An Leibhéal is Airde Bunchistithe Riamh do Chomhlachtaí Spóirt in 2026
- Foilsithe: 21 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 21 Eanáir 2026
- Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan agus an tAire Charlie McConalogue an infheistíocht is airde riamh de bhreis is €33 milliún i dtacaíocht bhuanchistithe d’eagraíochtaí spóirt
- An méid is airde Buninfheistíochta sa Spórt riamh
- €19.5 milliún do Chomhlachtaí Rialaithe Náisiúnta
- €12.66 milliún do Chomhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla
- €1.2 milliún do chomhlachtaí spóirt eile
- Samhail mhaoinithe ilbhliantúil nua chun tacú le pleanáil fheabhsaithe
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, agus an tAire Stáit atá freagrach as Spórt agus Beartas Poist, Charlie McConalogue, inniu infheistíocht bhunchistithe de €33.36 milliún d’eagraíochtaí spóirt, trí Spórt Éireann, do 2026; an leibhéal is airde riamh.
Tá €19.5 milliún á infheistiú i 57 Comhlacht Rialaithe Spóirt Náisiúnta (NGBanna) i mbliana, méadú €1.2 milliún ar fhigiúr 2025.
Tá méadú 5.9% tagtha ar infheistíocht i gComhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla (LSPanna) i gcomparáid le 2025, agus infheistíocht iomlán de €12.66 milliún á leithdháileadh ar na 29 LSP.
Seo an leibhéal buninfheistíochta is airde riamh i spórt agus léiríonn sé méadú 6.5% ar leibhéil 2025 agus méadú 87.4% ar an infheistíocht €17.8 milliún in 2018, nuair a foilsíodh an Beartas Náisiúnta Spóirt.
Is í 2026 an chéad bhliain de mhúnla maoinithe ilbhliantúil trí bhliana Spórt Éireann, forbairt chlaochlaitheach a thacóidh le pleanáil fheabhsaithe, cobhsaíocht lucht saothair agus úsáid níos straitéisí acmhainní laistigh d’eagraíochtaí spóirt.
Ag labhairt dó ag an ocáid fógartha maoinithe ag Campas Spóirt Éireann inniu, dúirt an tAire O’Donovan:
Léiríonn an infheistíocht seo tiomantas daingean ón Rialtas chun bunús spóirt na hÉireann a neartú. Trí thacaíocht a thabhairt do Chomhlachtaí Rialaithe Náisiúnta Spóirt agus do Chomhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla, aithnítear a ról lárnach maidir le rannpháirtíocht, feidhmíocht agus tionchar pobail a sheachadadh ar fud na tíre. Táimid ag leanúint ar aghaidh ag méadú infheistíochta i gcláir rannpháirtíochta, go háirithe iad siúd a thacaíonn le mná agus cailíní, rud a neartaíonn ár dtiomantas chun an bhearna rannpháirtíochta inscne sa spórt a chúngú tuilleadh, agus le himeacht ama, é a dhíchur go hiomlán. Soláthraíonn an maoiniú méadaithe seo an chobhsaíocht agus an tacaíocht atá riachtanach chun rannpháirtíocht a fhás go hinbhuanaithe, agus chun Éire a dhéanamh ina ceannaire i spórt cuimsitheach, ardchaighdeáin do chách.
Dúirt an tAire McConalogue:
Leagann obair na gComhlachtaí Rialaithe Náisiúnta agus na gComhlachtaí Áitiúil Spóirt maidir le tosaíochtaí níos leithne an Rialtais a chur chun cinn béim ar an ról lárnach atá ag an spórt i sochaí na hÉireann. Neartóidh an maoiniú lárnach seo infheistíocht in eagraíochtaí ardfheidhmíochta faoi stiúir oibrithe deonacha in 2026, rud a chuirfidh ar a gcumas acmhainn a thógáil, inbhuanaitheacht a fheabhsú, agus pleanáil le muinín don todhchaí. Go ríthábhachtach, tacóidh sé lena n-iarrachtaí leanúnacha spórt a dhéanamh níos cuimsithí agus níos inrochtana - go háirithe dóibh siúd atá os comhair bacainní socheacnamaíocha agus daoine faoi mhíchumas - agus ag an am céanna raon feidhme agus tionchar LSPanna a leathnú tuilleadh agus iad ag cumhachtú pobail, chun páirt a ghlacadh i spórt agus i ngníomhaíocht choirp.
Dúirt Cathaoirleach Spórt Éireann, John Foley:
Táimid thar a bheith buíoch don Roinn, don Aire O’Donovan, don Aire McConalogue, agus don Rialtas i gcoitinne, as a n-infheistíocht leanúnach i maoiniú lárnach. Tá na NGBanna agus na LSPanna ríthábhachtach chun aidhmeanna an Bheartais Náisiúnta Spóirt a bhaint amach. Anseo ag Spórt Éireann, seasann muid go díreach leo agus leanfaimid orainn ag soláthar ceannaireacht straitéiseach agus oibríochtúil dóibh.
Dúirt príomhfheidhmeannach Spórt Éireann, an Dr Úna May:
Táimid thar a bheith sásta leis an infheistíocht fhlaithiúil seo ón Rialtas. Is í an leibhéal infheistíochta is airde riamh í agus léiríonn sí cé chomh láidir is atá tiomantas an Rialtais earnáil spóirt láidir a fhorbairt. Agus cinntí infheistíochta á ndéanamh aige, breathnaíonn Spórt Éireann ar thionchar iomlán gach spóirt - a thábhacht náisiúnta, neart agus uaillmhian a chláir, agus cáilíocht a rialachais agus a oibríochtaí. Cuirimid béim láidir ar rannpháirtíocht, ballraíocht, obair dheonach agus an luach sóisialta a thugann spórt do phobail ar fud na tíre. Thar aon rud eile, táimid tiomanta do thírdhreach spóirt bríomhar agus éagsúil a chinntiú, ionas go mbeidh rochtain ag daoine de gach aois agus cúlra ar raon leathan deiseanna spóirt.
CRÍOCH