“Ag lorg na Síochána” - eipeasóid nua i sraith podchraoltaí Mhná 100 i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

“Ag lorg na Síochána” - eipeasóid nua i sraith podchraoltaí Mhná 100 i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha

Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, an ceathrú heipeasóid i sraith podchraoltaí Mhná 100, dar teideal ‘Ag lorg na Síochána’, mar chuid de chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.

Dúirt an tAire Martin:

"Tugann eipeasóid ‘Ag lorg na Síochána’ i sraith podchraoltaí cuimhneacháin Mhná 100, tuiscint fíor-thábhachtach dúinn ar na toscaireachtaí síochána in 1922 a raibh mná i gceannas orthu agus a raibh sé mar aidhm acu cosc a chur leis an gCogadh Cathartha. Ghlac go leor de na mná seo páirt sa ghluaiseacht síochána idirnáisiúnta ag an am sin. Tugann séléargas uathúil dúinn ar na míonna dúshlánacha sin. D’oibrigh na mná Éireannacha Mary Robinson, Maria Butler agus Áine Hearns go hidirnáisiúnta, agus tá a saolta chomh suimiúil céanna leis na mná stairiúla céad bliain ó shin."

Sa phodchraoladh seo scrúdaítear imeachtaí 100 bliain ó shin agus ról na mban i lorg na síochána - ó chathaoirleacht ar chruinnithe an Choiste Síochána i mí na Bealtaine go toscaireachtaí a eagraíodh i mí an Mheithimh agus Iúil 1922 de réir mar a mhéadaigh an chogaíocht sa Chogadh Cathartha. Scrúdaítear cúlra stairiúil na dtoscaireachtaí sin, ag déanamh cur síos ar roinnt de na rannpháirtithe. D’eagraigh Maud Gonne MacBride na toscaireachtaí. Ghlac Hanna Sheehy Skeffington, Charlotte Despard agus Rosamond Jacob ó Chonradh Idirnáisiúnta Mhná na hÉireann páirt iontu. Scrúdaítear freisin naisc an Chonartha le gluaiseacht shíochána níos leithne na linne sin, mar ról Jane Addams agus eagrú Chonradh Idirnáisiúnta na mBan ar son na Síochána agus na Saoirse.

Trí shúil eile a chaitheamh ar na himeachtaí stairiúla seo, déantar machnamh freisin i Mná 100 ar éachtaí agus eispéiris phearsanta rannpháirtithe an phodchraolta. Labhraíonn triúr ban sa phodchraoladh; chéad bhan-Uachtarán na hÉireann agus Cathaoirleach The Elders, Mary Robinson; Áine Hearns, Stiúrthóir an Aonaid um Réiteach Coinbhleachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha; agus Maria Butler, Leas-Ard-Rúnaí Chonradh Idirnáisiúnta na mBan ar son na Síochána agus na Saoirse, a ceapadh ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Thionscnamh Nobel na mBan i mí na Bealtaine 2022.

Tá an podchraoladh ar fáil ar https://www.mna100.ie/ agus san áit a éisteann tú le do chuid podchraoltaí.

Nótaí

Seo a leanas na triúr cainteoirí a labhraíonn sa phodchraoladh:

**Mary Robinson, Ollamh Cúnta le Ceartas Aeráide i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Cathaoirleach The Elders. B’Uachtarán na hÉireann í idir 1990 agus 1997 agus Ard-Choimisinéir na NA um Chearta an Duine idir 1997 agus 2002.

Áíne Hearns, Stiúrthóir an Aonaid um Réiteach Coinbhleachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus iar-Ambasadóir na hÉireann chun na Maláive agus Ceann Misin in Uganda.

Maria Butler, a ceapadh mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin Thionscnamh Nobel na mBan i mí na Bealtaine 2022. I measc na ról a bhí aici roimhe seo bhí Leas-Ard-Rúnaí Chonradh Idirnáisiúnta na mBan ar son na Síochána agus na Saoirse; Stiúrthóir na gClár Domhanda um Chonradh Idirnáisiúnta na mBan ar son na Síochána agus na Saoirse atá lonnaithe san Eilvéis agus roimhe sin bhí sí ina Stiúrthóir Idirnáisiúnta ar a gClár Ban ar son na Síochána, sna NA, Nua-Eabhrac (2010-2016). Aturnae cáilitheach sa Dlí agus abhchóide de chuid Stát Nua-Eabhrac. Bhí sí ina bunaitheoir ar Growth Reaching Africa 2006-2016.

Tionscnamh nua ban ar líne is ea é Mná100, do thréimhse dheireanach Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, agus leanann sé leis an obair chun róil na mban sa tréimhse réabhlóideach a léiriú. Téigh chuig www.mna100.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

Is é seo an ceathrú podchraoladh sa tsraith. Tá na podchraoltaí a eisíodh roimhe seo ar fáil ar www.mna100.ie agus san áit a éisteann tú le podchraoltaí.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat