English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Clár 'Courage' (Misneach) seolta ag an Aire Madigan faoina ndéanfaidh South Wind Blows imeachtaí ceoil a reáchtáil tríd Other Voices i gcomhar le Intel

Sheol an tAire Madigan an clár 'Courage (Misneach)' inniu, sraith de cheolchoirmeacha beo a mbeidh míreanna ceoil ó chartlanna Other Voices tríthi, agus beidh an tsraith ar siúl ar feadh tréimhse ceithre seachtaine ó Déardaoin an 23 Aibreán. Tá an t-imeacht seo a reáchtáil i gcomhar le Intel agus craolfar é ar chainéal YouTube agus Facebook Live Other Voices agus ar RTE.ie. Beidh an clár á chraoladh ar RTÉ 2 freisin gach Déardaoin ón 7 Bealtaine ag 11.30 i.n.

Tá an t-imeacht seo mar chuid den fhreagra atá tugtha ag an Rialtas ar COVID-19 chun tacú leis an bhfolláine trí réimse tionscnamh lena n-áirítear ábhar cultúir.

Ag 8pm gach Dé Máirt agus Déardaoin, ag tosú ón 23 Aibreán, ar feadh tréimhse 4 seachtaine, a bheidh na ceolchoirmeacha seo ar siúl mar chuid den chlár. Is i Whelan's agus i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann a bheidh na ceolchoirmeacha beo ar siúl. Cloífidh na ceolchoirmeacha beo seo go léir le treoracha sláinte poiblí.

Dúirt an tAire Madigan inniu: "Tá a fhios againn go bhfuil ról an-dearfach ag an gcultúr i bhfolláine gach uile dhuine. Is cinnte go dtabharfaidh an ceol go léir a bheidh ar ardán le linn chlár Courage ardú croí do dhaoine agus beifear ábalta sásamh breá a bhaint as agus daoine ag fanacht ag baile. Tagann an clár seo sa bhreis ar na tacaíochtaí atá an Rialtas a chur ar fáil cheana féin d'ealaíontóirí agus do dhaoine eile atá ag obair in earnálacha na n-ealaíon agus an chultúir."