An t-eolas is deireanaí - Stoirm Ciara: Fógra Poiblí ó Sheirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An t-eolas is deireanaí - Stoirm Ciara: Fógra Poiblí ó Sheirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Is mian le Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (an SPNF) comhairle a chur ar an bpobal gan cuairt a thabhairt ar Pháirc Náisiúnta Chonamara nó ar Néifinn Fhiáin/Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta – a fhad agus atá rabhadh gaoithe i bhfeidhm ag Met Éireann. Iarrann an SPNF freisin ar an bpobal gan cuairt a thabhairt ar aon Pháirc Náisiúnta, Séadchomhartha Náisiúnta ná Anaclann Dúlra i nDún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Maigh Eo, Sligeach, An Clár agus Ciarraí fad a bheidh an Rabhadh i bhfeidhm.

A fhad agus a bheidh an rabhadh gaoithe, atá eisithe ag Met Éireann i bhfeidhm, beidh na Páirceanna Náisiúnta agus Anaclanna Dúlra seo a leanas dúnta:

  • Páirc Náisiúnta Chonamara
  • Néifinn Fhiáin/Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich (Maigh Eo)
  • Anaclann Dúlra Dhoire an Chláir (Gaillimh)
  • Coill an tSeanchinn (Maigh Eo)
  • Coill Chnoc Meá (Gaillimh)
  • Coill Leamhchoille
  • Teach agus Gairdíní Chill Airne
  • Teach Mhucrois

Tá Rabhadh Oráiste gaoithe eisithe ag Met Éireann do Dhún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Maigh Eo, Sligeach, An Clár agus Ciarraí ar an Luan 10 Feabhra, i bhfeidhm idiom 6am agus 8pm ar an Luan 10 Feabhra.

Tabharfar tuilleadh eolais chun dáta de réir mar a éiríonn réamhaisnéis na haimsire níos soiléire agus/nó de réir mar a dhéanann Met Éireann nuashonrú ar fhógraí chomhairleacha aimsire - féach ar MetEireann.ie le haghaidh rabhaidh aimsire agus eolas chun dáta.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat