Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist pholasaí

Sábháilteacht ar Líne


Plean Gníomhaíochta um Shábháilteacht Ar Líne agus an Chomhairle Chomhairleach Náisiúnta um Shábháilteacht ar Líne

Chun dul i ngleic le hábhar díobhálach ar líne ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, chuir an Rialtas cur chuige comhordaithe i bhfeidhm, a raibh raon páirtithe leasmhara páirteach ann lena n-áirítear an tionscal, múinteoirí, tuismitheoirí, leanaí agus daoine óga. Mar thoradh air sin forbraíodh an Plean Gníomhaíochta um Shábháilteacht ar Líne 2018 - 2019.

Ba é an cuspóir gníomhartha a leagan amach agus a chur i bhfeidhm gur féidir a bhaint amach agus a mbeadh an tionchar ba mhó acu ar shábháilteacht ar líne do gach duine in Éirinn. Foilsíodh roinnt tuarascálacha ar dhul chun cinn.

Chun an Plean Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm, d’fhorbair agus d’achtaigh an Rialtas an tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne agus bhunaigh sé an Chomhairle Chomhairleach Náisiúnta um Shábháilteacht ar Líne.

D’fheidhmigh an Chomhairle ó mhí Dheireadh Fómhair 2018 go dtí mí na Samhna 2023 mar fhóram do gheallsealbhóirí neamhrialtasacha, tionscail agus acadúla chun fadhbanna sábháilteachta ar líne a phlé. Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an gComhairle ar fáil anseo.

An tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne

Cheadaigh an Rialtas foilsiú an Bhille um Rialáil Sábhailteachta agus Meán ar Líne ar an 12 Eanáir 2022. Tionscnaíodh an Bille ansin i Seanad Éireann ar an 25 Eanáir 2022 agus i nDáil Éireann ar an 11 Iúil 2022 lena bhreithniú maidir le hachtú. Síníodh sa dlí é ar an 10 Nollaig 2022 agus tosaíodh é ar an 15 Márta 2023.

Soláthraíodh san Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne, i measc eile:

  • bunú choimisiún meán ildhuine (ar a dtugtar Coimisiún na Meán
  • díscaoileadh Údarás Craolacháin na hÉireann
  • creat rialála nua do shábháilteacht ar líne
  • nuashonruithe ar rialáil sheirbhísí craolacháin teilifíse agus seirbhísí físe ar éileamh.

Leis an Acht tugadh de chumhacht don Choimisiún fónamh mar an t-údarás rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir um Sheirbhísí Meán Closamhairc, seirbhísí ar líne a ainmniú le haghaidh rialáil ó chomhthiomsú seirbhísí ábhartha ar líne, agus chun cóid cheangailteacha sábháilteachta ar líne a bhaineann leis na seirbhísí sin a fhorbairt, a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú.

Féachfaidh na cóid sábháilteachta ar líne sin, i measc nithe eile, le hinfhaighteacht catagóirí sainithe d’ábhar díobhálach ar líne a íoslaghdú agus déanfar foráil do chaighdeáin maidir leis na próisis láimhseála gearán arna n-oibriú ag na seirbhísí sin.

Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne ar fáil anseo.

Coimisiún na Meán

Nuair a cuireadh tús leis an Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne ar an 15 Márta 2023, bunaíodh Coimisiún na Meán. Tá cúigear Coimisinéirí sa Choimisiún:

  • Jeremy Godfrey, Cathaoirleach Feidhmiúcháin;
  • Niamh Hodnett, Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne;
  • Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán;
  • John Evans, Coimisinéir um Sheirbhísí Digiteacha;
  • Aoife MacEvilly, Coimisinéir Craolacháin agus Físe ar Éilieamh.

Tá tuilleadh faisnéise faoi Choimisiún na Meán, lena n-áirítear a fheidhmeanna, ar fáil ar a láithreán gréasáin oifigiúil.

An Straitéis Náisiúnta Fhrith-Bhréagaisnéise

Foilsíodh an Straitéis Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta an 17 Aibreán 2025. Leagtar amach sa Straitéis 9 ngealltanas agus 36 ghníomhaíocht chun dul i ngleic le fadhb na bréagaisnéise. Bhí na gníomhaíochtaí múnlaithe ag tuairimí a fuarthas i gcomhairle leis an bpobal agus le réimse saineolaithe agus eagraíochtaí atá ag obair faoi láthair chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

Ba phríomh-mholadh de chuid Choimisiún Todhchaí na Meán é Straitéis Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta a fhorbairt, inar éilíodh cur chuige níos comhordaithe agus níos straitéisí chun dul i ngleic le tionchar díobhálach na bréagaisnéise ar shochaí agus ar dhaonlathas na hÉireann.

Bunaíodh an Grúpa Oibre a raibh sé de chúram air an Straitéis a fhorbairt i mí Feabhra 2023. Ghníomhaigh saineolaí litearthachta sna meáin mar chathaoirleach neamhspleách ar an nGrúpa Oibre, agus bhí ionadaithe ann ó Ranna Rialtais, ó chomhlachtaí poiblí, ó earnáil na tionsclaíochta, ón saol acadúil agus ón tsochaí shibhialta. Chuir an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt rúnaíocht ar fáil. Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an nGrúpa Oibre ar fáil anseo.

D’aontaigh an Grúpa Oibre go mbeadh an Straitéis Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta bunaithe ar chearta agus struchtúrtha thart ar chúig phrionsabal, eadhon athléimneacht agus iontaoibh a chothú trí thionscnaimh oideachais agus litearthachta sna meáin, tacú le hiriseoireacht neamhspleách ar ardchaighdeán, comhar agus comhoibriú méadaithe, freagraí fianaisebhunaithe, chomh maith le cuntasacht chorparáideach agus forfheidhmiú rialála.

Féadtar teacht ar an Straitéis Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat