€2.22 billiún chun Áiseanna Spóirt den chéad scoth a chur ar fáil chomh maith le Forais Chultúir Náisiúnta Nuachóirithe, an Plean Náisiúnta Leathanbhanda agus Meáin Ghaeilge 'a sheasfaidh an aimsir'
- Foilsithe: 19 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Samhain 2025
- I measc na bpríomhthionscadal caipitil i bPlean Forbartha Náisiúnta Earnála na Roinne (NDP), déanfar Veileadróm agus Ionad Badmantain Náisiúnta a thógáil chomh maith le hIonad Náisiúnta Cruicéid nua agus déanfar athfhorbairt ar an gCartlann Náisiúnta agus ar Ghailearaí Ealaíne Crawford
- Is é Athbhreithniú NDP an Rialtais an t-infheistiú caipitil is mó riamh sa gheilleagar i stair an Stáit
D'fhoilsigh an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt a Plean Earnála inniu faoin Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta (NDP) ina sainaithnítear tionscadail chaipitil agus cláir a chuirfear chun cinn sa tréimhse 2026 – 2030.
I gcomhréir le Clár an Rialtais, cuireadh athbhreithniú ar an NDP i gcrích i mí Iúil na bliana seo. Mar chuid den athbhreithniú sin, leithdháileadh €2.22 billiún le haghaidh infheistíocht chaipitil ar an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt do thréimhse 2026 - 2030.
Ag labhairt dó faoin bPlean, dúirt an tAire Patrick O'Donovan:
"Leagtar amach sa Phlean Earnála seo infheistíocht chaipitil na Roinne agus na ngníomhaireachtaí sna cúig bliana amach romhainn. Tá ríméad orm go bhfuil €2.22 billiún faighte againn le haghaidh infheistíochta don tréimhse ama sin. Aithníonn an leibhéal maoinithe sin tábhacht na n-earnálacha d'fhorbairt shocheacnamaíoch na hÉireann sna blianta amach romhainn. I measc cuid de na príomhthionscadail agus de na cláir, déanfar na forais chultúir náisiúnta agus réigiúnacha a nuachóiriú, athléimneacht na líonraí cumarsáide a chinntiú, áiseanna spóirt a sholáthar ar leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, agus infheistíocht a dhéanamh in earnálacha na scannán agus na teilifíse. Cuirfidh forbairt sna réimsí sin leis an infheistíocht i bpríomhbhonneagar a bheidh ag tarlú ar fud an Rialtais. Táim ag tnúth le clár láidir seachadta sna blianta amach romhainn."
Dúirt an tAire Stáit, Charlie McConalogue:
"Tá foilsiú an Phlean seo tábhachtach toisc go léiríonn sé ár dtiomantas d'infheistíocht leanúnach a dhéanamh in áiseanna spóirt ar fud na tíre trí scéimeanna ar nós an Chiste Áiseanna Spóirt Pobail agus an Chiste Bonneagair Spóirt ar Mhórscála. Gealltar freisin go gcríochnófar áiseanna móra spóirt náisiúnta sna cúig bliana amach romhainn, lena n-áirítear an Veileadróm agus an tIonad Badmantain Náisiúnta, agus an tIonad Náisiúnta Cruicéid. Déanfar soláthar sa Phlean seo freisin do mhaoiniú chun inbhuanaitheacht an Líonra Oifigí Poist a chinntiú, i gcomhréir leis an ngealltanas a rinneadh i gClár an Rialtais."
Tá infheistíocht i ngach ceann dá hearnálacha leagtha amach i bPlean na Roinne agus seo a leanas na príomhghnéithe.
- Na hEalaíona agus an Cultúr: Is príomhchlár infheistíochta don Roinn é Clár Infheistíochta na bhForas Cultúir Náisiúnta (NCI). Féachfaidh an Roinn leis na foirgnimh stairiúla ina bhfuil Forais Chultúir Náisiúnta na hÉireann a chosaint agus a nuachóiriú. Táthar i mbun obair thógála faoi láthair ar an gCartlann Náisiúnta agus críochnófar an obair sin in 2026, agus táthar ag súil go dtosóidh an obair thógála ar Ghailearaí Ealaíne Crawford go luath in 2026. Tabharfar isteach scéim nua oibreacha caipitil ealaíon ó 2026 freisin chun infheistíocht a dhéanamh in áiseanna ar fud na tíre. Cothófar infheistíocht shuntasach trí Scáileán Éireann chun cur leis an rath a baineadh amach le déanaí i léiriú scannán agus teilifíse.
- An Chumarsáid: Is príomhthosaíocht don Roinn sa phlean earnála seo é leathadh amach an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda (NBP) a chur i gcrích (tá tógáil an ghréasáin le críochnú faoi dheireadh 2026). Déantar soláthar sa phlean seo freisin do thacaíocht don Líonra Oifigí Poist. Tá sé beartaithe go gcuirfear maoiniú feabhsaithe €15 milliún in aghaidh na bliana ar fáil don Líonra Oifigí Poist sna 5 bliana amach romhainn, faoi réir cheadú an Rialtais.
- An Spórt: Príomh-uaillmhian sa phlean earnála seo is ea infheistíocht shuntasach inár n-áiseanna spóirt a chothú tríd an gCiste Áiseanna Spóirt Pobail (CSFF) agus tionscadail ar scála níos mó tríd an gCiste Bonneagair Spóirt ar Mhórscála (LSSIF). Seolfar babhta nua den CSFF in 2026. Cuirfidh an Roinn áiseanna spóirt náisiúnta nua-aimseartha ar fáil ar Champas Spórt Éireann freisin, amhail an Veileadróm agus an tIonad Badmantain Náisiúnta (cuirfear tús leis an tógáil go luath in 2026) agus Ionad Náisiúnta Cruicéid.
- Na Meáin: Leanfar leis an infheistíocht chun tacú le forbairt na meán Gaeilge. Déanfar infheistíocht i stiúideo agus in áiseanna craoltóireachta TG4, lena n-áirítear ardáin dhigiteacha, mar aon le crua-earraí agus bogearraí speisialaithe a fhorbairt.
Plean Infheistíochta Earnála anseo
Tuilleadh Eolais
- Is príomhthiománaí é bonneagar riachtanach a sheachadadh chun iomaíochas agus athléimneacht an gheilleagair a chinntiú.
- Is é Athbhreithniú NDP an Rialtais a foilsíodh i mí Iúil an t-infheistiú caipitil is mó riamh agus is suntasaí sa gheilleagar i stair an Stáit.
- Mar chuid den Athbhreithniú, tá leithdháiltí earnála bliantúla leagtha amach ag an Rialtas idir 2026 agus 2030, agus uasteorainneacha foriomlána caiteachais caipitil an Rialtais go dtí 2035. Mar thoradh air sin, tá infheistíocht chaipitil phoiblí iomlán €275.4 billiún ann don tréimhse go dtí 2035. Cuimsíonn sé sin €202.4 billiún i gcaiteachas caipitil Vótáilte an Státchiste ó 2026 go 2035.
- Tar éis teacht ar chomhaontú maidir le leithdháiltí cúig bliana le haghaidh Ranna, tá na Ranna anois ag leagan amach a bpleananna infheistíochta earnála do na tionscadail chaipitil agus do na cláir a dtabharfar tús áite dóibh lena gcur i gcrích laistigh dá leithdháileadh sna cúig bliana amach romhainn.