Ag Imirt ar mhaithe leis an bPláinéad`: Comhdháil maidir le hInbhuanaitheacht an Spóirt agus an Chomhshaoil á Tionól ag Airí
- Foilsithe: 20 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 20 Samhain 2025
Tionólfaidh an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, agus an tAire Spóirt agus Beartais Poist, Charlie McConalogue, Comhdháil maidir le hInbhuanaitheacht Spóirt agus Comhshaoil inniu.
Tionólfar ‘Ag Imirt ar mhaithe leis an bPláinéad’ sa Láthair Náisiúnta faoi Dhíon ar Champas Spórt Éireann. Beidh cainteoirí éagsúla ó eagraíochtaí spóirt ar fud na hÉireann páirteach san ócáid, lena n-áirítear Cumann Lúthchleas Gael (GAA), Leadóg Éireann, Aontas Canúála na hÉireann agus Galf Éireann.
Cé gurb í an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt atá ag reáchtáil na comhdhála, cuirfear tionscnaimh inbhuanaithe spóirt ó raon ranna Rialtais lena n-áirítear an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil agus an Roinn Iompair os comhair an lucht freastail.
Beidh páirtithe leasmhara ó gach réimse d'earnáil spóirt na hÉireann i láthair ag an ócáid, lena n-áirítear ionadaithe ó Chomhlachtaí Rialaithe Náisiúnta Spóirt agus Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt.
Cuirfear inbhuanaitheacht chomhshaoil laistigh den earnáil chun cinn trí dhea-chleachtas a thaispeáint maidir leis an ról is féidir leis an spórt a imirt i ngníomhú ar son na haeráide.
Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan:
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt inniu don obair inbhuanaitheachta atá á déanamh ag eagraíochtaí spóirt ar fud na tíre. Cuirfear eolas ar fáil ag comhdháil an lae inniu faoi thionscnaimh cheannródaíocha a bhfuil réimse eagraíochtaí spóirt ina mbun lena n-áirítear CLG, Rugbaí na Mumhan, Galf Éireann agus Cumann Peile Bohemian. Tá an inbhuanaitheacht sa spórt ríthábhachtach chun a chinntiú go gcothaítear ní hamháin dúil mhór sa spórt ach timpeallacht shláintiúil don imirt agus don iomaíocht freisin.”
Dúirt an tAire Spóirt agus Beartais Poist, Charlie McConalogue:
“Tá an spórt i gcroílár phobail na hÉireann agus, dá bhrí sin, tá áit ar leith aige i dtaobh daoine ar fud na sochaí a mhealladh chun feabhsuithe comhshaoil a spreagadh agus chun gníomhaíocht inbhuanaitheachta a spreagadh trí chéile. Is príomhghníomhaíocht i bPlean Gníomhaíochta Spóirt 2024-2027 í comhdháil an lae inniu agus cinnteoidh mo Roinn go mbeidh tús áite ag an inbhuanaitheacht agus muid ag leanúint de na gníomhaíochtaí atá beartaithe againn a chur i gcrích."