Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

€35m do Thionscadail Cheannródaíocha Bhonneagair Dhigitigh ar fud na hÉireann

D’fháiltigh an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, inniu roimh an bhfógra go gcaithfear €35 milliún chun tionscadail cheannródaíocha bhonneagair dhigitigh a chur chun cinn in Éirinn faoin tSaoráid AE um Chónascadh na hEorpa (SCE).

Is príomhionstraim chistiúcháin de chuid an Aontais Eorpaigh í an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, a bhfuil sé mar aidhm aici fás, fostaíocht agus iomaíochas a chur chun cinn trí infheistíocht spriocdhírithe a dhéanamh i mbonneagar ag leibhéal na hEorpa.

I measc na dtionscadal roghnaithe tá feidhmiú céimneach croí-líonraí digiteacha ardfheidhmíochta atá sábháilte agus athléimneach, píolótaí 5G ar mhórscála do chonairí iompair, agus Pobail Chliste.

Mhol an tAire O’Donovan cuideachtaí na hÉireann as an maoiniú Eorpach a fháil agus dúirt sé gur léiriú é rath na gcuideachtaí ar cheannaireacht mhéadaitheach na hÉireann maidir le tionscadail nuálacha agus ardtionchair a sheachadadh.

Ag labhairt dó inniu, dúirt sé:

“Fáiltím roimh an €35 milliún de mhaoiniú SCE a bronnadh ar na tionscadail bhonneagair dhigitigh Éireannacha seo. Neartóidh na tionscadail seo ár naisc idirnáisiúnta, tacóidh siad leis an nuálaíocht, agus cinnteoidh siad go mbainfidh pobail agus gnólachtaí ar fud na hÉireann tairbhe as bonneagar digiteach den chéad scoth."

Seo a leanas na tionscadail Éireannacha a mhaoineofar:

  • Conair Mhótarbhealaigh Iathghlais (Dún Dealgan – Calafort Ros Láir Vantage Towers Éireann
    €3,539,820.50 bronnta

“Leis an maoiniú seo don Chonair Mhótarbhealaigh Iathghlais, cuirfimid claochlú digiteach na hÉireann chun cinn a thuilleadh, in éineacht lenár gcomhpháirtithe tionscadail; Three Ireland agus Wings.

Le chéile, cruthóimid bonneagar a chumasóidh conair ardluais 5G idir teorainn Thuaisceart Éireann agus tairseach Eorpach na hÉireann, Calafort Ros Láir. Chomh maith le cumhdach sonraí ardluais gan bhriseadh, cinnteoidh an chonair seo go gcomhlíonfaimid riachtanais teicneolaíochta na tíre maidir le hiompar feithiclí agus tionscal na lóistíochta amach anseo.” - Brian McHugh, Stiúrthóir Bainistíochta, Vantage Towers (Éireann).

  • Moil Inscálaithe 5G Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA)
    €12,281,625.00 Bronnta

“Tionscnamh claochlaitheach a bheidh anseo dár mic léinn, go háirithe dóibh siúd i gceantair thuaithe. D’fhéadfadh sé go n-athródh tionscadal na saotharlainne fíorúla digití in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) oiliúint na mac léinn ó bhonn, ar an gcampas agus leis an oiliúint ó chian araon, agus an tionscadal ag tacú le cláir printíseachtaí. Ar an gcaoi seo, cuirfear le líon na ndearthóirí, na n-innealtóirí agus na gceardaithe in Éirinn - oibrithe oilte a mbeidh gá leo chun dúshláin tithíochta agus bhonneagair a shárú. Is léiriú é an tionscadal seo ar chumas OTA comhpháirtithe tionscail idirnáisiúnta a mhealladh agus mórthionscnaimh arna maoiniú ag an AE a threorú, lena bhféadfaí tionchar mór, fiúntach a imirt ar an bpobal.” An tOllamh Graham Heaslip, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA)

  • Córas Cábla Fomhuirí Pisces, Tionscadal Chéim 3 McMahon Design and Management Limited €18,932,210.00 bronnta

Bronnadh €18,932,210 ar McMahon Design & Management Limited faoin 4ú glao SCE-Digiteach de chuid an AE chun tacú le Céim 3 den chóras cábla fomhuirí, PISCES, lena gcuirfear nascacht dhíreach ardacmhainneachta chun cinn idir Éire agus mórthír na hEorpa. Soláthróidh córas cábla fomhuirí PISCES nascacht dhíreach idir Éire, an Fhrainc, an Spáinn agus an Phortaingéil. Is éard atá i gcóras cábla fomhuirí PISCES ná príomh-chábla a nascann Sines sa Phortaingéil le Gaillimh in Éirinn atá 2,131 km ar fhad. Téann brainse eile den chábla atá 840km ar fhad chuig Bilbao sa Spáinn, agus téann brainse cúltaca chuig Saint-Hilaire-de-Rez sa Fhrainc.

Tacóidh an cistiú le forbairt bealaí, le hinnealtóireacht agus le hoibreacha ullmhúcháin do chábla fomhuirí PISCES, agus ar an gcaoi seo, cuirfidh sé le bonneagar digiteach athléimneach tras‑Eorpacha fhorbairt.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat