English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Stáit Jack Chambers i bhFeighil ag Searmanas Bliantúil Comórtha an Ghorta Mhóir i bPáirc Bhéal na mBuillí

Beidh an Taoiseach Micheál Martin i bhfeighil ag Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir i bPáirc Bhéal na mBuillí, Co. Ros Comáin inniu, Dé Domhnaigh, an 15 Bealtaine. Beidh Jack Chambers, an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht agus Príomh-Aoire an Rialtais, in éineacht leis.

Beidh onóracha míleata agus searmanas chun bláthfhleasc a chur i ndílchuimhne orthu siúd a d'fhulaing nó a fuair bás le linn an Ghorta i searmanas Stáit an lae inniu.

Déanfaidh an Taoiseach Micheál Martin T.D. ionadaíocht ar an Rialtas agus beidh onóracha míleata agus leagan bláthfhleasc i searmanas foirmiúil Stáit an lae inniu i ndílchuimhne orthu siúd a d'fhulaing nó a fuair bás le linn an Ghorta.

Leagfaidh a Shoilse, an tArdeaspag Jude Thaddeus Okolo, Déan an Chóir Taidhleoireachta; an Comhairleoir Joe Murphy, Cathaoirleach Chomhairle Chontae Ros Comáin, agus Jim Callery, bunaitheoir Mhúsaem Náisiúnta an Ghorta Mhóir agus Clare McGrath, Cathaoirleach Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann bláthfhleasca chomh maith. Casfaidh an t-amhránaí is scríbhneoir Declan O’Rourke amhráin óna albam, Chronicles of The Great Irish Famine. Craolfar an searmanas ar chainéal Nuachta RTÉ, mar ní bheidh sé oscailte don phobal i mbliana.

Ag labhairt ag an imeacht, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:

“Ní féidir linn an t-easpa dóchais, an fearg agus an caillteanas a mhothaigh na daoine a d'fhulaing le linn an Ghorta Mhóir a shamhlú. Mar sin féin, ceann de na gnéithe is uafásaí de stair an Ghorta Mhóir is ea go bhféadfadh an oiread sin den fhulaingt a sheachaint.

Le linn ár staire, d’iarrtaí orainn cabhrú le daoine ag fulaingt in am an ghátair, cosúil le híospartaigh an Ghorta Mhóir agus tá muintir na hÉireann ag freagairt an ghlao sin leis na glúnta.

Agus muid ag teacht le chéile chun ómós a thabhairt d’íospartaigh an Ghorta Mhóir – na daoine a fuair bás, na daoine ar cuireadh iachall orthu dul ar imirce agus na daoine a d’fhulaing agus a tháinig slán, smaoinímid faoi mhuintir na hÚcráine, chomh maith, a raibh gorta stairiúil acu freisin.

Cuireann Éire fáilte roimh mhuintir na hÚcráine in am an ghátair agus cuireann an ghéarchéim sin in iúl dúinn an tábhacht a bhaineann le daoine a dhéanann rud ar bith is féidir leo a dhéanamh chun cuidiú leo siúd atá i gcruachás. Is léiriú é seo freisin ar an méid atá ar eolas againn faoi na daoine comhbhácha agus flaithiúla sin a chabhraigh le muintir na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir. Níor chóir dearmad a dhéanamh choíche ar na gníomhartha cineálta sin.”

Ag labhairt inniu dúirt an tAire Chambers:

“Ba é an Gorta Mór an tréimhse is dorcha inár gcuid staire. Tugann searmanas an lae inniu deis dúinn comóradh a dhéanamh ar fhulaingt agus teacht aniar íospartaigh an Ghorta Mhóir. Is cuí go reáchtáltar an searmanas comórtha ar an suíomh stairiúil seo in 2022 agus na hullmhúcháin deiridh le haghaidh athoscailt Mhúsaem Náisiúnta an Ghorta Mhóir á gcur i gcrích tar éis athchóiriú mór a dhéanamh."


Nótaí

Níl cead ag an bpobal freastal ar an searmanas, ach craolfar é ar chainéal nuachta RTÉ, RTE.ie agus ar mheáin shóisialta Nuacht RTÉ ag 12 i.n.

Is í seo an dara huair a reáchtálfar an comóradh i bPáirc Bhéal na mBuillí, i mBéal na mBuillí, Co. Ros Comáin, reáchtáladh ann é cheana féin in 2014. Rinneadh athfhorbairt shuntasach ar Mhúsaem Náisiúnta an Ghorta Mhóir le déanaí, áit a gcuirtear beocht i scéal tragóideach Bhéal na mBuillí sa Ghorta Mór trí thaispeántas closamhairc spreagúil. Fuair an tionscadal €5 milliún maoiniú €3.75 milliún ó Fháilte Éireann (Scéim Deontas do Thionscadail Mhóra Turasóireachta 2016-2020) agus maoiniú €1.25 milliún ó Westward Holdings Ltd, i gcomhpháirtíocht le hIontaobhas Oidhreachta na hÉireann, a bhainistíonn an réadmhaoin.

In 2017 eisíodh albam Declan O’Rourke, Chronicles of the Great Irish Famine, a fuair moladh mór ó léirmheastóirí agus a bhuaigh gradaim. Léirigh sé sraith iontach cuntas finné súl, ina measc scéal Phádraig agus Cháit Uí Bhuachalla. Chuir Declan saothar mór taighde air féin dá chéad úrscéal, a foilsíodh ceithre bliana ina dhiaidh sin, a bhfuil scéal mhuintir Uí Bhuachalla fite fuaite ann. Saothar cumhachtach ilshraitheach is ea é a thaispeánann an Gorta mar a tharla trí lionsa bhaile amháin – Maigh Chromtha, Co. Chorcaí – agus an ceantar máguaird.