Aire Stáit, Jack Chambers, TD: Comhchoiste an Oireachtais ar Thurasóireacht, Cultúr, na hEalaíona, an Ghaeltacht, Spórt agus Meáin

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Aire Stáit, Jack Chambers, TD: Comhchoiste an Oireachtais ar Thurasóireacht, Cultúr, na hEalaíona, an Ghaeltacht, Spórt agus Meáin

Cuir i gcomparáid leis an óráid mar a tugadh í

Go raibh míle maith agat a Chathaoirligh. Táim an-sásta a bheith anseo inniu chun ár mbeartas in aghaidh Chovid a roinnt libh. Labhróidh mé faoi chúrsaí spóirt, an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.

Tionchar na Paindéime

Mar atá léirithe ag mo chomhghleacaí an tAire Martin cheana féin, tá tionchar ollmhór agus thar a bheith suntasach ag paindéim COVID-19 agus ag na bearta sláinte poiblí atá ag dul leis an bpaindéim ar chúrsaí Spóirt in Éirinn. Ag leibhéal 5, tá stop, i ndáiríre, curtha le gach gníomhaíocht spóirt, seachas ag leibhéil an scothspóirt agus an spóirt ghairmiúil chomh maith le traenáil ar scála beag do leanaí in aois scoile. Tá tionchar dá réir ar theacht isteach ár gcomhlachtaí náisiúnta rialachais spóirt, ar chúrsaí fostaíochta sna hionaid aclaíochta tráchtála agus in earnáil na fóillíochta, agus, níos tábhachtaí fós, ar fholláine daoine aonair agus foirne ar fud na tíre.

Mar aon le pobail ar fud na tíre, tá ár bpobail Ghaeilge fós ag streachailt le tionchar na paindéime. Cuirfidh an Breatimeacht, in éineacht le tionchar eacnamaíochta na paindéime, tuilleadh brú ar fhiontair Ghaeltachta a mbeidh ár dtacaíocht leanúnach ag teastáil uathu sna seachtainí agus míonna amach romhainn. Leanann oifigigh ó mo Roinnse ag obair go dlúth le hÚdarás na Gaeltachta lena chinntiú go gcuirimid bearta cuí i bhfeidhm in am chun geilleagair ár gceantar Gaeltachta a chosaint. Tá na pobail seo ag streachailt chomh maith mar go bhfuil cuairteoirí ríthábhachtacha turasóireachta agus oideachais caillte acu.

Bearta a tugadh isteach chun tionchar na paindéime a mhaolú

Níos túisce i mbliana, chuir mo Roinnse pacáiste tacaíochta ar fiú €4.7m é i bhfeidhm a bhí dírithe ar a chinntiú go ndéanfaí earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge a choinneáil. Ó bunaíodh an Rialtas seo, tá an tAire Martin agus mé féin ag obair gan staonadh lenár gcomhghleacaithe sa Rialtas chun an chuid is measa de thionchar COVID-19 a mhaolú.

Chuige sin, i mí Iúil seo caite, d'fhógraíomar €8m breise d'Údarás na Gaeltachta agus ba ionann a leithroinnt iomlán caipitil ansin agus beagnach €18 milliún. Tá an maoiniú breise sin ag tacú le réimse d'infheistíochtaí caipitiúla a fheabhsóidh le cumas an Údaráis tacú le fiontair áitiúla agus tá sin ag cruthú 40-50 post nua tógála ar fud na Gaeltachta faoi láthair. Meastar go dtacóidh an infheistíocht le 320 post nua níos fadtéarmaí a chruthú i gcliantchuideachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta.

Mar chuid dár dtacaíocht leanúnach don teanga, cuireadh maoiniú níos airde ar fáil don phróiseas pleanála teanga in 2020 agus i bPobal na Gaeltachta agus sa Chlár Tacaíochtaí Gaeltachta. Ina theannta sin, tá maoiniú breise €250,000 curtha ar fáil d'Ealaín na Gaeltachta chun líon suntasach sparánachtaí a chur ar fáil d'ealaíontóirí ata lonnaithe sa Ghaeltacht.

Tá sé i gceist agam an móiminteam sin a choinneáil in 2021 le soláthar an mhaoinithe bhreise shuntasaigh a cuireadh ar fáil faoi Bhuiséad 2021 don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. An chéad bhliain eile, cuirfear leithroinnt breis is €78m i ar fáil d'earnáil na Gaeltachta agus na Gaeilge - sin ardú €14.8m ar an gcéad leithroinnt a rinneadh in 2020. Áirítear ann €31.8m ar an iomlán lena chur ar chumas Údarás na Gaeltachta infheistíocht a dhéanamh i bpobail Ghaeltachta. Gheobhaidh an Foras Teanga a chéad ardú ar mhaoiniú clár den chéad uair ón mbliain 2016, chomh maith le leithroinnt bhreise €1.799m arna cur ar fáil don chomhoibriú Thuaidh Theas an bhliain seo chugainn. Ní mór dom a chur in iúl chomh maith, go bhfaighidh TG4 ardú €3.5 milliún, in éineacht leis an €78m a leithroinneadh faoi chláir Ghaeltachta agus Ghaeilge na Roinne, faoi chlár meán na Roinne ag tabhairt a leithroinnt don bhliain 2021 go dtí beagnach €41 milliún. Is léiriú é sin ar an méid ollmhór a chuireann TG4 le cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Maidir le cúrsaí teanga lasmuigh den Ghaeltacht, tá leithroinnt bhreise €1 mhilliún fógartha agam chun cur le scéimeanna Tacaíochta Teanga na Roinne, chomh maith le hinfheistíocht €2 mhilliún in infheistíocht chaipitil chun an Ghaeilge agus Ionaid Chultúir go náisiúnta a fhorbairt.

Bhíothas i mbun rannpháirtíocht mhór leis an earnáil spóirt le roinnt míonna anuas agus leag sin béim ar an tionchar ollmhór, dochrach atá ag COVID-19 ar gach leibhéal de thírdhreach spóirt na hÉireann. Tá Grúpa Monatóireachta Spóirt COVID-19, a bhfuil cathaoirleacht á dhéanamh air ag leibhéal Aireachta, d'fhonn dul i mbun rannpháirtíochta go díreach le comhlachtaí spóirt. Tá Sainghrúpa ar Fhilleadh chuig an Spórt, a bhfuil oifigeach ó mo Roinn féin ina chathaoirleach air, bunaithe freisin chun comhairle agus treoir a chur ar fáil do chomhlachtaí spóirt. Tá Spórt Éireann i mbun rannpháirtíocht dhíreach freisin le comhlachtaí spóirt ar bhonn leanúnach.

Bhí an-áthas orm féin agus ar an Aire Martin leithroinnt ar thacaíocht maoiniúcháin €85 milliún chun cuidiú le roinnt den tionchar atá ag COVID-19 ar chúrsaí spóirt in Éirinn i mbliana a mhaolú a fhógairt Dé Luain seo caite. Tabharfaidh an maoiniú breise seo arna eisíoc ag Spórt Éireann aghaidh ar an mbaol atá ann do Chomhlachtaí Náisiúnta Spóirt agus a líonraí cumainn, agus cuirfidh sin ar chumas eagraíochtaí spóirt caillteanais a tabhaíodh le linn na paindéime a chúiteamh. Rachaidh an infheistíocht seo chomh fada le gach leibhéal in earnáil an spóirt agus bainfidh Comhlachtaí Náisiúnta Rialachais, Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt agus na mílte cumann ag an mbunleibhéal ar fud na hÉireann tairbhe aisti. Áirítear sa phacáiste maoiniúcháin:

• Tacaíocht breis is €30 milliún do chluichí Gaelacha, lena n-áirítear leithroinnt speisialta €15 milliún do Chraobhchomórtais 2020;

• €18 milliún chun tacú leis an IRFU agus le cumainn rugbaí ar fud na tíre;

• €13 milliún chun tacú leis an FAI agus le cumainn sacair go náisiúnta;

• Tacaíocht deontais beagnach €15 milliún do Chomhlachtaí Náisiúnta eile Rialachais spóirt agus dá gcumainn chomhcheangailte;

• Maoiniú breise os cionn €2.4 milliún do na Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt agus páirtithe leasmhara eile chun tacú le tionscadail nuálacha d'fhonn muid a choinneáil ag imeacht san am deacair seo, agus do scéimeanna áitiúla deontas beag.

Tuigeann an Rialtas go bhfuil na bearta reatha sláinte poiblí dúshlánach, ach táim ag súil áfach, go gcuideoidh eisíoc na gcistí seo, a bhfuiltear ar tí iad a dhéanamh, leis na comhlachtaí agus cumainn spóirt pleanáil do bhliain níos fearr a dhéanamh don bhliain seo chugainn.

Faoi bhuiséad 2021, táimid ag cur €36 mhilliún breise ar fáil do Spórt Éireann sa bhreis ar an leithroinnt a faighte ar dtús acu don bhliain 2020, agus tabharfaidh sin a leithroinnt sa bhliain 2021 go dtí beagnach €105 milliún. Tá ardú €2 mhilliún i maoiniú Cuntas Díomhaoin don leithroinnt Spóirt aontaithe againn chomh maith, tabharfaidh sin go dtí €10 milliún é, agus is gearr go mbeidh tús á chur le babhta nua den Chlár Caipitil Spóirt, agus cuirfidh sin deiseanna tábhachtacha ar fáil do chumainn ar fud na tíre chun a gcuid áiseanna a fheabhsú.

Bhí ríthábhachtacht, agus beidh ríthábhachtacht, leis na tacaíochtaí uilíocha ioncaim PUP agus an scéim fóirdheontais pá, chomh maith leis an Scéim Tacaíochta nua Srianta COVID i ndáil le tacú le gach earnáil lena n-áirítear Spórt agus an Ghaeltacht le linn na géarchéime seo.

Tosaíochtaí Straitéiseacha agus muid ag ullmhú do Théarnamh

Mar a dúirt mo chomhghleacaí, an tAire Martin, in éineacht le bheith ag déileáil leis an ngéarchéim reatha seo, ní mór dúinn féachaint chun cinn chomh maith ar théarnamh ar fud ár gcuid earnálacha. Maidir liom féin, táim tugtha d'úsáid a bhaint as an am seo sa Rialtas chun cur i bhfeidhm foriomlán Straitéis 20 Bliain na Gaeilge a bhrú chun cinn trí na gníomhartha atá sa Phlean Gníomh cúig bliana don teanga.

Ó thaobh an dlí de, déanfar Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a chur ar aghaidh chuig Tithe an Oireachtais chun tuilleadh feabhais a chur ar úsáid na teanga laistigh dár nEarnáil Phoiblí.

Cuirim fáilte arís roimh thús a bheith curtha arís leis an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas, agus táim ag súil le bheith ag obair le mo chomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann agus leis an gComhlacht Teanga sna blianta amach romhainn d'fhonn a gcláir oibre a chur ar fáil. Áiríodh i mBuiséad 2021 gealltanais do mhaoiniú níos airde do thionscnaimh Thuaidh Theas, lena n-áirítear gealltanais a rinne an Rialtas faoin gcomhaontú "Ré Nua, Cur Chuige Nua".

Maidir le Spórt, is é an tosaíocht láithreach atá againn ná tacú le heagraíochtaí spóirt agus lúthchleasaithe filleadh ar an traenáil agus ar an iomaíocht. Sa mheántéarma áfach, beidh muid ag obair thar a bheith cruógach le páirtithe leasmhara ar fud na hearnála chun bealaí a oibriú amach lenár sprioc 60% den daonra a bheith ag glacadh páirt i spóirt faoin mbliain 2027 a bhaint amach. Táimid tugtha chomh maith do Straitéis Ardfheidhmíochta a fhorbairt a thacóidh le háit na hÉireann agus a fheabhsóidh é go hidirnáisiúnta. Tríú sraith dár gcuid oibre don todhchaí is ea feabhas a chur ar acmhainneacht rialachais na hearnála i gcomhar leis na Comhlachtaí Náisiúnta Rialachais agus páirtithe leasmhara eile. Leanfaimid chomh maith d'fheabhas a chur ar na saoráidí atá ar fáil do gach duine atá ag iarraidh a bheith páirteach sa spórt trí bhabhtaí nua den Chlár Caipitil Spóirt a chur ar fáil agus trí thionscadail faoin gCiste Bonneagair Spóirt ar Scála Mór a bhrú chun cinn.

Go raibh míle maith agaibh as bhur n-am agus bhur n-aird, tá mé sásta aon cheisteanna atá agaibh a fhreagairt anois.

Go raibh maith agaibh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat