€382,216 ceadaithe ag an Aire Stáit Chambers chun Clár na gCluichí Gaelacha a riar i nGaeltacht na Gaillimhe agus Thuar Mhic Éadaigh
- Foilsithe: 12 Lúnasa 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
• €34,747 sa bhreis ar allúntas 2019 ceadaithe
• Cuirfear suas le 67 uair teagasc in aghaidh na seachtaine ar fáil in 48 scoil Ghaeltachta
• Fostófar traenálaí lánaimseartha, ochtar páirtaimseartha agus riarthóir oifige
D’fhógair Jack Chambers T.D., Príomh-Aoire an Rialtas agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt agus é ar chuairt ar Ghaeltacht na Gaillimhe inniu an 12ú Lúnasa go bhfuil deontas 3 bliana ar fiú suas le €382,216 é ceadaithe aige do Chomhairle Chonnacht CLG chun cur ar a gcumas leanúint ar aghaidh le riar Clár na gCluichí Gaelacha a riar i nGaeltacht na Gaillimhe agus Thuar Mhic Éadaigh.
Faoi Clár na gCluichí Gaelacha cuirfear teagasc trí Ghaeilge ar fáil i scileanna peile, iománaíochta agus liathróid láimhe i suas le 47 scoil go ceann trí bliana eile. Meastar go mbainfidh suas le 612 dalta scoile leas as an gclár atá á riar ag an Roinn i gcomhar le Comhairle Chonnacht ó 2005.
Dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Cúis sásaimh dom bheith in ann an t-allúntas seo a cheadú inniu, go háirithe nuair a d’éirigh liom é a leathnú amach chuig scoileanna i nGaeltacht Mhaigh Eo den chéad uair cúpla mí ó shin. Tá obair fhónta ar bun ag na traenálaithe atá fostaithe faoi Chlár na gCluichí Gaelacha atá ar leas na Gaeilge agus phobal na Gaeltachta. Le fógairt na tacaíochta seo, tá céim phraiticiúil eile chun tosaigh tógtha a bheidh ar leas an pholasaí don oideachas Gaeltachta agus an phróisis pleanála teanga araon. Is léiriú é chomh maith ar an gcomhpháirtíocht atá ar bun le tamall fada de bhlianta idir mo Roinn agus Comhairle Chonnacht. Mar thoradh ar an allúntas 3 bliana seo, beidh seasmhacht agus cinnteacht ann dóibh siúd atá bainteach leis an gclár a riar agus dóibh siúd a bhaineann leas as - idir scoileanna Gaeltachta, Chumann Lúthchleas Gael agus phobal na Gaeltachta trí chéile.”
Faoi réir an tsocraithe atá i bhfeidhm le Comhairle Chonnacht agus Comhairle na Mumhan faoi seach, seasann na Comhairlí an 33% eile den chostas iomlán a bhaineann leis an gclár. Faoin gclár seo, tugann teagascóirí a fheidhmíonn faoi scáth an dá Chomhairle cuairteanna ar scoileanna atá páirteach ann chun seisiúin pheile agus iománaíochta, a ndéantar a riar trí Ghaeilge, a chur ar fáil do lucht freastail na scoileanna i gceist.
Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.20 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.
Nóta don Eagarthóir:
Seo a leanas sonraí na scoileanna a bheidh in ann leas a bhaint as an gclár: