Scéim Tacaíochta Ionad Pobail an Gheilleagair Oíche 2026 Do Chuid Ceisteanna á bhFreagairt

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim Tacaíochta Ionad Pobail an Gheilleagair Oíche 2026 Do Chuid Ceisteanna á bhFreagairt


Uainiú na Scéime?

Osclaíodh Scéim Tacaíochta Ionad Pobail (STIP) an Gheilleagair Oíche 2026 le haghaidh iarratas anseo ó 12pm ar an 6 Márta 2026 agus fanfaidh sé ar oscailt go dtí an 30 Márta 2026. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an dáta seo.

Léigh treoirlínte na Scéime go cúramach sula ndéanann tú iarratas.

Cé atá incháilithe agus cé nach bhfuil incháilithe chun iarratas a dhéanamh?

Féach ar threoirlíntena scéime faoi Chritéir Incháilitheachta.

Cé na himeachtaí a bheidh agus nach mbeidh incháilithe le haghaidh maoinithe?

Féach ar threoirlínte na scéime faoi Chostais Incháilithe.

An féidir leat Ealaíontóir seanbhunaithe a chur in áirithe?

Cinnte, is féidir leat ealaíontóir seanbhunaithe a chur in áirithe, ach ní mór duit gnáthealaíontóir amháin a sceidealú ar a laghdú freisin mar ealaíontóir tacaíochta ar an oíche chéanna. Ní mór duit fianaise air seo a chur ar fáil agus an deontas á tharraingt anuas trí phóstaer agus/nó sonrasc i dtaca leis an ngnáthealaíontóir a sceidealú agus a íoc. Ní mór duit a thaispeáint go soiléir gur thacaigh an gnáthealaíontóir leis an ealaíontóir seanbhunaithe/aitheanta. Mura leor an fhianaise a chuirtear isteach tá baol ann nach n‑íocfar thú as an imeacht agus na cistí á dtarraingt anuas agat.

An féidir airgead a iarraidh i gcomhair chostais an tionscnóra?

Cinnte, is féidir leat suim nach mó ná 25% den deontas iomlán a leithdháiltear a iarraidh le haghaidh chostais an tionscnóra. Sa sonrasc, ba chóir go mbeadh liosta iomlán de gach gig a cuireadh in áirithe (uaireanta san áireamh más féidir), costas in aghaidh gach gige agus ba chóir sonrasc íoctha a chur isteach agus a shíniú.

Conas mar a fhaomhfar an t-iarratas?

Is é €1 mhilliún an leithdháileadh iomlán don scéim seo. Leis an scéim seo oibreofar dhá Shruth maoinithe ar leith. Cuirfear Sruth A i bhfeidhm le ciste iomlán de €800,000 agus Sruth B le ciste iomlán de €200,000.

Mar gheall ar an líon mór iarratas a bhfuiltear ag súil leo, seans nach mbeidh sé indéanta maoiniú a leithdháileadh nó an deontas uasta a leithdháileadh ar gach iarratasóir incháilithe. Déanfaidh an Roinn agus painéal neamhspleách measúnú ar gach iarratas.

Is í an Roinn a dhéanfaidh measúnú ar gach iarratas a fhaightear i dtús chun a chinntiú go gcomhlíontar na critéir incháilitheachta agus na coinníollacha maoinithe faoi Shruth A nó Sruth B. Ina theannta sin, déanfar gach iarratas a mheas bunaithe ar an teist atá acu, cáilíocht an togra agus comhlíontacht airgeadais.

Má mheastar d’iarratas a bheith neamh-incháilithe, cuirfimid thú ar an eolas. Tá sé mar aidhm againn é sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Má tá d’iarratas neamh- incháilithe, fágann sé seo nach féidir linn é a phróiseáil tuilleadh agus ní chuirfear san áireamh é le haghaidh maoinithe.

Measfar iarratais atá neamhiomlán nó a bhfuil sonraí easnamhacha iontu i dtaca leis na himeachtaí atá beartaithe a bheith neamh-incháilithe agus diúltófar don iarratas.

Ní bhreithneofar iarratais a thagann i ndiaidh an 30 Márta 2026.

Cuirfear iarratasóirí a n-éiríonn leo ar an eolas trí ríomhphost trí thairseach iarratais Submit.com.

Cé chomh luath is a gheobhaidh tú d’íocaíocht má fhaomhtar d’iarratas?

Déanfar íocaíochtaí deontais le hiarratasóirí faofa i ndiaidh go reáchtáiltear gach imeacht agus go gcuirtear iarratas ar tharraingt anuas deontais faoi bhráid na Roinne, a mbeidh sonraisc íoctha agus fianaise ar ríomhaistriú le haghaidh gach caiteachas incháilithe san áireamh iontu. Féach ar Aguisín A den doiciméad seo le haghaidh sampla den mhéid ar chóir a chur isteach chun íocaíocht phras a chinntiú.

Is féidir le Deontaithe faoi Shruth A dhá iarratas ar tharraingt anuas a chur isteach. Ní mór dúinn an chéad tarraingt anuas a fháil ag tráth nach déanaí ná Aoine an 21 Lúnasa 2026. I ndiaidh don spriocdháta bheith thart, ní mór gach maoiniú a tharraingt anuas mar iarratas amháin ar íocaíocht roimh an dáta deiridh le haghaidh tarraingt anuas, an 20 Samhain 2026.

Ní féidir le Deontaithe faoi Shruth A ach iarratas amháin ar tharraingt anuas a chur isteach. Ní mór dúinn an tarraingt anuas a fháil roimh Aoine, an 20 Samhain 2026 chun íocaíocht a chinntiú. Níl aon rogha ann d’Iarratasóirí faoi Shruth B, airgead a tharraingt anuas i sciartha.

Tabhair do d’aire: Níl réamh-mhaoiniú ar fáil don Scéim seo. Déanfar gach íocaíocht deontais ar bhonn na sonrasc íoctha a chuirtear isteach (bonn dliteanas aibithe).

Cé mhéad a gheobhaidh tú?

Is féidir le hiarratasóirí atá ag cur isteach ar dheontais faoi Shruth A cur isteach ar dheontas íosta de €7,000 agus deontas uasta de €20,000 ó thaobh maoiniú de. Faoi Shruth B is féidir cur isteach ar dheontas uasta de €8,000 ó thaobh maoinithe de.

Faoi Shruth A agus Sruth B, maoineofar 90% de gach costas incháilithe taifeadta, suim nach mó ná méid uasta an deontais leithdháilte. Ní mór don deontaí an 10% eile de chostais incháilithe, in éineacht le gach costas neamh-incháilithe.

Sampla Shruth A:

Costas incháilithe measta na himeachtaí beartaithe a reáchtáil = €25,000

90% de €25,000 = €22,500

Deontas Uasta a dhámhtar = €20,000

Ba chóir don Iarratasóir cur isteach ar €20,000 de mhaoiniú.

Tá ar an Iarratasóir an 10% eile a mhaoiniú i.e. €5,000.

Sampla Shruth B:

Líon iomlán na gcostas incháilithe a cuireadh isteach agus an deontas á tharraingt anuas = €10,000

90% de €10,000 = €9,000

Deontas Uasta a dhámhtar = €8,000

Tá ar an Iarratasóir an 10% eile a mhaoiniú i.e. €1000

Ní mór sonraisc agus aistrithe bainc a chur isteach le haghaidh an chostais iomláin incháilithe a bhaineann leis na himeachtaí a reáchtáil. Ní mór don deontaí gach costas nach bhfuil incháilithe le haghaidh maoiniú a íoc ar a gconlán féin.

Conas mar a íocfar an deontas

I ndiaidh na himeachtaí a chur i gcrích agus i ndiaidh don iarratasóir iarratas tarraingthe anuas a chur isteach trí ardán Submit.com, déanfar athbhreithniú ar an iarratas tarraingthe anuas agus íocfar an deontas chuig cuntas bainc an ghnólachta trí Ríomhaistriú Airgid (RAA), trí úsáid a bhaint as na sonraí bainc a cuireadh ar fáil ar an bhfoirm iarratais.

Cáipéisíocht ábhartha a choinneáil mar fhianaise ar an gcaiteachas incháilithe

Mar atá leagtha amach sna treoirlínte, oibrítear an scéim ar bhonn na sonrasc a chuirtear isteach. Ceanglaítear ar ghnólachtaí gach fianaise agus cáipéisíocht a choinneáil a thacaíonn leis an mbonn chun an t-éileamh a dhéanamh faoin Scéim, mar is féidir leis an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt a leithéid a éileamh le haghaidh seiceálacha incháilitheachta sa todhchaí.

Eagróidh an Roinn spotseiceálacha chun a chinntiú go bhfuil na critéir incháilithe á gcomhlíonadh chun críocha iniúchóireachta.

Próiseas iarratais

Léigh na treoirlíntesula gcuireann tú tús le d’iarratas. Beidh an tairseach iarratais don Scéim seo ar oscailt ar shuíomh idirlín na Roinne ar 12pm ar an 6 Márta 2026.

Is féidir le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh anseo trí chuntas a chruthú agus cliceáil ar an gcnaipe "Nua". Cinntigh go n-aighníonn tú an t-iarratas seachas é a fhágáil mar dhréachtleagan. Ba chóir duit ríomhphost deimhnithe a fháil a déarfaidh leat gur aighníodh an t-iarratas. Déanfaidh an Roinn measúnú ar Iarratais le haghaidh incháilitheachta de réir an dáta agus an ama a thagann siad isteach.

Cuirfear iarratasóirí a n-éiríonn leo ar an eolas faoin tsuim dheontais a leithdháileadh dóibh agus is féidir leo ansin leanúint ar aghaidh agus na himeachtaí a eagrú. I ndiaidh gach imeacht a chur i gcrích, is féidir le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh ar an deontas a tharraingt anuas trí úsáid a bhaint as na treoirlínte tarraingthe anuas.

Má chuireann an t-iarratasóir iarratas isteach, beidh sé ag dearbhú go gcomhlíonann an t- iarratas na critéir atá leagtha amach sna Treoirlínte don Scéim.

Ní bhreithneofar dréachtiarratais ná iarratais neamhiomlána.

Cad é do URIC (Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach)

Chun cead a thabhairt dúinn do stádas imréitigh cánach a sheiceáil, ní mór duit Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach (URIC) a chur ar fáil dúinn chomh maith le d’Uimhir Aitheantais Cánach (a iarradh i réimse roimhe seo). Tugtar URIC duit i ndiaidh go n-éiríonn leat cur isteach ar Imréiteach Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór don Roinn a bheith in ann an stádas imréitigh cánach atá ag gach iarratasóir a n-éiríonn leo a fhíorú chun íocaíocht a dhéanamh leo. Seiceálfar do stádas imréitigh cánach agus meas á dhéanamh ar d’incháilitheacht le haghaidh na scéime, agus arís nuair atá d’íocaíocht á faomhadh. Ní hionann an URIC agus d’uimhir aitheantais cánach.

Foilsiú tairbhithe

Is féidir go bhfoilseofar sonraí maidir le dámhachtainí aonair ar shuíomh idirlín na Roinne agus go gcuirfear ar fáil iad trí Cheisteanna Parlaiminte. Leis seo, beidh ainm faoina bhfuil gníomhaíocht an ghnólachta á déanamh, an contae ina bhfuil an tairbhí ina c(h)ónaí, agus méid an deontais.

An dáta dúnta don scéim

Is é an dáta dúnta don scéim ná an 30 Márta 2026.

Beidh an scéim á hoibriú agus ciste iomlán de €1 mhilliún aici.

Doiciméid nach mór duit a uaslódáil le d’iarratas

Céim 1:

Sruth A - Measúnú incháilitheachta

Ceanglaítear ar iarratasóirí na doiciméid seo a leanas a uaslódáil:

  • Íomhánna ina léirítear an limistéar stáitse chomh maith le trealamh faoi mar atá leagtha amach sna treoirlínte.
  • Fianaise ar theist gur reáchtáladh imeachtaí ceoil pobail thar dhá bhliain ó 2024-2025 agus an dá bhliain sin san áireamh, lena n-áirítear dátaí/grianghraif d’imeachtaí, ábhar bolscaireachta agus díolacháin ticéad.
  • Breithneofar ábhar a chuireann iarratasóirí ar Scéim Tacaíochta Ionad Pobail a n‑éiríonn leo i dtaca le himeachtaí in 2024.

Sruth B - Measúnú incháilitheachta

Ceanglaítear ar iarratasóirí na doiciméid seo a leanas a uaslódáil:

  • Íomhánna ina léirítear an limistéar stáitse chomh maith le trealamh faoi mar atá leagtha amach sna treoirlínte.
  • Fianaise ar theist gur reáchtáladh imeachtaí ceoil pobail in 2025, lena n-áirítear dátaí/grianghraif d’imeachtaí, ábhar bolscaireachta agus díolacháin ticéad.

Céim 2: Iarratas ar mhaoiniú a tharraingt anuas

I ndiaidh gach imeacht a reáchtáil, ceanglófar ort an méid seo a leanas a uaslódáil ar Submit.com.

  • Sonraisc íoctha (marcáilte ‘Íoctha’ ag an soláthraí nó le tacaíocht i bhfoirm admhála)
  • Fianaise ar ríomhaistrithe bainc do gach idirbheart a bhfuil éileamh á dhéanamh ina leith
  • Ábhar bolscaireachta agus íomhánna de na himeachtaí

Tá sampla den mhéid a theastaíonn le haghaidh tarraingt anuas ar fáil in Aguisín A.

Conas an fhoirm iarratais a shíniú

Ba chóir síniú clóscríofa a chur ar fáil nuair a iarrtar é ar leathanach deiridh na foirme iarratais. Ansin, gheobhaidh tú ríomhphost ó submit.com le nasc nach mór duit a chliceáil chun do shíniú a fhíordheimhniú.

Achomhairc

D’fhéadfadh iarratasóir achomharc a dhéanamh má cheapann sé nó sí nár cloíodh leis an bpróiseas chun a (h)iarratas a athbhreithniú.

Ní mór ríomhphost cinnidh a bheith ag iarratasóir sula féidir leis/léi achomharc a dhéanamh. Ní foláir achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ón dáta atá ar an ríomhphost cinnidh. Ní ghlacfar le hachomhairc a chuirtear isteach i ndiaidh an ama seo.

Tá sé riachtanach na forais le d’achomharc a leagan amach go soiléir i ríomhphost ar chóir é a sheoladh chuig Oifigeach Achomharc Aonad an Gheilleagair Oíche ag gmvss.appeals@ccs.gov.ie agus "Achomharc" a lua chomh maith le d’uimhir iarratais ar líne ábhair an ríomhphoist.

I gcorp an ríomhphoist ba chóir go mbeadh:

• sonraí teagmhála iomlána an iarratasóra agus uimhir iarratais

• na forais ar a gcreideann an t-iarratasóir nár cloíodh leis an bpróiseas breithnithe i dtaca lena (h)iarratas. Ní mór don iarratasóir cúiseanna sonracha a lua nó fianaise a chur ar fáil chun tacú leis an achomharc

Gheobhaidh an t-iarratasóir ríomhphost admhála laistigh de chúig lá oibre ó Oifigeach Achomhairc STIP nó ó dhuine ar tugadh an t-údarás dó chun ionadaíocht a dhéanamh dóibh agus iad as láthair. Déanfar an t-achomharc a bhreithniú ansin agus eiseofar cinneadh don iarratasóir laistigh de 20 lá oibre i ndiaidh na hadmhála. Beidh an cinneadh ceangailteach ó thaobh dlí de agus ní bheidh sé faoi réir aon achomharc eile. I gcás go gceaptar go mbeidh moill ann, cuirfear an t-iarratasóir ar an eolas i scríbhinn faoin amlíne shínithe.

Teagmháil

Is féidir ceisteanna a sheoladh i ríomhphost chuig GMVSS@ccs.gov.ie. Má tá uimhir iarratais agat, ná déan dearmad é sin a chur san áireamh in aon chomhfhreagras.

Tabhair do d’aire go bhféadfaí an doiciméad seo a uasdátú ó am go chéile.

Aguisín A

Sampla d’Aighneacht Tarraingthe Anuas:

Chun cabhrú leis an deontas a phróiseáil, tá trí mhír de dhíth orainn:

  1. An tábla ar Submit.com a bheith comhlánaithe le sonraí maidir leis an uimhir Thaifid/imeacht/ainm an bhanna/costas CBL as an áireamh/costas CBL san áireamh nó comhad den chineál céanna uaslódáilte chuig submit.com
  2. Ainm an tsonraisc leis an uimhir thaifid imeacht&banna&ainm an íocaí

e.g. Taifead 1 Imeacht le racbhanna – Joe Bloggs.pdf. Mura bhfuil uimhir shonraisc ann, marcáil an uimhir thaifid ar an sonrasc. Cabhróidh sé seo linn na taifid a mheaitseáil le chéile.

  1. Taifead RAA – tuarascáil an idirbhirt aibhsithe agus ainm an íocaí agus an uimhir thaifid scríofa in aici leis.

Sampla d’aighneacht:

  1. Comhlánaigh tábla in submit.com nó aighnigh comhad leis an méid seo a leanas:

Uimhir Thaifid

Uimhir Thagartha Sonraisc

Ainm an tSoláthraí

Cur Síos ar an tSeirbhís

Costas CBL san áireamh €

Costas CBL as an áireamh €

Dáta na hÍocaíochta de réir an Ráitis Bainc

1

101

We Rock (Gerry Byrne)

Banna

n/b

500

12/05/2025

2

1445

Sound Hire (Paddy Murphy)

Fruiliú Trealaimh Fuaime le haghaidh 3 ghig

1845

1500

12/05/2025

Caiteachais Incháilithe Iomlána

 

 

 

 

2000

 

  1. Cuir na sonraisc a ghabhann leo isteach. Bunaithe ar an bhfaisnéis tábla thuas ba chóir dúinn 2 shonrasc a fháil darbh agus na hainmneacha seo orthu:

Taifead 1 1-We Rock-GerryByrne.pdf

Taifead 2 -SoundHire-PaddyMurphy.pdf

  1. Cuir isteach do thaifid RAA. Bunaithe ar an sampla thuas, tá 2 thaifead le haibhsiú mar thaifead 1 agus taifead 2 ar chomhad an idirbhirt. Ba chóir go mbeimid in ann crostagairt a dhéanamh idir an chuideachta nó ainm an íocaí atá luaite ar an tábla. Is féidir gach faisnéis phearsanta eile a cheilt ar Thuarascáil Idirbhirt an RAA.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat