Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

€500,000 don Scéim Tacaíochta d’Ionaid Cheoil Pobail - Faighteoirí Deontais Fógartha

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, T.D. inniu faighteoirí na Scéime Tacaíochta d’Ionaid Cheoil Pobail. Tá €500,000 curtha ar fáil i maoiniú chun cabhrú le hionaid cheoil bheaga seanbhunaithe tallann ceoltóirí atá ag teacht chun cinn ar fud na hÉireann a chur i láthair.

Tairgeadh maoiniú de suas le €15,000 do 33 ionad san iomlán ón Scéim Tacaíochta d’Ionaid Cheoil Pobail Gheilleagair na hOíche chun tacú le clársceidealú leanúnach na gceoltóirí luath-ghairme. Fuarthas iarratais ó raon leathan ionad déanach san oíche, lena n-áirítear tithe tábhairne, clubanna oíche agus amharclanna. Tacaítear le hionaid i mórán bailte agus sráidbhailte tuaithe, agus bronnadh maoiniú ar 16 ionad lasmuigh dár gcathracha agus bailte móra.

Tar éis fógra na Scéime i mí an Mhárta 2025, bhí ardleibhéal spéise sa scéim phíolótach seo, agus beagnach 100 iarratas curtha isteach sular dúnadh an scéim.

Chomhlíon na hionaid a faomhadh le haghaidh cistithe critéir incháilitheachta na scéime, lena n-áirítear ceanglas fianaise a léiriú go raibh stair láidir ann maidir le himeachtaí ceoil pobail ar thicéad a reáchtáil go rialta, a thaispeánann ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus iad ag léiriú ceoil nua, thar na blianta 2023-2024.

Dúirt an tAire O’Donovan:

Tá ról ríthábhachtach ag ár n-ionaid cheoil phobail maidir le ceoltóirí atá ag teacht chun cinn a chothú agus deis a thabhairt dóibh a gcuid tallann a fheabhsú, agus tá sé an-tábhachtach go n-aithnímid a gcuid ranníocaíochta don tionscal ceoil, go háirithe i bhfianaise na ndúshlán atá roimh na hionaid seo.

Táim ag tnúth le feiceáil an éagsúlacht seánra agus tallainne a shroichfidh lucht féachana nua mar thoradh ar an maoiniú seo sna míonna amach romhainn. Mholfainn freisin do lucht leanúna ceoil ó gach cearn den tír leas a bhaint as acmhainn a n-ionaid áitiúil agus tacú le ceoltóirí i gcéimeanna tosaigh a ngairmeacha beatha.

Is tionscnamh Geilleagar Oíche í an Scéim Tacaíochta d’Ionaid Cheoil Pobail chun tacú le hobair an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche agus ag leanúint ó mholadh a eascraíonn as Gníomh 5 sa Phlean Gníomhaíochta athbhreithnithe um Gheilleagar Oíche.

Cuirfidh an scéim seo maoiniú ar fáil do shraith imeachtaí ina mbeidh ealaíontóirí pobail ag seinm ceoil bheo/leictreonaigh a scríobh/a chruthaigh siad féin. Táthar ag súil go gcuirfidh na himeachtaí seo fostaíocht ar fáil do chriúnna, d’innealtóireacht solais agus fuaime, do mhargaíocht agus do chaidreamh poiblí, chomh maith le líon na ndaoine a thagann chuig ionaid phobail a mhéadú agus cur le geilleagar oíche rathúil.

Fuarthas 96 iarratas ar mhaoiniú san iomlán.

Iarratasóirí Ceadaithe

Ainmn Ionaid agus Suíomh

Teach Tabhairne Arthurs Baile Átha Cliath 8

Bank Lane Cathair Phort Láirge

Billy Byrne’s Cathair Chill Chainnigh

Clearys An Chaisleán Nua, Co. Luimnigh

Connollys of Leap An Léim, Corcaigh

Coughlans Cathair Chorcaí

Dali Cathair Chorcaí

Club Ceoil Pobail DeBarra Cloch na Coillte, Corcaigh

Dolans Cathair Luimnigh

Hen’s Teeth Baile Átha Cliath 8

John Cleere's Cathair Chill Chainnigh

John Lees An Tulach Mhór, Uíbh Fháilí

Kavanagh’s Portlaoise, Laois

Kennys An Leithinis, Clár

Langtons Cathair Chill Chainnigh

Levis’ Béal an Dá Chab, Corcaigh

McHugh’s Droichead Átha, An Lú

Mike the Pies Lios Tuathail, Ciarraí

Mo Chara Dún Dealgan, An Lú

Pot Duggans Inis Díomáin, An Clár

Róisín Dubh Cathair na Gaillimhe

Sin é Baile Átha Cliath 7

Spirit Store Dún Dealgan, An Lú

Tengu Baile Átha Cliath 1

The Attic Dílainn, An Clár

The Bernard Shaw Baile Átha Cliath 9

The Commercial Bar Cathair Luimnigh

The Cornerstone An Ghráig, Gaillimh

The Grand Social Baile Átha Cliath 1

The Lighthouse Dún Laoghaire, Baile Átha Cliath

The Soundhouse Baile Átha Cliath 1

The White Horse Baile an Chollaigh, Corcaigh

Wigwam Baile Átha Cliath 1

CRÍOCH