An tAire O’Donovan i gceannas ag Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta 2025 Páirc na nGael, Chicago, Illinois, 2 Samhain 2025
- Foilsithe: 31 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 31 Deireadh Fómhair 2025
Is é Patrick O’Donovan TD, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir a bheidh i gceannas Dé Domhnaigh, an 2 Samhain ar Chuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2025 i bPáirc na nGael, Chicago, Illinois.
Eagraítear Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir i gcuimhne na ndaoine sin a d’fhulaing agus a fuair bás in aimsir an Drochshaoil agus le haird ar an tionchar mór a bhí aige ar fud an domhain. Tá searmanas na bliana 2025 á eagrú i gcomhar le Gaeil-Mheiriceánaigh na háite, le hArd-Chonsalacht na hÉireann i Chicago agus leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
Beidh machnamh, ceol, muintearas agus cuimhneachán siombalach ina ngnéithe den chomóradh. Tabharfaidh Patricia Theresa Flynn, Leas-Uachtarán an Metropolitan Water Reclamation District of Greater Chicago, aitheasc, déanfaidh na Chicago Singers cantaireacht agus beidh Quarantine le Eavan Boland á léamh. Cuirfear clabhsúr leis an searmanas le bláthfhleasc á leagan go sollúnta ag Leac Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir i Chicago, Caoineadh á sheinm ag Píobaire, tost agus machnamh ar feadh nóiméid agus Amhrán Náisiúnta na hÉireann.
Ag tagairt dó don ócáid, deir an tAire Patrick O’Donovan TD., a thabharfaidh an príomhaitheasc:
“Eachtra cinniúnach i stair na hÉireann a bhí sa Ghorta Mór. Ní féidir scéal rómhór a dhéanamh den tionchar a bhí aige ar mhuintir na tíre, ar an tír féin agus ar sheanchas na muintire. Scriosadh teaghlaigh agus dreamanna éagsúla, cuireadh athchló ar dhroim na tíre, agus cuireadh tús le scaipeadh na nGael ar fud an domhain, ní a bhfuil tionchar aige ar an saol anuas go dtí an lá inniu.
“Bhí dídean agus athnuachan i gceist le Meiriceá do na Gaeil a thrasnaigh an fharraige siar. D’fhulaing siad cruatan ar deacair a shamhlú anois ach d’eascair oidhreacht ón gcailliúint, forás ón anás. I gcathracha de leithéid Chicago, tháinig sliocht na ndaoine a d’éalaigh ón nGorta Mór chun cinn i réimsí ceannasaíochta, chuir leis an saol poiblí agus chuidigh le ceangal dlúth a chothú a mhaireann agus a leanfaidh idir an dá náisiún.
“Ní hí an chuimhne amháin atá i gceist leis an gcomóradh seo; tá freagracht i gceist freisin. Is dual dúinn, de bharr oidhreacht an Drochshaoil, seasamh le gach aon dream ar fud an domhain a bhfuil ocras, díbirt agus cruatan á fhulaingt acu go fóill sa lá atá inniu ann.”
Eagraíodh Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir, ó cuireadh an comóradh ar bun sa bhliain 2008, i gcathracha éagsúla ar fud an domhain a bhfuil ceangal tréan le hÉirinn acu, Nua-Eabhrac, Sydney, Learpholl agus Toronto ina measc. Tá aitheantas á thabhairt le hócáid na bliana seo i Chicago don chathair sin ina hionad cónaí ag na glúnta de lucht imirce na hÉireann agus ina hionad stairiúil i stair na nGael-Mheiriceánach.
Is fada Páirc na nGael, a bhfuil cothrom 40 bliain ó thráth a bunaithe á cheiliúradh i mbliana, ina bunáit thábhachtach ag pobal na nGael ar an taobh ó dheas den chathair, áit inar buan dúchas agus oidhreacht na hÉireann. Is rí-oiriúnach an t-ionad sin d’ócáid chuimhneacháin na bliana seo, ceangal á nascadh idir stair na hÉireann agus saol agus dúchas shliocht na nÉireannach i Chicago.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
- Cuireadh Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir ar bun sa bhliain 2008 agus tharla a eagrú ó shin i gcathracha éagsúla ar fud an domhain, Nua-Eabhrac, Sydney, Learpholl agus Toronto ina measc.
- Is é searmanas na bliana 2025 an 13ú Cuimhneachán Idirnáisiúnta ar an nGorta Mór.
- I gCúige Chonnacht a eagrófar Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2026, ag cloí leis an ngnás an comóradh a eagrú sna cúigí éagsúla ar a seal.