Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Chomhdháil Dhomhanda Idirlín ag teacht go Baile Átha Cliath

Beidh Cruinniú Cinnbhliana Chorparáid Sannta Ainmneacha agus Uimhreacha Idirlín (ICANN) á reáchtáil san Ionad Comhdhála

Beidh a Chruinniú Cinnbhliana á reáchtáil ag an gCorparáid Sannta Ainmneacha agus Uimhreacha Idirlín (ICANN) san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath ón 25-30 Deireadh Fómhair. Is é seo an chéad uair a bheidh an cruinniú ar siúl in Éirinn ó 2015.

Is eagraíocht neamhbhrabúis il-gheallsealbhóirí é ICANN atá freagrach as córais aitheantóirí uathúla an Idirlín a chomhordú, chun oibriú seasmhach slán an líonra a chinntiú.

Agus é ag cur fáilte ar ais go Baile Átha Cliath roimh ICANN, dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, an Teachta Dála Patrick O’Donovan:

“Tá ríméad orm gur shocraigh ICANN a gCruinniú Cinnbhliana a bheith acu i mBaile Átha Cliath arís, go háirithe le linn bliana a bhí an-tábhachtach do rialachas idirlín sa mbaile agus ar fud an domhain. Ag cur leis an dea-obair a rinne pobal idirlín na hÉireann chun an chéad Fhóram um Rialachas Idirlín in Éirinn a óstáil níos luaithe i mbliana, is ardán iontach é ICANN84 chun Éire a chur i gcroílár plé ríthábhachtach domhanda maidir le rialachas idirlín lena n-áirítear athbhreithniú 20 bliain an Chruinniú Mullaigh Dhomhanda faoin tSochaí Faisnéise."

Is é mana ICANN “Domhan Amháin, Idirlíon Amháin”, agus tá sé de mhisean aige cabhrú linn idirlíon domhanda seasmhach, slán agus aontaithe a chinntiú. Bhí ríthábhacht ag baint leis an gcomhar agus leis an gcomhoibriú ar fud na bpobal páirtithe leasmhara a bhí comhdhéanta de rialtais, den tsochaí shibhialta agus de shaineolaithe teicneolaíochta, chun an bonneagar idirlín saor agus oscailte a bhfuil claochlú agus nuálaíocht dhigiteach cumasaithe aige a bheith ar bun i ngach réimse de shochaí na hÉireann agus an domhain.

Is é INEX, Pointe Malartaithe Idirlín d’oileán na hÉireann, a bheidh ina óstach ar an ócáid seo.

Táthar ag súil go bhfreastalóidh 2,000 duine ó ar fud an domhain ar an gcruinniú i mBaile Átha Cliath.

Nótaí:

Is eagraíocht neamhbhrabúis í an Chorparáid Sannta Ainmneacha agus Uimhreacha Idirlín (ICANN) a corpraíodh i stát California, Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus is é an pobal domhanda il-gheallsealbhóirí a dhéanann rialú agus maoirseacht ar a cuid feidhmeanna.

Cabhrú le hidirlíon domhanda seasmhach, slán agus aontaithe a chinntiú an misean atá ag ICANN. Chun teagmháil a dhéanamh le duine éigin eile ar an Idirlíon, caithfidh tú seoladh - ainm nó uimhir - a chlóscríobh isteach i do ríomhaire nó i ngaireas eile. Ní mór don seoladh sin a bheith uathúil ionas go mbeidh a fhios ag ríomhairí cá bhfaighidh siad a chéile. Cabhraíonn ICANN leis na haitheantóirí uathúla seo a chomhordú ar fud an domhain agus tacaíonn sí leo.

Bíonn cruinniú ag ICANN trí huaire sa bhliain. Bhí sé i gceist an cruinniú seo a reáchtáil in Muscat in Óman ar dtús. Shocraigh Bord ICANN an cruinniú a bhogadh go Baile Átha Cliath áfach mar go raibh imní ann go bhféadfadh aerspásanna sa réigiún a bheith dúnta.

Is eagraíocht neodrach neamhbhrabúis é INEX, an Pointe Malartaithe Idirlín d’oileán na hÉireann, a chuireann ar chumas líonraí idirlín nascadh lena chéile agus eolas a mhalartú go héifeachtúil.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat