An tAire McConalogue le tabhairt faoi Chlár Cultúrtha agus Spóirt agus é ar cuairt chuig Cluichí Oilimpeacha Geimhridh Milano Cortina

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire McConalogue le tabhairt faoi Chlár Cultúrtha agus Spóirt agus é ar cuairt chuig Cluichí Oilimpeacha Geimhridh Milano Cortina

An tAire McConalogue le tabhairt faoi Chlár Cultúrtha agus Spóirt agus é ar cuairt chuig Cluichí Oilimpeacha Geimhridh Milano Cortina

Tabharfaidh an tAire Stáit le freagracht speisialta as Spórt agus Beartas Poist, Charlie McConalogue TD, cuairt ar Milano ón 18-21 Feabhra le haghaidh sraith imeachtaí cultúrtha, spóirt agus beartais.

Mar chuid den chuairt, beidh freastal ar chomhléiriú Amharclann na Mainistreach Mirandolina ag Teatro Verd agus ar an scátáil luais i Staidiam Scátáil Luas Milano. Beidh an tAire páirteach freisin in imeachtaí Fhiontraíocht Éireann agus Chónaidhm Oilimpeach na hÉireann araon.

Ag labhairt dó roimh an gcuairt, dúirt an tAire McConalogue:

“Tá nasc cultúrtha domhain ag Éirinn agus an Iodáil, atá bunaithe ar na céadta bliain de mhalartú sna healaíona, san oidhreacht, san oideachas agus sa spórt. Is deis í Oilimpiad Cultúrtha Milano-Cortina 2026 d’Amharclann na Mainistreach an chomhpháirtíocht sin a neartú.

Tá áthas orm comhghairdeas a dhéanamh lenár lúthchleasaithe Oilimpeacha, Thomas Maloney Westgaard, Anabelle Zurbay, Cormac Comerford agus Ben Lynch. Trí cháiliú do na Cluichí Oilimpeacha agus trí ionadaíocht a dhéanamh don chuid is fearr againn i Milano-Cortina, is inspioráid iad ár lúthchleasaithe don náisiún ar fad.”

Tráthnóna Dé Céadaoin, beidh an tAire i láthair ag comhléiriú Amharclann na Mainistreach ‘Mirandolina’ ag Teatro Verdi. Mar chuid de Oilimpiad Cultúrtha Milano–Cortina 2026, is comhléiriú idirnáisiúnta é Mirandolina de chuid Teatro Stabile del Veneto – Teatro Nazionale Fundation, cruthaithe i gcomhar le hAmharclann na Mainistreach agus Amharclann Náisiúnta na Cróite i Rijeka – HNK Rijeka, le tacaíocht ó Institiúid Chultúrtha na hIodáile i mBaile Átha Cliath.

Déardaoin, buailfidh an tAire le Gníomhaireachtaí Stáit na hÉireann i Milano: Fiontraíocht Éireann, Turasóireacht Éireann, Bord Bia. Freastalóidh an tAire ar dhinnéar líonraithe gnó Fhiontraíocht Éireann freisin. Tabharfaidh sé deis don Aire bualadh le cliantchuideachtaí Fhiontraíocht Éireann in earnáil na teicneolaíochta spóirt.

Dé hAoine, Beidh an tAire McConalogue ag freastal ar Imeacht Scátála Luas a bheidh ar siúl i Staidiam Scátála Luas Milano, atá suite i bPáirc Oighir Milano.

Leanfaidh Dinnéar Oibre Chónaidhm Oilimpeach na hÉireann é seo, áit a dtabharfar forbhreathnú dó ar obair Chónaidhm Oilimpeach na hÉireann. Buailfidh sé freisin leis an lúthchleasaí Oilimpeach a bheidh i láthair, Cormac Comerford, agus le hionadaithe ó na geallsealbhóirí a thacaíonn le Foireann Éireann - urraitheoirí agus comhpháirtithe tráchtála, Spórt Éireann agus Cumann Spóirt Sneachta na hÉireann.

Tá Maoiniú Spóirt Geimhridh (€50,000) curtha ar fáil ag Spórt Éireann do Chónaidhm Oilimpeach na hÉireann thar thimthriall 2023-2026, chun tacú le rannpháirtíocht Fhoireann na hÉireann i gCluichí Oilimpeacha an Gheimhridh.

Tá ról lárnach ag Cumann Spóirt Sneachta na hÉireann i dtaca le tacú le lúthchleasaithe Éireannacha cáiliú agus páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha Geimhridh. Sa bhliain 2024, chuir Spórt Éireann €25,000 de mhaoiniú Ardfheidhmíochta ar fáil do Chumann Spóirt Sneachta na hÉireann.

Fillfidh an tAire ar Éirinn Dé Sathairn, 21 Feabhra.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat