Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, Ráiteas Clabhsúir Phríomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers

Cuir i gcomparáid leis an óráid mar a tugadh í

Bá mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach Seanadóir a labhair le linn na díospóireachta ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 sa Teach seo.

Is mian liom an deis a thapú buíochas speisialta a chur in iúl don Seanadóir Seán Kyne, iar-Aire Stáit don Ghaeltacht, a d’fhoilsigh an Bille seo dhá bhliain ó shin. Tá a fhios agam gur chuir an Seanadóir Kyne go leor oibre isteach sa Bhille seo agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair sin. Sular dréachtaíodh an Bille seo, cuireadh tréimhse chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara éagsúla. Leagadh na Ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus foilsíodh tuarascáil an Chomhchoiste ag eascairt as an bpróiseas sin roimh shamhradh dhá mhíle agus a hocht déag (2018). Ba mhór an chabhair í tuarascáil an Chomhchoiste d’oifigigh mo Roinne agus an Bille Teanga á dhréachtú acu agus gabhaim buíochas leis an gComhchoiste as ionchur luachmhar sa phróiseas. I mí na Nollag dhá mhíle agus a naoi déag (2019) foilsíodh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019. Bhí tús curtha leis an Dara Céim ag an am sin, agus thug an Seanadóir Kyne léargas cuimsitheach ar an mBille do na Tithe ag an tráth sin.

Rinneadh an-obair ar an mBille seo atá faoin ár mbráid inniu agus ar na leasuithe a rinne mé chun é a neartú. Gheall mé go dtabharfaí an Bille is láidre chun cinn agus tá mé sásta go bhfuil an gealltanas sin comhlíonta agam anois. Bhí oifigigh mo Roinne an-choinsiasach ina leith agus bhí tréimhse chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara agus ionchur faighte acu ó réimse leathan geallsealbhóirí – an Coimisinéir Teanga san áireamh. Táim muiníneach go n-aontóidh sibh liom nuair a deirim go bhfuil an toradh seo ríthábhachtach do thodhchaí na Gaeilge agus go gcabhróidh an Bille seo leis an nGaeilge a láidriú agus a neartú sa Stáchóras ionas go mbeidh seirbhísí Gaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Is lá suntasach é seo ach níl ann ach tús na hoibre. Caithfimid tosú le gníomh ceart agus forálacha an Bhille a chomhlíonadh. Ní mór dúinn an Bille a faomhadh go críochnaitheach sa Dáil roimh dó bheith bheith sínithe ag an Uachtarán ach beidh oibleagáidí orainn go léir maidir lena fhorfheidhme. Tá muid ag tosú ó áit mhaith mar gur oibríomar i gcomhar lena chéile ar an mBille seo le cúpla bliain anuas. In éineacht le hAcht na Gaeltachta 2012 agus an próiseas pleanála teanga a eascraíonn as, leagann an Bille seo bunsraith síos dúinn, mar Stát, chun fíorcheannaireacht a léiriú i dtaobh an teanga a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. Gabhaim buíochas le m’oifigigh sa Roinn as an tsárobair a rinne siad ar an mBille. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach chomh maith as ucht a chomhoibriú ar an ábhar tábhachtach seo.

Go raibh maith agaibh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat