An infheistíocht is mó riamh agus €28.5 milliún sa spórt ardfheidhmíochta fógartha do 2026

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An infheistíocht is mó riamh agus €28.5 milliún sa spórt ardfheidhmíochta fógartha do 2026

Tagann an infheistíocht sna sála ar 127 mórbhoinn, an líon is mó riamh, a buadh in 2025

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, agus an tAire Stáit le freagracht as Beartas Spóirt agus Poist, Charlie McConalogue, infheistíocht bhliantúil €28.5 milliún inniu sa chlár Ardfheidhmíochta do 2026 a dháilfear trí Spórt Éireann.

Leis an infheistíocht is mó riamh sin, leanfar de thacaíocht a thabhairt do lúthchleasaithe ardfheidhmíochta agus d’aidhm an Bheartais Náisiúnta Spóirt líon bonn na hÉireann a mhéadú.

Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan:

Ba bhliain thar na bearta í anuraidh do lúthchleasaithe na hÉireann, agus bhuaigh siad 127 mórbhonn san iomlán. Baineadh na torthaí sin amach thar líon mór spórt agus tacaíodh leo le hinfheistíocht shuntasach ón Rialtas. Arís eile, is cúis áthais dúinn é tacú le lúthchleasaithe na hÉireann trí níos mó cistí ná riamh roimhe seo a infheistiú. Is pointe leath slí tábhachtach í an bhliain seo i dtimthriall LA agus i seachadadh na Straitéise Ardfheidhmíochta 2021-2032. Tá lúthchleasaithe na hÉireann ag leanúint de bhoinn a bhuachan ar an ardán domhanda, agus táim muiníneach go mbeidh tuilleadh gaiscí ar na leibhéil is airde mar thoradh ar an tacaíocht airgeadais leanúnach seo.

Méadú is ea an infheistíocht €28.5 milliún sa spórt ardfheidhmíochta in 2026 ar an €27 milliún a infheistíodh in 2025, agus is í an infheistíocht bhliantúil is mó riamh sa spórt ardfheidhmíochta. Beidh breis is €55 milliún infheistithe faoin bpointe leath slí den timthriall Oilimpeach/Pharailimpeach.

Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Beartas Spóirt agus Poist, Charlie McConalogue:

Leis an infheistíocht phoiblí sa Spórt Ardfheidhmíochta tugtar an deis is fearr is féidir dár lúthchleasaithe feidhmiú go láidir ar an leibhéal is airde, agus sin an fáth go bhfuilimid ag infheistiú €28.5 milliún trí Spórt Éireann i rith 2026. Léirítear leis an méadú suntasach ar chistiú Spóirt Ardfheidhmíochta le roinnt mhaith blianta anuas tiomantas leanúnach an rialtais, i gcomhar le Spórt Éireann, chun tacú lenár lúthchleasaithe agus iad ag leanúint dá seacht ndícheall a dhéanamh a bheith rathúil.”

Tháinig méadú €600,000 ar an gcistiú do lúthchleasaithe in 2026 i gcomparáid leis an mbliain seo caite. In 2026, infheisteoidh Spórt Éireann €4.75 milliún sa Scéim Cardála Idirnáisiúnta agus sa Scéim Chistithe d’Imreoirí. Cumhdófar leis an leithdháileadh cistithe sin gach gné den Scéim, lena n-áirítear 139 lúthchleasaí a chisteofar ina n-aonar, naoi leithdháileadh cistithe comhthiomsaithe agus sealaíochta, an Clár um Aistriú Gairme Lúthchleasaithe, an Scéim Chistithe d’Imreoirí, agus cúlchistí.

Tabharfaidh Spórt Éireann na dámhachtainí dhá bhliain Cardála isteach athuair in 2027 agus 2028, rud a fhágann gur bliain thábhachtach is ea 2026 chun na critéir a chomhlíonadh agus an dámhachtain chistithe ilbhliantúil seo a fháil.

Dúirt an Dr Úna May, POF Spórt Éireann:

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Rialtas as a thacaíocht fhlaithiúil don chóras Ardfheidhmíochta. Is pointe leath slí tábhachtach í an bhliain seo i dtimthriall LA agus i seachadadh na Straitéise Ardfheidhmíochta 2021-2032. Tá bonn láidir forbartha cheana féin agus is am cinniúnach é anois don chóras ardfheidhmíochta chun an dul chun cinn sin a fhorbairt. Agus an Straitéis Ardfheidhmíochta ar thairseach a séú bliain cur i bhfeidhm, tá Spórt Éireann chun ár dtiomantas do shamhail an Choiste Náisiúnta Rialaithe a dhoimhniú: tá sé sin ríthábhachtach chun a chinntiú go dtreoraítear lúthchleasaithe le saineolas a bhaineann go sonrach le spórt agus béim shoiléir ar rath domhanda.

Leanann Spórt Éireann dá Straitéis Ardfheidhmíochta a thabhairt chun cinn agus a fhorbairt. Tá an Straitéis bunaithe ar an tuiscint go bhfuil lúthchleasaithe agus na daoine siúd a dtacaíonn leo ag croílár gach uile rud. In 2025 ceapadh iarléimneoir ard idirnáisiúnta agus Oilimpeach, Deirdre Ryan, ina cathaoirleach ar Choiste Ardfheidhmíochta Spórt Éireann. Tá an coiste sin lántiomanta do mhaoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na straitéise seo agus déanann sé athbhreithniú leanúnach ar a dhul chun cinn.

Leis an infheistíocht in Institiúid agus Campas Spórt Éireann, neartaíodh an tacaíocht atá ar fáil do lúthchleasaithe na hÉireann agus feabhsaíodh cumas na hÉireann ullmhú, feidhmiú agus dul san iomaíocht ar an leibhéal is airde. Tá Campas á fhorbairt i gcónaí mar cheanncheathrú an spóirt ardfheidhmíochta in Éirinn, agus táimid ag fiosrú deiseanna go gníomhach chun mór-imeachtaí idirnáisiúnta a óstáil.

Dúirt Deirdre Ryan, Cathaoirleach Choiste Ardfheidhmíochta Spórt Éireann:

Ba mhaith linn ag Spórt Éireann ár mbuíochas a ghabháil leis an rialtas as a infheistíocht sa spórt ardfheidhmíochta. Leis an tacaíocht seo, beimid in ann dlús a chur le feabhsuithe córais sa chóitseáil, sa nuálaíocht agus i bhforbairt conairí. Léirítear an tiomantas sin le hinfheistíocht 2026, agus tá sé beartaithe €2.5 milliún a chaitheamh sna réimsí sin. Tá Spórt Éireann ag oibriú le comhghleacaithe ar fud an chórais ardfheidhmíochta chun tacú leis na costais bhreise a bheidh ann mar gheall ar Chluichí Oilimpeacha LA. Táimid tiomanta don fheidhmiú a chosaint agus a éascú fad a choinnímid éifeachtúlachtaí costais ar bun.

Is príomh-chomhpháirtithe agus gníomhairí seachadta iad Foireann na hÉireann (Cónaidhm Oilimpeach na hÉireann) agus Foireann Pharailimpeach na hÉireann (Cumann Parailimpeach na hÉireann) do Spórt Éireann.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Maidir le Spórt Éireann

Is é Spórt Éireann an t-údarás a bhfuil de chúram air spórt a fhorbairt in Éirinn, agus rannpháirtíocht sa spórt, spórt ardfheidhmíochta, frithdhópáil, cóitseáil agus forbairt Champas Spórt Éireann i mBaile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15 san áireamh.

Maidir le hAonad Ardfheidhmíochta Spórt Éireann

Is ag Aonad Ardfheidhmíochta Spórt Éireann atá an príomhról maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise Ardfheidhmíochta 2021-2032 agus maidir le cistiú a leithdháileadh ar fud an chórais ardfheidhmíochta. Agus é ag oibriú i gcomhpháirtíocht le hInstitiúid Spórt Éireann agus le haonaid ghnó eile Spórt Éireann, tacaíonn an tAonad Ardfheidhmíochta le Coistí Náisiúnta Rialaithe maidir lena gcláir ardfheidhmíochta a fhorbairt agus a sheachadadh, rud a chuireann na deiseanna is gá ar fáil do lúthchleasaithe na hÉireann chun go mbeidh rath orthu.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat