€228,065 i ndeontais caipitil d’eagraíochtaí ealaíon agus cultúir fógartha ag an Aire Patrick Donovan
- Foilsithe: 28 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 28 Bealtaine 2026
Inniu d’fhógair Patrick O’Donovan TD, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, dámhachtain le haghaidh deontais caipitil a bhfuil luach €228,065 orthu d’ocht n-eagraíocht ealaíon agus cultúir chun a saoráidí a uasghrádú agus a fhorbairt. Cuirtear an maoiniú sin ar fáil faoi Shruth E den Scéim Caipitil Cultúir, ar scéim infheistíochta caipitil €1.4m í atá dírithe ar an stoc ionad ealaíon agus cultúir atá ann cheana a fheabhsú ar fud na tíre.
Seoladh Sruth E den Scéim Caipitil Cultúir ar dtús an 14 Meitheamh 2023 agus, ó shin, chuaigh sé chun tairbhe 46 eagraíocht ealaíon agus chultúir ar fud na tíre, lena n-áirítear na hocht gcinn ar bronnadh maoiniú orthu inniu, trí thionscadail caipitil éagsúla.
I gcomhréir le gníomhú an Rialtais maidir leis an athrú aeráide, fáiltíonn an scéim seo freisin roimh thionscadail lena laghdaítear lorg carbóin eagraíochta, chomh maith le tionscadail lena soláthraítear acmhainn bhreise le haghaidh léirithe ealaíonta. Tá an scéim dúnta anois de bharr go bhfuil an ciste caite. Tá scéim maoinithe caipitil ealaíon nua á ceapadh faoi láthair agus fógrófar sonraí in am agus i dtráth.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Patrick O’Donovan an méid seo:
“Tá lúcháir mhór orm maoiniú €228,065 a fhógairt do na hocht n-eagraíocht ealaíon agus chultúir seo. Tá ról ríthábhachtach ag tacaíochtaí caipitil d’eagraíochtaí ealaíon agus cultúir, amhail Sruth E den Scéim Caipitil Cultúir, maidir le bonneagar ealaíon agus cultúrtha a neartú ar fud na tíre.
Aithníonn an Rialtas go bhfuil an cultúr agus na healaíona ríthábhachtach do shochaí chuimsitheach, lena gcuirtear deiseanna ar fáil le haghaidh oideachais, léirithe agus rannpháirtíocht an phobail. Le hinfheistíocht i saoráidí ealaíon agus cultúir, cinntítear go bhfuil na healaíona inrochtana laistigh dár bpobail agus tacaítear le leanúnachas na saoráidí sin do na glúnta atá le teacht.
I gcomhréir leis an ngealltanas i gClár an Rialtais, leithdháileadh ar mo Roinn €6m i mBuiséad 2026 do chlár nua de mhaoiniú caipitil le haghaidh eagraíochtaí ealaíon agus cultúir ar fud na tíre. Leis sin, féachfar chuige go mbeidh tacaíochtaí caipitil a bhfuil géarghá leo ann le haghaidh eagraíochtaí ealaíon agus cultúir. Tá mo Roinn i mbun sonraíochtaí na scéime a dhearadh faoi láthair, lena n-áirítear critéar incháilitheachta a shocrú.”
Nótaí don Eagarthóir:
Tá an Scéim dúnta anois.
gov.ie - na hEalaíona Cruthaitheacha: Deontais agus Maoiniú (www.gov.ie).
Is iad seo a leanas na hocht dtionscadal atá ag fáil maoinithe faoin bhfógra a eisíodh inniu:
|
Deontaí |
Contae |
Méid an deontais € |
|
Black Church Print Studio CTR |
Baile Átha Cliath |
€16,814 |
|
Blue Teapot Theatre Company |
Gaillimh |
€50,000 |
|
Linenhall Arts Centre CTR |
Maigh Eo |
€21,240 |
|
Cill Chainnigh |
€20,000 |
|
|
Sirius Arts Centre CTR |
Corcaigh |
€50,000 |
|
Temple Bar Gallery + Studios CTR |
Baile Átha Cliath |
€19,509 |
|
The Moat Club CTR ag trádáil mar The Moat Theatre |
Cill Dara |
€50,000 |
|
Ionad Ealaíon Loch Garman |
Loch Garman |
€502 |
|
Iomlán |
|
€228,065 |
Tá liosta iomlán na n-eagraíochtaí ar bronnadh deontais orthu faoi Shruth E ar fáil anseo