Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019

Cur i gcomparáid leis an óráid mar a tugadh

A Chathaoirligh agus a Theachtaí,

Is cúis áthais dom tús a chur leis an bplé ag Céim an Choiste agus díospóireacht a oscailt ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 anseo inniu. Cuirim fáilte ó chroí roimh an díospóireacht agus roimh bhur moltaí maidir leis an mBille.

Cé gur fáiltíodh roimh an Bhille nuair a foilsíodh é, bhí roinnt mhaith ag maíomh gur theastaigh Bille níos láidre, an Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge ina measc.

Bhí sé seo aitheanta ag an Rialtas agus ghealladh sa Chlár Rialtais go dtabharfaí Bille níos láidre chun cinn. Tá tacaíocht an Rialtais faighte agam féin agus ag an Aire Martin roinnt leasuithe a mholadh chuige sin agus ba mhaith liom iad sin a chur i bhur láthair inniu.

Ba é an cáineadh is mó a déanadh ar an mBille mar a bhí, ná go raibh easpa spriocdhátaí luaite le cuid de na beartais. Tá iarracht déanta dul i ngleic leis sin anois agus na leasuithe seo á moladh:

  • an Coiste Comhairleach reachtúil um Sheirbhísí le bunú tráth nach ndéanaí ná sé mhí tar éis an Bhille a bheith achtaithe
  • an Plean Náisiúnta ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú le bheith ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Aire tráth nach ndéanaí ná dhá bhliain tar éis a bhunaithe
  • 20% d’earcaigh nua do chomhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge tráth nach ndéanaí ná 2030

Chomh maith leis seo, teastaíonn ón Rialtas cumhacht bhreise a thabhairt don Choimisinéir Teanga chun faireachán a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúil agus tráchtaireachtaí a sholáthar ina leith. Faoi láthair, tá an chumhacht seo ag an gCoimisinéir maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla amháin, cé go bhfuil sé in ann imscrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh achtacháin eile nuair a fhaigheann sé gearán ón bpobal. Is dul chun cinn a bheadh anseo agus chuideodh sé go mór le Comhlachtaí Poiblí a gcuid dualgais ó thaobh na teanga de a chomhlíonadh.

Agus muid i lár paindéime COVID-19, tá cleachtadh ag fórmhór againn bheith ag cian-oibriú ón mbaile agus ag baint leasa as aipeanna éagsúla le haghaidh cruinnithe. Tá teicneolaíocht againn sa lá atá inniu ann nach raibh ar fáil sa bhliain 2003 nuair a tugadh isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus d’fhéadfadh comhlachtaí phoiblí roinnt seirbhísí a chur ar fáil go fíorúil nó ar líne dá bharr. Taispeánann COVID-19 linn go bhfuil comhlachtaí poiblí in ann roinnt seirbhísí a chur ar fáil ar bhealach difriúil, agus na hathruithe chuige sin a dhéanamh go sciobtha. Feiceann muid anseo inniu go bhfuil muid féin ag baint úsáid as an teicneolaíocht chun an cruinniú seo a chur ar bun. Creidim go láidir go mbeidh na comhlachtaí poiblí in ann glacadh leis na dualgais breise a bhaineann leis an mBille seo agus iad a chur i bhfeidhm ar bhonn éifeachtach.

Rinneadh an-obair ar an mBille seo agus ar na leasuithe faoinár mbráid inniu – cinn an Rialtais agus cinn an fhreasúra araon. Fuair mo Roinn ionchur ó réimse leathan de gheallsealbhóirí agus táim cinnte go ndearna Teachtaí an fhreasúra an rud céanna. Aithním an obair agus an taighde atá déanta ag Teachtaí chun a gcuid leasaithe a thabhairt chun cinn. Léiríonn sé seo go bhfuil spéis ar leith acu san ábhar. Tar éis dom grinnstaidéar a dhéanamh orthu uilig, beidh mé sásta breathnú níos géire ar roinnt acu féachaint an mbeidh muid in ann foclaíocht a aontú sa chaoi is go mbeifear in ann iad a thabhairt ar ais le bheith faofa ag Céim na Tuarascála.

Aontóidh sibh liom nuair a deirim go bhfuil achtú an Bhille seo rí-thábhachtach don Ghaeilge, mar cuideoidh sé leis na hiarrachtaí atá ar bun ag an Stáit agus ag an bpobal an Ghaeilge a láidriú agus a neartú don chéad glúin eile. Má chuirtear i bhfeidhm i gceart é, táim muiníneach go mbeidh seirbhísí Gaeilge d’ard-chaighdeáin ar fáil do phobal na Gaeilge. Ní tharlóidh sé seo thar oíche, dár ndóigh, ach cuireann an Bille seo bunsraith reachtúil faoi struchtúir nua sa Státchóras le dul i ngleic leis na laigí atá ann faoi láthair. Mar shampla:

  • don chéad uair riamh, beidh mo Roinn fhéin - an Roinn a bhfuil forbairt na Gaeilge ag gcroí-lár a cuid feidhmíochtaí – i lár an aonaigh mar a bhaineann sé le hearcaíocht don tseirbhís phoiblí
  • táim ag caint, dár ndóigh, faoin gCoiste Náisiúnta reachtúil a bheidh le bunú nuair a achtófar an reachtaíocht seo
  • táim ag caint chomh maith faoin bPlean Náisiúnta a bheidh le foilsiú agus le cur i bhfeidhm ag an gCoiste Náisiúnta, rud a thabharfaidh leibhéil trédhearcachta nach raibh ann riamh do na hiarrachtaí a bheidh ar bun cur leis an líon daoine le Gaeilge sa seirbhís phoiblí
  • táim ag caint faoin tuairisciú a bheidh le déanamh chuig an Rialtas agus chuig an Oireachtas maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta

Tagann an Bille seo sna sála ar chur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, píosa reachtaíochta a chuir bunsraith faoin bpróiseas pleanála teanga sna Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge. Tá an próiseas sin faoi bhláth anois agus cuirfidh achtú an Bhille atá faoin ár mbráid píosa eile de bhunsraith na pleanála teanga in áit – an chuid sin a bhaineann le seirbhísí phoiblí d’ardchaighdeán i nGaeilge a chur ar fáil do na pobail sin. Is le dóchas atáim ag caint libh inniu mar sílim go bhfuilimid ag cur na struchtúir cuí, struchtúir láidir teanga, in áit le dul i ngleic leis na deacrachtaí atá againn agus go bhfeicfimid feabhas ag teacht ar chúrsaí thar thréimhse ama, dá bharr. Sílim gurb é seo an bealach stuama le tabhairt faoi. Níl aon réiteach sciobtha ann, i mo thuairim, agus sílim go bhfuil dul amú ar aon duine a deir go bhfuil a leithéid ann.

Gabhaim buíochas libh féin as ucht an obair atá déanta agaibh agus na leasuithe atá molta agaibh féin. Tá mé ag súil leis an bplé, agus súil agam go mbeidh muid ar fad in ann tacú le Bille láidir a chur chun cinn agus a achtú chomh luath in Éirinn agus is féidir.

Go raibh maith agaibh.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat