Catherine Martin TD An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán: Comhchoiste an Oireachtais ar Thurasóireacht, Cultúr, na hEalaíona, an Ghaeltacht, Spórt agus Meáin

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Catherine Martin TD An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán: Comhchoiste an Oireachtais ar Thurasóireacht, Cultúr, na hEalaíona, an Ghaeltacht, Spórt agus Meáin

Cuir i gcomparáid leis an óráid mar a tugadh í

Go raibh míle maith agaibh as cuireadh a thabhairt dom a bheith anseo inniu. Táim thar a bheith sásta a bheith anseo libh chun labhairt faoi thosaíochtaí straitéiseacha na Roinne chomh maith le freagra na Roinne maidir leis an bpaindéim COVID-19. Tá sé i gceist agam inniu labhairt leis an gCoiste faoi nithe a bhaineann le Turasóireacht, Cultúr, na hEalaíona agus na Meáin agus labhróidh mo chomhghleacaí, an tAire Stáit Jack Chambers, faoi na nithe a bhaineann le Spórt agus leis an nGaeltacht.

Tá na hearnálacha faoi choimirce mo Roinne ar chuid de na hearnálacha is mó a bhfuil tionchar ag an bpaindéim dhomhanda agus ag na bearta sláinte poiblí lena mbaineann orthu. Faraor, agus gan deireadh leis an bpaindéim fós, is cosúil nach mbeidh deireadh ach an oiread leis na tionchair shuntasacha agus dhiúltacha dá barr. Mar sin, táim sásta go bhfuil an deis seo agam labhairt leis an gCoiste maidir leis na dúshláin thábhachtacha atá roimh earnálacha na Roinne, chomh maith leis an deis tús a chur le plé faoi thosaíochtaí straitéiseacha na Roinne agus muid ag tabhairt aghaidh ar an méid atá romhainn agus ar théarnamh na tíre.

Is dlúthchuid dár sochaí agus dár ndaonlathas iad an turasóireacht, an cultúr, na h-ealaíona, ár dteanga, spórt, agus na meáin agus tacaíonn siad le réimse leathan gníomhaíochtaí eacnamaíochta chomh maith le folláine fhisiciúil, intinne agus shochaíoch a neartú. Tá daoine ag teacht le chéile ag croílár fheidhmiú earnálacha na Roinne, bíodh sin chun sult a bhaint as imeacht chultúir, chun breathnú ar chluiche nó chun sult a bhaint as béile nó as oíche amuigh. Léargas orainn féin mar náisiún iad na punanna Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le chéile agus mar a chuirimid muid féin in iúl. Tá ár gcroíthuairimí agus ár gcroíluachanna á gceistiú againn mar gheall ar ghéarchéim COVID-19 agus dá bharr sin cuireadh iallach orainn fíormhachnamh a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann leis na hearnálacha seo dár náisiún. Nílimid ábalta a theacht le chéile ag imeachtaí cultúir, spóirt ná sóisialta níos mó, níl an oiread céanna daoine ón Eoraip, ó na Stáit Aontaithe agus níos faide ó bhaile ag cuartaíocht sa tír i láthair na huaire, agus tá foinsí nuachta d'ardchaighdeán agus feasacha maith le ábhar a bhfuilimid in ann a thrust ag teastáil anois níos mó ná mar a bhí riamh. Táimid ag díriú ar ár n-iarracht i gcomhar ar mhaithe leis na daoine is leochailí i sochaí na hÉireann a chosaint, ar mhaithe le seirbhísí sláinte agus cúram shóisialta a choinneáil i mbun feidhme agus ar mhaithe le nach mbeifear ag cur isteach a thuilleadh ar chúram leanaí agus ar oideachas. Tugann sé seo ar fad léargas orainn mar dhaoine - sochaí a thugann aire do na daoine is leochailí - agus níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh air sin go brách. Bhí na hearnálacha a bhfuil freagracht orm féin agus ar an Aire Chambers ina leith siar go mór leis mar gheall air sin.

Tionchar na Paindéime

Ba mhaith liom nóiméad a ghlacadh chun cur síos a dhéanamh ar na tionchair seo:

• Tá an tóin tite as turasóireacht idirnáisiúnta, titim a mheasann an OECD a bheidh ag 80%. Tá turasóireacht ó thar sáile imithe i léig ar fad ó mhí Mhárta seo caite.

• De bharr an tionchar a bhí ag na bearta scartha sóisialta agus na srianta a bhí ar dhaoine cruinniú le chéile ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint, lag sin na hearnálacha turasóireachta agus fáilteachais baile chomh maith. Measann Fáilte Ireland gur ionann na gnóthaí turasóireachta nár oscail arís ó bhí an chéad dianghlasáil ann in 2020 agus tuairim is 40%.

• Bhí ionaid chultúir agus imeachtaí cultúir ar na chéad nithe a dúnadh agus muid ag tabhairt aghaidh ar an bpaindéim agus níl aon dabht faoi ach gurb iad a bheidh ar na nithe déanacha a osclófar arís. Leanfar den tionchar tubaisteach dá bharr seo ar dheiseanna taibhléirithe, taispeántais, féilte agus ceolchoirmeacha. Cuireann sin isteach ar na deiseanna atá againn tairbhe a bhaint as an gcultúr agus as taibhléiriúcháin agus cuirfidh sé isteach chomh maith ar fhostaíocht agus ar bhearta eacnamaíochta san earnáil.

• Ní ar ealaíontóirí amháin atá tionchar ag an bpaindéim san earnáil ealaíon. Tá tionchar freisin aici ar chriúnna agus raon leathan daoine a theastaíonn chun taibhithe beo a chur ar siúl in ionaid agus ag féilte.

• Tá tionchar mar sin ag an bpaindéim freisin ar spórt, atá lárnach i saol go leor daoine in Éirinn. Tá tionchar mór ginearálta ag na srianta ar lucht féachana agus an teorainn atá ar ghníomhaíochtaí ar an teacht isteach. Cuireadh stop chomh maith le gníomhaíochtaí na hearnála spóirt tráchtála agus fóillíochta agus muid ag Leibhéal 5 i bPlean an Rialtais maidir le Maireachtáil le COVID-19.

• Tá gnóthaí agus pobail ar fud na Gaeltachta atá ag fulaingt de bharr go bhfuil laghdú tagtha ar ghníomhaíochtaí eacnamaíochta, ar thurasóireacht agus ar chuairteoirí oideachais mar gheall ar Covid-19 agus anuas air sin tá an éifeacht a bhaineann leis an mBreatimeacht anois ag cur isteach ar go leor acu chomh maith. Tuigim go rímhaith an baol breise a bheidh i gceist leis seo don teanga mar go bhféadfadh sé go mbeadh ar níos mó cainteoirí dúchais a gceantar Gaeltachta dúchais a fhágáil.

• Tá buille mór faighte ag earnáil na Meán ó thaobh teacht isteach ó fhógraíocht go háirithe, agus is earnáil í a bhfuil ról ríthábhachtach glactha aici i dtaobh tacú le teachtaireachtaí faoin fhreagra maidir le COVID-19 agus na teachtaireachtaí sin a scaipeadh. Go tráthúil is anois, thar am ar bith eile, a dteastaíonn foinsí nuachta, a bhfuil lánmhuinín againn astu, uainn.

Bearta a tugadh isteach chun tionchar na paindéime a mhaolú

Táim ag obair le cúpla mí anuas le mo chomhghleacaithe sa Rialtas chun a chinntiú go bhfuilimid ag tabhairt aghaidh ar an ngéarchéim inár n-earnálacha ceann ar aghaidh; go bhfuil teacht aniar á chothú, á chosaint agus á fheabhsú againn nuair is féidir.

Ar fud an Rialtais, leanaimid de bheith ag déanamh infheistíocht mhór chun ioncaim a chosaint tríd an PUP, i slite beatha a chosaint tríd an EWSS agus, mar a rinneadh le gairid sa bhuiséad, gnóthaí a chosaint leis an Scéim Tacaíochta i leith Srianta COVID (CRSS). I bhfianaise an tionchar as compás atá ag an bpaindéim ar ár n-earnálacha leanann na tacaíochtaí do chách seo de bheith ina ghné ríthábhachtach dár bhfreagra. Is ríthábhachtach atá na ciorruithe CBL, an síneadh trádstórála cánach-fiacha agus na rátaí á maitheamh chun cuidiú le gnóthaí ar fud ár n-earnálacha a chothú.

Ó tharla chomh ríthábhachtach agus atá sé go n-éistfimis, mar lucht déanta beart, go cúramach le healaíontóirí, oibrithe cultúir, gnóthaí turasóireachta, comhlachtaí spóirt, na meáin agus pobail Ghaeltachta na tíre agus lena gcuid taithí sin, is gné fhíorthábhachtach dár bhfreagra maidir leis an bpaindéim go bhfuilimid i mbun rannpháirtíochta lenár bpáirtithe leasmhara earnála. Bunaíodh tascfhórsaí comhdhéanta de shaineolaithe earnála chun ár bhfreagraí a dhíriú agus muid a chur ar an mbóthar i dtreo téarnaimh ar mhaithe leis na hEarnálacha Turasóireachta agus Ealaíon agus Cultúir.

Bunaithe ar na rannpháirtíochtaí sin tá réimse beart atá sonrach don earnáil tugtha isteach agam. Ní féidir cur síos mion a dhéanamh orthu ar fad sa ráiteas tosaigh seo, ach, ba mhaith liom áfach an deis seo a thapú chun béim a leagan ar roinnt de na bearta tacaíochta fíorshuntasacha.

Tá an maoiniú a leithdháiltear ar an gComhairle Ealaíon méadaithe €25 milliún ar an gcéad leithroinnt a rinneadh in 2020 agus tá soláthar maoiniúcháin iomlán €130 milliún leithdháilte ar an gComhairle faoi bhuiséad 2021. Cuirfidh an infheistíocht bhreise seo ar chumas na Comhairle Ealaíon cuidiú le healaíontóirí, le daoine atá ag obair sna healaíona agus le heagraíochtaí ealaíne chun an ghéarchéim seo a sheasamh agus cinnteoidh sí go mbeidh siad ann chun a gcuid a dhéanamh sa téarnamh náisiúnta." Cuideoidh an maoiniú seo le poist agus slite beatha a chosaint mar aon le tacaíocht a thabhairt do na mílte ealaíontóirí ar mhaithe le saothar nua a cruthú le linn agus i ndiaidh na paindéime. Beidh sé dírithe ar an teacht aniar atá sna hearnála a fheabhsú, fad agus atáthar ar teacht ar bhealaí nua chun nasc a dhéanamh le lucht spéise, duine ar dhuine agus ar líne.

Is suntasach an tionchar atá ag an bpaindéim ar shiamsaíocht bheo chomh maith, ó tharla teorainn mhór a bheith ar lucht freastail ag ceolchoirmeacha, féilte agus imeachtaí nó gan cead ar bith freastal níos mó faoi leibhéil a cúig. Chuige sin, tá €50 milliún i maoiniú á chur ar fáil agam chun tacú le siamsaíocht bheo in 2021, lena n-áirítear bearta tacaíochta suntasacha don earnáil siamsaíochta tráchtála. Príomhcholún sa phacáiste tacaíochta seo an síneadh a cuireadh leis an Scéim chun Tacú le Taibhithe Beo phíolótach ó Spreagadh mhí Iúil 2020 chun ionaid, léirithe agus tionscnóirí thaibhithe beo a spreagadh chun léiriúcháin nua a phleanáil agus chun oibrithe a fhostú in earnáil an chultúir agus in earnáil na cruthaitheachta. D'fhógair mé torthaí na scéime píolótaí níos túisce an tseachtain seo, a bhfuil mar aidhm léi suas le 58 taibhleiriú a chur ar stáitse sna míonna amach romhainn, ag tabhairt deis oibre atá ag teastáil go géar d'ealaíontóirí, lucht siamsaíochta agus do dhaoine atá ag obair san earnáil.

Táimid ag obair le hInstitiúidí Náisiúnta Cultúir na tíre agus spásanna cultúir ar fud na tíre chun a chinntiú go bhfuil siad ábalta feidhmiú go sábháilte faoi Phlean an Rialtais maidir le Maireachtáil le COVID-19. Is ríthábhachtach atá na spásanna seo agus na bailiúcháin atá iontu ar mhaithe le folláine daoine i bpobail na tíre agus tá an obair atá á déanamh ag coimeádaithe agus ag cleachtóirí cultúir chun iad a thabhairt chun fíre ar líne ar feadh na paindéime as cuimse amach is amach.

Maidir le turasóireacht, táim ag díriú ag an bpointe seo ar chúnamh a thabhairt don earnáil teacht as géarchéim COVID agus tá an Plean Téarnaimh a chuir Tascfhórsa Téarnaimh na Turasóireachta i dtoll a chéile luachmhar maidir le mo mheon féin sa chomhthéacs seo. Mar fhreagra ar na moltaí, bhí mé go mór i bhfabhar na tacaíochtaí breise mar chuid de Bhuiséad 2021 agus bhí mé sásta mo thacaíocht a thabhairt don chiste tacaíochta €55 milliún a d'fhógair an Rialtas ar mhaithe le gnóthaí turasóireachta straitéiseacha agus €5m ar mhaithe le tacaíocht oiliúna agus digitithe san earnáil. Cuirfidh na bearta seo leis na scéimeanna EWSS agus CRSS agus leis an scéim Atosaithe. Tá freagra tugtha ag an Rialtas ar an glao ón tionscal agus laghdaigh CBL go 9% don earnáil, neartóidh sé sin inmharthanacht agus iomaíochas. D'fhéadfadh sé go dtógfaidh sé píosa na tairbhí a bhainfidh leis an laghdú i CBL agus an creidmheas cánach “Fan agus Caith' a bhrath, is tacaíochtaí tábhachtacha a bheidh iontu nuair a osclóimid arís. Cuirfidh na bearta buiséid ar fad leis an deontas oiriúnaithe €26m a fógraíodh don earnáil turasóireachta agus an €10 milliún i dtacaíochtaí do thurasóireacht busanna idirnáisiúnta a fógraíodh i mí Iúil.

Bhí mo Roinnse ag obair le hÚdarás Craolacháin na hÉireann agus le páirtithe leasmhara meán ar feadh na géarchéime chun tionchar na géarchéime ar an earnáil a mheas. Chun cuid de na héifeachtaí is measa a mhaolú d'aontaigh an BAI tobhach craoltóireachta an BAI a mhaitheamh don chéad leath den bhliain don earnáil raidió neamhspleách agus tá maoiniú breise faighte agam chun seo a chúiteamh. Níos suntasaí fós, agus chun aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann leis na meáin phoiblí, tráchtála agus pobail i dtreo teachtaireachtaí sláinte poiblí a scaipeadh, tá maoiniú breise curtha ar fáil don Scéim Fís agus Fuaim, agus babhta breise ar fiú €2.5 milliún é fógartha ar mhaithe le raidió tráchtála, babhta ar fiú €750,000 é agus an babhta reatha €4.5m a scaipfear ar an earnáil closamhairc, a neartaíodh le €2 mhilliún breise i maoiniú Státchiste faoi Spreagadh mhí Iúil.

Tosaíochtaí Straitéiseacha agus muid ag ullmhú do Théarnamh

Is folláine an croíphrionsabal atá mar bhuntaca faoin bPlean Ag Maireachtáil le COVID-19, agus beidh sin ríthábhachtach i dtaobh muinín agus teacht aniar an phobail agus muid ag teacht as an ngéarchéim sa bhfadtéarma. Tá folláine i gcroílár Chlár an Rialtais chomh maith agus tá sí mar phríomhcholún i mbeartais mo Roinne, agus na healaíona agus an cultúr, spórt, Gaeilge, na meáin agus turasóireacht ar fad ag cur go mór le folláine na tíre agus le folláine daoine aonair. Maidir leis an tuiscint sin, táimse den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach go n-ardóimis ár gcinn agus an téarnamh a phleanáil go gníomhach; agus táim ag iarraidh go mbeidh na hearnálacha seo san áit is fearr is féidir leo a bheith nuair a thiocfaidh an téarnamh chun tús a chur lena ngníomhaíochtaí arís.

Maidir leis an turasóireacht, is é mo chuspóir foriomlán ná téarnamh agus forbairt amach anseo atá inbhuanaithe ó thaobh na timpeallachta, go sóisialta agus ó thaobh na heacnamaíochta a éascú. Beidh clár maireachtála, seasmhachta agus téarnaimh 3 bliana bunaithe ar mholtaí an Tascfhórsa Téarnaimh Turasóireachta ina ghné lárnach de seo. Chomh maith leis sin, tá sé beartaithe agam tús a chur le polasaí turasóireachta inbhuanaithe ó thaobh na timpeallachta, go sóisialta agus ó thaobh na heacnamaíochta a fhorbairt chun an tslí ina bhfuilimid ag dul sna blianta amach romhainn a neartú tuilleadh. Leanfaimid dár dtáirge turasóireachta náisiúnta a fhorbairt, lena n-áirítear trí infheistíochtaí straitéiseacha faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus turasóireacht bunaithe ar ghníomhaíochtaí a fhorbairt, agus muid aireach faoi na buntáistí eacnamaíochta cúnta a thagann ó infheistíochtaí mar sin do limistéir a bhíonn scoite amach go minic.

Tá treo maidir le téarnamh ar mhaithe leis an earnáil forleathan sin leagtha amach ag an Tascfhórsa um Théarnamh na nEalaíon agus an Chultúir chomh maith. Tá cur agus cúiteamh tugtha chun críche ag an Tascfhórsa agus tá sé i gceist agam a thuarascáil deiridh a chur faoi bhráid an Rialtais chomh luath agus is féidir sin a dhéanamh. Beidh mé ag obair go dlúth le páirtithe leasmhara earnála agus le comhghleacaithe ar fud an Rialtais ar mhaithe lena mholtaí a chur i bhfeidhm.

Tá naisc láidre idir an ghníomhaíocht cultúir tráchtála agus an ghníomhaíocht cultúir á fhaigheann tacaíocht ón stát agus ealaíontóirí agus oibrithe cultúir eile a bhíonn ag bogadh go minic idir an dá ghníomhaíocht sin ar feadh a ngairmeacha. Mar sin, cinnteofar go mbeidh earnáil bhríomhar tráchtála againn amach anseo trína chinntiú go leanfar de thacaíocht a thabhairt d'oibrithe cultúir na tíre. Tá maoiniú suntasach breise faighte ag an gComhairle Ealaíon, a luaigh mé roimhe seo, don bhliain 2021, agus glacfaidh an Chomhairle ról lárnach chun a chinntiú go dtiocfaidh ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon tríd an ngéarchéim, go mbeidh siad ábalta leanúint de bheith ag cruthú saothair agus de bheith in áit mhaith chun tabhairt faoi thaibhithe beo arís nuair a bheidh muid ábalta teacht le chéile arís.

Tá €8m leithdháilte ar an gCeoláras Náisiúnta don bhliain 2021 chun go mbeifear ábalta an Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta a aistriú ó RTÉ. Céim mór chun cinn a bheidh anseo i dtreo cuspóir a bhaint amach, is é sin go mbeifear ábalta an cheolfhoireann a bhunú mar cheolfhoireann de scoth an domhain, gur ceolfhoireann í, in éindí leis an NCH, a chuirfidh straitéis cláir atá cruthaitheach agus samhlaíoch ar fáil a chuirfidh go mór leis an méid a chuireann an eagraíocht i gcomhar faoi bhráid an phobail.

Tá obair na Roinne maidir le hearnáil na dtaibhithe beo ag díriú ar an todhchaí chomh maith agus tá sé i gceist agam tacú le treoir a fhorbairt d'ionaid maidir le filleadh ar thaibhithe beo a bhainistiú, chomh maithe le tacú le scéim maoiniúcháin shaincheaptha a fógraíodh i mbuiséad 2020. Cuirfidh obair an Tascfhórsa Geilleagair Oíche fís athnuaite i dtoll a chéile ar mhaithe leis an gcultúr oíche, bainfear leas as taithí na géarchéime chun seo a dhéanamh chomh maith le dearcadh fadtéarmach a chur ar fáil ar mar a cheart a bheith ar fáil i gcathracha agus i mbailte na tíre do shaoránaigh agus do chuairteoirí ó thaobh roghanna cultúir agus siamsaíochta. Tá an Tacsfórsa in ainm is tuairisc a thabhairt ag deireadh na bliana.

Is minic a théann an chruthaitheacht agus an teacht aniar le chéile agus tá €3.9 milliún i maoiniú suntasach breise infheistithe ag mo Roinnse faoi Chlár Éire Ildánach chun tacú le daoine a bhíonn ag obair leis na healaíona agus leis an gcruthaitheacht ábhar cruthaitheach a chruthú agus tionscnaimh chruthaitheacha a sholáthar. Níos forleithne, tá maoiniú nua dírithe ar an earnáil chruthaitheach chun tacú le tionscnaimh ar mhaithe leis an teacht aniar agus le folláine. Mar shampla, mar gur leathadh amach an Scéim um Chruthaíocht do Dhaoine Níos Sine go gasta chuir eagraíochtaí náisiúnta, údaráis áitiúla agus cleachtóirí cruthaitheacha sraith tionscadal i bhfeidhm arbh fhiú breis is €500,000 iad chun tacaíocht a thabhairt do na daoine is sine sa phobal agus do na suíomhanna cúraim sláinte ar fud na tíre.

Chomh maith leis sin tá Clár Éire Ildánach ag obair go dlúth ar fheachtas Teacht Aniar Pobail an Rialtais, a seoladh le déanaí, Bail agus Beatha chun tacú le hÉire Shláintiúil. Trí seo, cuirfidh an Rialtas maoiniú suntasach breise ar fáil d'údaráis áitiúla chun tacú le daoine a bhíonn ag obair leis an gcruthaitheacht réimse tionscnaimh a sholáthar chun tacú le cruthaitheacht daoine aonair agus pobail sna healaíona, sa chultúr agus san oidhreacht.

Tá mo Roinnse ag obair freisin chun teacht aniar a neartú agus chun tacaíocht a thabhairt do na tionscail chruthaitheacha, lena n-áirítear an earnáil closamhairc. Leanfaimid den Phlean Gníomhaíochta Closamhairc a chur i bhfeidhm sna blianta amach romhainn, chomh maith le tacaíocht a thabhairt d'Fhís Éireann agus dá fochuideachta Screen Skills Ireland chun tionscal de scoth an domhain a fhorbairt agus chun tacú leis.

Maidir leis na meáin, bhí mé sásta maoiniú breise a chur ar fáil do TG4 in 2020 agus in 2021, chomh maith le €2m i maoiniú breise don Scéim Fuaim agus Fís don bhliain 2020. Táthar ag cuidiú leis na tionscnaimh seo ábhar d'ardchaighdeán a chruthú do lucht féachana teilifíse in Éirinn agus níos faide i gcéin, chomh maith le tacaíocht ríthábhachtach a thabhairt don earnáil neamhspleách léiriúcháin. Mar atá luaite agam cheana, bhíomar in áit mhaith chun tacaíocht a thabhairt d'earnáil na meán níos forleithne trí bhearta éagsúla BAI lena n-áirítear an chéad tobhach craoltóireachta a mhaitheamh don earnáil raidió neamhspleách. Cé go bhfuil sé tábhachtach aghaidh a thabhairt ar na riachtanais atá de dhíth láithreach ón earnáil, tá obair thábhachtach le déanamh chomh maith ar thodhchaí na meán sa tír seo. Tá an Coimisiún um Thodhchaí na Meán bunaithe agus reáchtáil sé a chéad chruinniú an tseachtain seo caite. Cuideoidh an Coimisiún le bonn eolais a chur faoi fhorbairt beartais meán trí rannpháirtíocht le príomhpháirtithe leasmhara. Beidh mé rannpháirteach go gníomhach chomh maith chun a chinntiú go rachaidh an Bille maidir le Sábháilteacht ar Líne agus na Meáin trí Thithe an Oireachtas go slán sna míonna amach romhainn.

I m'Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán dom táim tiomanta do mo thacaíocht a thabhairt do na hearnálacha seo agus iad ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin ar leith agus dheacra atá rompu de bharr ghéarchéim COVID-19. Leanfaidh mé de gach rud is féidir liom a dhéanamh a dhéanamh chun a chinntiú go bhfanfaidh na hearnálacha seo de bheith inmharthana le linn na géarchéime agus go mbeidh teacht aniar iontu le linn an téarnaimh agus deiseanna nua agus fís níos fadtéarmaí a lorg chun go mbeidh siad in ann a bheith faoi bhláth nuair a bheidh deireadh leis an bpaindéim seo.

Iarraim anois ar an Aire Chambers labhairt faoi chúrsaí Gaeilge agus Spóirt. .

Go raibh maith agaibh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat