A

  1. Critéir Incháilitheachta (bronntar 30 marc ar an uasmhéid)
  2. Teist léirithe – ba chóir a dhóthain fianaise a chur ar fáil chun tacú leis na riachtanais d’iarratasóirí Shruth A a leagtar amach thuas (bronntar 30 marc ar an uasmhéid)
  3. Cáilíocht an Iarratais/Togra (bronntar 20 marc ar an uasmhéid)
  4. Comhlíontacht Airgeadais (bronntar 20 marc ar an uasmhéid)

Sruth B

  1. Critéir Incháilitheachta (bronntar 30 marc ar an uasmhéid)
  2. Teist gur reáchtáladh taispeántais bheo is gur fostaíodh Ealaíontóirí/Taibheoirí Éireannacha – fianaise curtha ar fáil chun tacú leis na riachtanais d’iarratasóirí Shruth A a leagtar amach thuas (bronntar 30 marc ar an uasmhéid)
  3. Cáilíocht an iarratais (bronntar 20 marc ar an uasmhéid)
  4. Comhlíontacht Airgeadais (bronntar 20 marc ar an uasmhéid)

Cuirfidh an rann cothromaíocht réigiúnach san áireamh agus í ag dámhachtain deontas, ach beidh sé seo faoi réir critéir incháilitheachta agus téarmaí agus coinníollacha na scéime faoi mar a atá leagtha amach sna treoirlínte seo. Ní féidir a bheith cinnte go bhfaighidh an Deontaí an deontas uasta le haghaidh maoinithe. Socróidh painéal neamhspleách an leithdháileadh deiridh.

Ní bhreithneofar ach iarratais chomhlánaithe. Diúltófar do d’éileamh ar dheontas má tá foirmeacha neamhiomlána nó ar iarraidh.

Tá sé de dhualgas ar an iarratasóir a chinntiú go gcloíonn gach faisnéis a chuirtear ar fáil leis an bhfoirm iarratais. Eiseofar ríomhphost deimhnithe le d’uimhir thagartha. Mura gcuireann tú gach faisnéis atá ag teastáil ar fáil le d’iarratas, is féidir go gcuirfear moill ar an bpróiseas measúnaithe. Forchoimeádann an Roinn an ceart tuilleadh faisnéise a iarraidh ó iarratasóirí chun measúnú a dhéanamh ar iarratas má tá gá lena leithéid agus chun diúltú d’iarratas ar bith nach gcuirtear an fhaisnéis a iarrtar ar fáil ina leith.

Gheobhaidh Iarratasóirí ar an scéim a n-éiríonn leo tairiscint deontais i bprionsabail, rud atá ag brath ar mhaoiniú leordhóthanach a bheith ar fáil. Ní hionann incháilitheacht agus tairiscint maoinithe

Tabhair do d’aire gur féidir nach mbeidh sé indéanta maoiniú a leithdháileadh ar gach iarratasóir incháilithe nó an tsuim iomlán a iarrann Iarratasóir a leithdháileadh ós rud é go mbeidh sé ag brath ar an maoiniú atá ar fáil.

Conas Iarratas a dhéanamh

Cinntigh gur léigh tú na treoirlínte seo go cúramach sula gcuireann tú tús le d’iarratas. Is féidir cur isteach trí fhoirm iarratais ar líne ar féidir leat teacht uirthi anseo.

· Cliceáil ar chnaipe 'Cuir Tús le hIarratas Nua' agus comhlíon an fhoirm. Má chuireann an t-iarratasóir iarratas isteach, beidh sé ag dearbhú go gcomhlíonann an t-iarratas atá á dhéanamh na critéir at a leagtha amach sna Treoirlínte don Scéim.

· Ba chóir d’iarratasóirí a chinntiú go bhfuil a bhfoirm iarratais críochnaithe ina hiomláine agus gur cuireadh an cháipéisíocht bhreise isteach léi. Ceanglófar ar an iarratasóir roinnt míreanna ar sheicliosta ar an bhfoirm iarratais a dhearbhú sula gcuireann siad an t-iarratas isteach, i measc rudaí eile, dearbhú go bhfuil an t-iarratas i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach sna Treoirlínte don scéim.

· Eiseofar ríomhphost deimhnithe ina sonrófar d’iarratas agus d’uimhir thagartha. Déan teagmháil leis an Roinn ag gmvss@ccs.gov.ie mura bhfaigheann tú ríomhphost deimhnithe.

· Is féidir le hiarratasóirí dréachtleagan dá gcuid iarratas a shábháil sula gcuireann siad an fhoirm iarratais dheiridh isteach – ach tabhair do d’aire nach mbreithneofar dréachtleaganacha lena bhfaomhadh. Tá sé de dhualgas ar an iarratasóir a chinntiú gur cuireadh a n-iarratas isteach.

· Bímid an-dáiríre faoi fhaisnéis atá bréagach nó míthreorach a chuirtear faoi bhráid na Roinne ag céim ar bith. Is féidir deontas a aistarraingt ó aon ghnólacht nach gcomhlíonann téarmaí agus coinníollacha 'Scéim Tacaíochta Ionad Pobail an Gheilleagair Oíche 2026', nó seans go mbeidh orthu deontas iomlán nó cuid de a aisíoc agus/nó go gcuirfear cosc orthu deontais a dhéanamh ar feadh tréimhse ama.

· Má tá ceist ar bith agat faoin bpróiseas iarratais, seol ríomhphost chuig gmvss@ccs.gov.ie le do thoil

Achomhairc

D’fhéadfadh iarratasóir achomharc a dhéanamh má cheapann sé nó sí nár cloíodh leis an bpróiseas chun a (h)iarratas a athbhreithniú.

Ba chóir go bhfuil ríomhphost cinnidh ag an iarratasóir ó Aonad an Gheilleagair Oíche chun achomharc a dhéanamh. Ní foláir achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ón dáta atá ar an ríomhphost cinnidh. Ní ghlacfar le hachomhairc a chuirtear isteach i ndiaidh an ama seo.

Tá sé riachtanach na forais le d’achomharc a leagan amach go soiléir i ríomhphost ar chóir é a sheoladh chuig Oifigeach Achomharc Aonad an Gheilleagair Oíche ag gmvss.appeals@ccs.gov.ie agus “Achomharc” a lua chomh maith le d’uimhir iarratais ar líne ábhair an ríomhphoist.

I gcorp an ríomhphoist ba chóir go mbeadh:

• sonraí teagmhála iomlána an iarratasóra agus uimhir iarratais

• na forais ar a gcreideann an t-iarratasóir nár cloíodh leis an bpróiseas breithnithe I dtaca lena (h)iarratas. Ní mór don iarratasóir cúiseanna sonracha a lua nó fianaise a chur ar fáil chun tacú leis an achomharc

Gheobhaidh an t-iarratasóir ríomhphost admhála laistigh de chúig lá oibre ó Oifigeach Achomhairc STIP nó ó dhuine ar tugadh an t-údarás dó chun ionadaíocht a dhéanamh dóibh agus iad as láthair. Déanfar an t-achomharc a bhreithniú ansin agus eiseofar cinneadh don iarratasóir laistigh de 20 lá oibre i ndiaidh na hadmhála. Beidh an cinneadh ceangailteach ó thaobh dlí de agus ní bheidh sé faoi réir aon achomharc eile. I gcás go gceaptar go mbeidh moill ann, cuirfear an t-iarratasóir ar an eolas i scríbhinn faoin amlíne shínithe.

Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta

Is é an aidhm atá leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil sa doiciméad seo ná tuiscint a thabhairt d’iarratasóirí ar an bpróiseas ina ndéantar measúnú ar iarratais ar chúnamh agus ina ndéantar iad a fhaomhadh ach ní ceart a mheas gur míniú dlí é.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, d’fhéadfaí sonraí atá in iarratais agus i ndoiciméid tacaíochta a eisiúint chuig tríú páirtithe, ach iad a iarraidh. Má tá faisnéis íogair nó rúnda ó thaobh nádúir de i d’iarratas, tarraing aird uirthi agus cuir míniú ar fáil ar an bhfáth nár chóir í a nochtadh. Má fhaightear iarratas ar fhaisnéis íogair a nochtadh faoin reachtaíocht, rachfar i dteagmháil leat sula ndéanfar cinneadh chun an fhaisnéis a nochtadh nó gan í a nochtadh. Mura n-aithnítear faisnéis ar leith mar íogair áfach, d’fhéadfaí í a nochtadh gan dul I gcomhairle leat.

Suirbhé Meastóireachta

Ceanglófar ort Suirbhé Meastóireachta a chomhlánú i dtaca le do rannpháirtíocht sa scéim, lena n-áirítear conas a fuarthas an deontas/cén tionchar a bhí aige ar do ghnólacht.

Foilsiú

Is féidir sonraí maidir le dámhachtainí aonair a fhoilsiú ar shuíomh idirlín na Roinne, lena n‑áirítear ainm an deontaí, an contae ina bhfuil cónaí ar an tairbhí, agus méid an deontais.

Cosaint sonraí

Maidir le cosaint sonraí i dtaca leis an roinn féach ar an bhfaisnéis anseo.

Séanadh

Ní bheidh an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt faoi dhliteanas don iarratasóir nó d’aon pháirtí eile as aon chaillteanas, damáiste nó costais de chineál ar bith a eascraíonn go díreach nó go hindíreach ón iarratas nó óna ábhar nó ó dhiúltú na Roinne don iarratas ar chúis ar bith.

Ní bheidh an Roinn, a seirbhísigh nó a gníomhairí freagrach nó faoi dhliteanas ag am ar bith I gcúinsí ar bith as aon ní a bhaineann le forbairt, pleanáil, maoiniú, tógáil, feidhmiú, bainistiú agus/nó riar imeachtaí aonair nó aon ní a bhaineann le páirtíocaíocht ón Roinn do shonraisc arna gcur isteach ag deontaithe.

Tabhair do d’aire: Ba chóir d’iarratasóirí teagmháil a dhéanamh lena nÚdarás Áitiúil ábhartha roimh imeacht a phleanáil. Tá iarratasóirí/eagraithe freagrach as gnéithe sábháilteachta a n‑imeachta a chur i bhfeidhm, ní féidir leis an Roinn a bheith faoi dhliteanas i leith imeacht nach n-eagraíonn siad, nó i leith mhainneachtain an eagraí aon chomhairle nó treoir a chuir an tÚdarás Áitiúil ar fáil a chur i bhfeidhm.

Monatóireacht

Ceanglófar ar dheontaithe cloí leis na caighdeáin is airde maidir le trédhearcacht as cuntasacht mar a shonraítear i gCiorclán 13/2014 na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe - Bainistiú agus Cuntasacht Socruithe Deontais ó Chistí an Státchiste.

Is é an aidhm atá leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil sa doiciméad seo ná tuiscint a thabhairt d’iarratasóirí ar an bpróiseas ina ndéantar measúnú ar iarratais ar chúnamh agus ina ndéantar iad a fhaomhadh ach ní ceart a mheas gur míniú dlí é.

Aitheantas Maoinithe

Ceanglófar ar ghnólachtaí aitheantas a thabhairt do chabhair na Roinne i Ráitis Airgeadais Bhliantúla sa bhliain ina n-íoctar an deontas.

Státchabhair / De Minimis

Is í an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt an tÚdarás Cúnta Deontais don Scéim, agus dearbhaíonn sí go mbeidh meas aici ar na ceanglais mhonatóireachta agus tuairiscithe i dtaca le Státchabhair.

Tá an chabhair atá á lorg á cur ar fáil faoi Threoir an Choimisiúin Eorpaigh um Chabhair De Minimis. Meastar suimeanna beaga Státchabhrach, suimeanna nach mó ná 300,000 Euro laistigh de thréimhse trí bliana ar bith, a bheith ró-íseal chun tionchar a imirt ar thrádáil nó ar iomaíocht sa chómhargadh. Meastar nach dtagann suimeanna den sórt sin laistigh de chatagóir na Státchabhrach a gcuireann an Conradh CE cosc uirthi agus is féidir iad a dhámhadh gan fógra don Choimisiún ná gan chead uaidh. Ceanglaítear ar Bhallstát meicníocht a bheith acu chun a leithéid sin de chabhair (ar a dtugtar 'cabhair De Minimis') a rianú agus chun a chinntiú nach sáraíonn an méid comhiomlán d’íocaíochtaí cabhrach ó gach foinse d’aon fhiontar amháin i dtréimhse trí bliana ar bith an uasteorainn 300,000 Euro. Iarrfar ar iarratasóirí sonraí a chur ar fáil faoi gach cabhair De Minimis a dámhadh dá ngnólacht le trí bliana anuas. Ba chóir a thabhairt faoi deara, gur féidir cabhair a aisghabháil agus ús a ghearradh má dhéanann gnólacht dearbhú bréagach a fhágann go sáraítear an uasteorainn 300,000 Euro.

Is Cabhair De Minimis é gach maoiniú STIP agus iarrfar ar iarratasóirí a admháil go bhfuil STIP 2026 á thairiscint faoi Chabhair De Minimis trí dhearbhú go bhfuil siad ag iarraidh cur isteach ar STIP trí Rialachán De Minimis (AE) 2023/2831 ón 13 Nollaig 2023.

Do Chuid Ceisteanna á bhFreagairt

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar leathanach Do Chuid Ceisteanna á bhFreagairt

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat